Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:32 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Beidh an mac san mór, agus tabharfar Mac Dé Aoird air, agus tabharfaidh an Tighearna Dia dhó an chathaoir rí a bhí agá athair, ag Dáibhid; agus beidh sé ’n-a rí i dteaghlach Iácóib go deó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

32 Ba mhór é, agus tabharfar Mac an Té is Airde air; agus bronnfaidh an Tiarna Dia ríchathaoir a athar Dáibhí air,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

32 Béidh sé sin mór, agus goirfear Mac an té is Áirde de, agus bhéarfaidh an Tighearna Dia dó cathaoir Dháibhidh, a athair, agus béidh sé ina rígh i dteaghlach Iacóib a choidhche,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Béidh sé mór, agus goirfear Mac an Té is Aoirde dhe; agus do‐bhéarfaidh an Tighearna Dia dhó rí‐chathaoir Dháibhi, a athair:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Bíaidh se mór, agus goirfidhear Mac an té is Airde dhe: agus do bhéura an Tighearna Día caithír Dháibhí, athar féin dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

32 Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is Airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó rí-chathaoir Dháiví a athair,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

32 Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó ríchathaoir Dháiví a athair,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:32
39 Tagairtí Cros  

Leabhar geinealaigh Íosa Críost mhic Dáibhid mic Ábrahaim.


Eireóchaidh banríghin na tíre theas i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus daorfaidh sí iad; óir do tháinig sí ó imeall an tsaoghail chun éisteacht le h-eagna Shalomóin. Agus féach duine is mó ’ná Salomón anso.


Agus tháinig Íosa agus do labhair sé leó, agus dubhairt: Do tugadh dómh-sa gach cómhacht ar neamh agus ar talamh.


Táim-se ag bhúr mbaiste le h-uisge chun aithrighe, ach an t-é atá ag teacht am’ dhiaidh is cómhachtaíghe é ’ná mise, agus ní fiú me go ndéanfainn a bhróga d’iompar; baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine.


Ach níor labhair seisean agus níor thug sé aon fhreagra. Agus do cheistigh an t-árdshagart é, agus dubhairt sé: An tusa Críost Mac Dé bheannuighthe?


Agus do liúigh sé do ghuth árd agus dubhairt: Cad é an chuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Mhic Dé is aoirde? Iarraim ort i n-ainim Dé gan mé phianadh.


Óir beidh sé mór i láthair Dé, agus ní ólfaidh sé fíon ná deoch mheisgeamhail, agus beidh sé lán de’n Spioraid Naomh ó bhroinn a mháthar féin.


Agus d’fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé léi; Túirliceóchaidh an Spioraid Naomh ort, agus clúdóchaidh cómhacht Dé Aoird thú, agus d’á bhrígh sin tabharfar ar an ngein naomhtha a thiocfaidh uait Mac Dé.


Agus tusa, a leinbh, tabharfar ort fáidh an Árd-Dhia, óir gluaiseóchair roimis an dTighearna amach ag ollamhú na slighe dhó,


Agus d’fhreagair Eóin agus dubhairt leó go léir: Táim-se ag bhúr mbaisteadh le h-uisge; ach tiocfaidh duine is treise ’ná mé, duine nách fiú mé go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh. Baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine.


Ach deinidh-se grádh thabhairt d’bhúr namhaid; deinidh maith, agus tugaidh iasacht uaibh, gan súil le nídh dh’á bhárr, agus beidh bhúr luacht saothair líonmhar, agus beidh sibh i nbhúr gclainn ag Dia na glóire; óir bíonn sé féin go maith do dhaoine ná gabhann a bhuidheachas leis, agus do dhroch-dhaoine.


D’fhreagair na daoine é: D’airigheamair-ne as an ndlígh Críost a bheith ann do shíor: agus conus a deirir-se nach foláir Mac an Duine d’árdú? Cé h-é an Mac san an Duine?


Agus d’fhreagair Símón Peadar é: A Thighearna, cé chuige go raghaimíd? Is agat-sa atáid bréithre na beatha síoruidhe.


Agus do lean sí Pól agus sinne, agus í ag liúirigh agus deireadh sí: Seirbhísigh do’n árd-Dhia iseadh na fir sin, agus táid siad ag innsint slighe bhúr slánuighthe dhaoibh.


Fáid ab eadh é agus bhí ’fhios aige gur dhearbhuigh Dia dhó go suidhfeadh aon de shíol a árann ’n-a chathaoir,


Bíodh a fhios dá bhrígh sin, go dearbhtha ag gach teaghlach i n-Israél, Íosa so a dheineabhairse a tárnáil ar chrois, gur dhein Dia Tighearna dhe agus Críost.


Ach ní h-i ndéantús lámh a chómhnuigheann an dúileamh, mar adeir an fáidh:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí