Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus dubhairt an t-aingeal leis: Ná bíodh eagal ort, a Shacariais, óir tá éistithe le t’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean, Elisabet, mac duit, agus tabharfair Eóin mar ainim air;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Ach is é a dúirt an t‑aingeal leis, “Ná bíodh aon eagla ort, a Shecaría,” ar seisean, “mar tá éiste le dʼurnaí, agus béarfaidh do bhean Elisabét mac duit, agus gairfidh tú Eoin de mar ainm.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Acht dubhairt an t-aingeal leis: Ná bíodh eagla ort, a Shacaire, óir h-éisteadh do urnaighe; agus béarfaidh do bhean, Elisabet, mac duit, agus bhéarfaidh tú Eoin mar ainm air.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Acht adubhairt an t‐aingeal leis, Ná bíodh eagla ort, a Shachariais: óir do h‐éisteadh led’ ghuidhe, agus béarfaidh do bhean Elisabet mac duit, agus glaodhfair Eoin mar ainm air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Achd a dubhairt an taingeal ris, Ná bíodh eagla ort, a Shacharías: óir do héisdeadh húrnuighe; agus béaruidh do bhean Elisábet mac dhuit, agus do bhéara tú Eóin mar ainm air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Ach dúirt an t-aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zacairiá, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 Ach dúirt an t‑aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zachairias, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:13
27 Tagairtí Cros  

Agus béarfaidh sí mac, agus tabharfair-se Íosa mar ainim air, óir slánóchaidh sé a dhaoine ó n-a bpeacaíbh.


Agus do labhair Íosa leó láithreach: Glacaidh misneach, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh.


Agus d’fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé leis na mnáibh: Ná bíodh aon eagla oraibh-se; mar tá fhios agam gur bh’é Íosa, do céasadh, atá uaibh.


Agus dubhairt sé leó: Ná glacaidh aon sgannra. Íosa Nasareit a céasadh isé atá uaibh. D’eirigh sé; ní’l sé anso; féach an áit ’n-ar chuireadar é.


Agus beidh áthas agus gáirdeachas ort, agus beidh áthas ar a lán de bhárr é theacht ar an saoghal.


Agus dubhairt an t-aingeal léi: Ná glac eagla, a Mhuire, óir tá grásta fághalta agat i láthair Dé.


Agus nuair a críochnuigheadh an t-ocht lá agus a deineadh an tímpalghearradh ar an leanbh, do tugadh mar ainim air ÍOSA, an ainim a thug an t-aingeal air sar ar gabhadh é sa broinn.


A Chornélius, tá éistithe le d’ ghuidhe agus tá cuimhne ar do dhéirc i láthair Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí