Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:79 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

79 Chun soluis a thabhairt do’n mhuintir atá ’n-a suidhe i ndorchadas agus fé sgáil an bháis; chun ár gcosa do sheóladh i slígh na síothchána.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

79 ag tabhairt solais don dream atá ina suí faoin dorchadas agus faoi scáil an bháis, agus ag seoladh ár gcos go slí na síochána.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

79 A thabhairt soluis dóbhtha sin atá ina suidhe i ndorchadas agus i scáile an bháis, agus ár gcosa a dhíriughadh ar shlighe na síothchána.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

79 Ag soillsiú ortha‐san atá ’n‐a suidhe i ndorchadas agus i scáile an bháis; Ag seoladh ár gcos i slighe na síothchána.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

79 Do thabhairt soillsi don droing do bhí na suidhe a ndorchadas agus a sgáile an bháis, agus do dhíorghadh ar gcos a slighe na síothchána.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

79 chun a soilsithe siúd atá ina suí sa dorchadas agus faoi scáil an bháis; chun ár gcéimeanna a sheoladh ar bhóthar na síochána.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

79 chun a soilsithe siúd atá ina suí sa dorchadas agus faoi scáil an bháis; chun ár gcéimeanna a sheoladh i mbóthar na síochána.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:79
36 Tagairtí Cros  

Pobul a bhí suidhte i ndorchadas, chonacadar solus mór, agus d’eirigh solus do’n mhuintir a bhí suidhte sa n-áit ar a raibh sgamall an bháis.


Solus chun na ngeinte do shoillsiú, agus glóire do d’phobul féin Israél.


Dob’ é sin an solus fíor a shoillsigheann gach duine d’á dtagann ar an saoghal so.


Is am’ sholus do thánag ar an saoghal, ionus, an t-é a chreideann ionam, ná fanfadh sé sa doircheacht.


Agus ansan do labhair Íosa airís agus dubhairt sé: Mise solus an domhain; an t-é a leanfaidh mé ní shiubhlóchaidh sé sa doircheacht, ach beidh aige solus na beatha.


An fhaid atáim ar an saoghal is mé solus an tsaoghail.


Do chuir Dia an briathar chun clainne Israéil, ag fógairt síothchána tré Íosa Críost, (siné is Tighearna ar gach uile nídh):


Chun a súl a osgailt dóibh ionus go n-iompóchaidís ó’n ndoircheacht chun an tsoluis agus ó chómhacht Shátain chun Dé, ionus go bhfaighdís maitheamhnachas peacaí agus inead ameasg naomh tríd an gcreideam atá ionamsa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí