Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus do thárla, tar éis aimsire a dhualgais sagairt do chur dé, gur imthigh sé chun a thighe féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Agus nuair a bhí a sheal oibre críochnaithe aige, dʼfhill sé ansin abhaile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Agus thárla, nuair a bhí laethe a dhualgais cóimhlíonta, gur imthigh sé chun a thighe féin.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Agus tharla, nuair do bhí laethe a dhualgais críochnuighthe aige, gur imthigh sé chum a thighe féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus tárla dhó, an tan do coimhlionadh laéthe a mhiniosdrálachda, go ndeachaidh sé dhá thigh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Nuair a bhí laethanta a sheirbhíse críochnaithe, chuaigh sé abhaile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 Nuair a bhí laethanta a sheirbhíse críochnaithe, chuaigh sé abhaile.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:23
4 Tagairtí Cros  

Agus nuair a tháinig sé amach ní féadfadh sé labhairt leó, agus bhí ’fhios acu go bhfeacaidh sé radharc sa teampul. Agus bhí se ag déanamh cómharthaí dhóibh, agus do lean an bhailbhe air.


Agus tar éis na laethanta san do ghaibh a bhean, Elisabet, gein, agus d’fholaigh sí í féin ar feadh chúig mhí, agus dubhairt sí:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí