Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus d’fhreagair an t‐aingeal agus adubhairt sé leis, Is mise Gaibrial bhíos im’ sheasamh i láthair Dé; agus do cuireadh mé chum labhartha leat‐sa, agus chum na deagh‐scéala so d’innsin duit.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Ach ba é freagra an aingil, “Is mise Gabriél, an té a bhíos ina sheasamh i láthair Dé; agus cuireadh uaidh mé le bheith ag caint leat, agus leis an scéal áthasach seo a insint duit.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Agus dubhairt an t-aingeal leis, ghá fhreagairt: Is mise Gabriél, a sheasas ós cómhair Dé, agus cuireadh mé a labhairt leat agus d’innse na scéala maithe seo duit.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus ar bhfreagra don aingeal a dubhairt sé ris, Is misi Gabríel, sheasas a bhfíadhnuisi Dé; agus do cuireadh mé do labhairt riotsa, agus dinnsin na núaidheachd maith so dhuit.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus d’fhreagair an t-aingeal é, agus dubhairt: Is mise Gabriél atá am’ sheasamh i láthair Dé, agus do cuireadh mé chun labhartha leat-sa agus na neithe seo do chraobhsgaoileadh dhuit.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Dúirt an t-aingeal leis dá fhreagairt: “Mise Gaibriéil a sheasann i láthair Dé, agus cuireadh mé chun labhartha leat, agus an dea-scéala seo a thabhairt duit.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

19 Dúirt an t‑aingeal leis á fhreagairt: “Mise Gaibriéil a sheasann i láthair Dé, agus cuireadh mé chun labhartha leat, agus na dea-scéala seo a thabhairt duit.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:19
8 Tagairtí Cros  

Tabhraidh aire gan dímheas do chaitheamh ar aoinneach de’n mhuinntir bhig seo; óir adeirim libh, go mbíonn a n‐aingil sin, ar neamh, ag sír‐fhéachaint ar ghnúis m’Athar atá ar neamh.


Agus féach, béid tú id’ thost, agus ní fhéadfair labhairt, go dtí an lá ’n‐a dtiocfaidh na neithe seo chum críche de chionn nár chreidis mo bhriathra‐sa cóimhlíonfar ’n‐a n‐am féin.


Agus sa sémhadh mí do cuireadh an t‐aingeal Gaibrial ó Dhia go cathair sa nGalilé darbh ainm Nasair,


Agus adubhairt an t‐aingeal leo, Ná bíodh eagla oraibh; óir, féach, do‐bheirim daoibh deagh‐scéala ar áthas mór bhéas i gcómhair na ndaoine uile:


Acht bidhidh ag faire i gcómhnaidhe, agus ag guidhe, go mbéidh sé de neart agaibh éalódh ó na neithibh sin uile atá le teacht, agus seasamh i láthair Mhic an Duine.


D’á bhrigh sin, ó tá árd‐shagart mór do chuaidh tré na flaitheasaibh againn, Íosa Mac Dé, congbhuighmís ár gcreideamh go daingean.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí