Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:19 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus d’fhreagair an t-aingeal é, agus dubhairt: Is mise Gabriél atá am’ sheasamh i láthair Dé, agus do cuireadh mé chun labhartha leat-sa agus na neithe seo do chraobhsgaoileadh dhuit.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Ach ba é freagra an aingil, “Is mise Gabriél, an té a bhíos ina sheasamh i láthair Dé; agus cuireadh uaidh mé le bheith ag caint leat, agus leis an scéal áthasach seo a insint duit.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Agus dubhairt an t-aingeal leis, ghá fhreagairt: Is mise Gabriél, a sheasas ós cómhair Dé, agus cuireadh mé a labhairt leat agus d’innse na scéala maithe seo duit.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus d’fhreagair an t‐aingeal agus adubhairt sé leis, Is mise Gaibrial bhíos im’ sheasamh i láthair Dé; agus do cuireadh mé chum labhartha leat‐sa, agus chum na deagh‐scéala so d’innsin duit.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus ar bhfreagra don aingeal a dubhairt sé ris, Is misi Gabríel, sheasas a bhfíadhnuisi Dé; agus do cuireadh mé do labhairt riotsa, agus dinnsin na núaidheachd maith so dhuit.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Dúirt an t-aingeal leis dá fhreagairt: “Mise Gaibriéil a sheasann i láthair Dé, agus cuireadh mé chun labhartha leat, agus an dea-scéala seo a thabhairt duit.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

19 Dúirt an t‑aingeal leis á fhreagairt: “Mise Gaibriéil a sheasann i láthair Dé, agus cuireadh mé chun labhartha leat, agus na dea-scéala seo a thabhairt duit.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:19
8 Tagairtí Cros  

Tugaidh aire gan neamhshuím a dhéanamh d’aoinne de’n mhuintir bheag san, mar deirim libh go bhfuil radharc do shíor agá n-aingealaibh sin ins na flathais, ar ghnúis m’Athar-sa, atá ins na flathais.


Agus féach, beidh tú gan caint, agus ní fhéadfair labhairt go dtí an lá ’n-a gcómhlíonfar na neithe seo, toisg nár chreidis mo chaint-se do thiocfaidh chun cinn ’n-a h-aimsir féin.


Agus sa sémhadh mí do cuireadh an t-aingeal Gabriél ó Dhia go cathair i nGaililí dar bh’ainim Nasaret,


Agus dubhairt an t-aingeal leó: Ná bíodh eagla oraibh, mar féach, tugaim sgéala dhaoibh ar lúthgháir mhór atá le teacht chun na ndaoine go léir;


Déinidh faire, d’á bhrígh sin, ag dhéanamh úrnuighthe coitchianta, ionus gur bhfiú sibh dul ó sna neithe sin go léir atá te teacht, agus seasamh i láthair Mhic an Duine.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí