Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:36 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Agus féach, siní Elisabet, do shiúr, tá leanbh mic ar iompar aici agus í aosda, agus sidé an sémhadh mí aici sin go dtugtar aimrid uirthi.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

36 Agus féach, tá mac gafa ina broinn ag do bhean mhuinteartha, ag Elisabét, freisin, ina seanaois; agus sin an séú mí don bhean sin ar tugadh bean aimrid uirthi.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

36 Agus féach, do bhean ghaoil, Elisabet, ghabh sise fosta mac agus í aosta, agus seo an seiseadh mí díthe-se a dtugtar aimrid uirthí;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Agus féach, Elisabet, do shiúr, do ghabh sise gein ’n‐a sean‐aois, agus is é seo an sémhadh mí aici‐se go dtugadh bean aimrid uirthi.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

36 Agus, féuch, Elisabet do shiur, a tá sisi leis torrach air mhac ann a hárrsuigheachd: agus is sé so an seisiodh mí don mhnáoi úd, dá ngoirthear bean aimrid.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

36 Agus féach, Eiliosaibeit do bhean ghaoil, ghabh sise mac freisin ina seanaois, agus is í seo an séú mí aici siúd a dúradh a bheith aimrid.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

36 Agus féach, Eiliosaibeit do bhean ghaoil, ghabh sise mac freisin ina seanaois, agus is é seo an séú mí aici siúd a dúradh a bheith aimrid.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:36
10 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé léi; Túirliceóchaidh an Spioraid Naomh ort, agus clúdóchaidh cómhacht Dé Aoird thú, agus d’á bhrígh sin tabharfar ar an ngein naomhtha a thiocfaidh uait Mac Dé.


Óir ní bheidh rádh ar bith nách féidir do Dhia.


Do bhí, i n-aimsir Héróid rí Iúdaéa, sagart áirithe dar bh’ainim Sacarias, d’uanuigheacht Abia, agus de shliocht Aaron ab eadh a bhean, agus Elisabet ab ainim di.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí