Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:20 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus féach, beidh tú gan caint, agus ní fhéadfair labhairt go dtí an lá ’n-a gcómhlíonfar na neithe seo, toisg nár chreidis mo chaint-se do thiocfaidh chun cinn ’n-a h-aimsir féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 Agus féach anois, beidh tú i do bhalbhán gan cumas labhartha agat go dtí an lá sin ina dtiocfaidh sé sin uile i gcrích, ós rud é nár chreid tú do mo bhriathra, a bhéas le comhlíonadh nuair a thiocfas an t‑am.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Agus féach, béidh tú gan chainnt agus ní bhéidh tú ábalta labhairt go dtí an lá ina dtárlóchaidh na neithe seo, de bhrígh nár chreid tú mo bhriathra-sa, a chóimhlíonfar ina n-am féin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Agus féach, béid tú id’ thost, agus ní fhéadfair labhairt, go dtí an lá ’n‐a dtiocfaidh na neithe seo chum críche de chionn nár chreidis mo bhriathra‐sa cóimhlíonfar ’n‐a n‐am féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus, féuch, bíaidh tú gan úrlabhra, agus ní bá héidir leachd labhairt, go soithe an lá an a dtiocfaid na neithe so chum críche, do bhrígh nár chréid tu dom bhríathraibhsi, noch coimhlíonfuighear na nam féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 Agus féach, beidh tú i do thost, agus gan ar chumas duit labhairt go dtí an lá a ndéanfar na nithe seo, de bhrí nár chreid tú mo bhriathra a chomh-líonfar ina dtráth féin.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

20 Agus féach, beidh tú i do thost, agus gan ar chumas duit labhairt go dtí an lá a ndéanfar na nithe seo, de bhrí nár chreid tú mo bhriathra a chomhlíonfar ina dtrath féin.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:20
22 Tagairtí Cros  

Fé dheire, bhí an t-aoinne déag acu ’n-a suidhe i bhfochair a chéile, agus thaisbeáin sé é féin dóibh; agus do chas sé leó a ndíthchreideamh agus a ndúrchroidhe, toisg nár chreideadar an mhuintir a chonaic go raibh sé tar éis aiseirighe.


Agus thugadar chuige é. Agus chómh luath agus chonaic sé é d’oibrigh an deamhan ann, agus thuit sé ar an dtalamh ’ghá iomlosg féin agus cúbhar leis.


Agus d’fhreagair an t-aingeal é, agus dubhairt: Is mise Gabriél atá am’ sheasamh i láthair Dé, agus do cuireadh mé chun labhartha leat-sa agus na neithe seo do chraobhsgaoileadh dhuit.


Agus bhí na daoine ag feitheamh le Sacarias, agus bhí iongna ortha é bheith ag déanamh righnis sa teampul.


Agus nuair a tháinig sé amach ní féadfadh sé labhairt leó, agus bhí ’fhios acu go bhfeacaidh sé radharc sa teampul. Agus bhí se ag déanamh cómharthaí dhóibh, agus do lean an bhailbhe air.


Agus is aoibhinn duit-se gur chreidis, óir cómhlíonfar duit na neithe a gealladh duit ó’n dTighearna.


Agus do h-osgladh láithreach a bhéal agus a theanga dhó-san, agus do labhair sé agus do mhol sé Dia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí