Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:32 - An Bíobla Naofa 1981

32 Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó ríchathaoir Dháiví a athair,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

32 Ba mhór é, agus tabharfar Mac an Té is Airde air; agus bronnfaidh an Tiarna Dia ríchathaoir a athar Dáibhí air,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

32 Béidh sé sin mór, agus goirfear Mac an té is Áirde de, agus bhéarfaidh an Tighearna Dia dó cathaoir Dháibhidh, a athair, agus béidh sé ina rígh i dteaghlach Iacóib a choidhche,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Béidh sé mór, agus goirfear Mac an Té is Aoirde dhe; agus do‐bhéarfaidh an Tighearna Dia dhó rí‐chathaoir Dháibhi, a athair:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Bíaidh se mór, agus goirfidhear Mac an té is Airde dhe: agus do bhéura an Tighearna Día caithír Dháibhí, athar féin dhó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Beidh an mac san mór, agus tabharfar Mac Dé Aoird air, agus tabharfaidh an Tighearna Dia dhó an chathaoir rí a bhí agá athair, ag Dáibhid; agus beidh sé ’n-a rí i dteaghlach Iácóib go deó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

32 Beidh sé mór, agus glaofar Mac an Té is Airde air, agus tabharfaidh an Tiarna Dia dó rí-chathaoir Dháiví a athair,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:32
39 Tagairtí Cros  

Seasfaidh do theaghlach agus do fhlaitheas i gcónaí go daingean romham agus daingneofar do ríchathaoir go deo.’ ”


Mhionnaigh an Tiarna do Dháiví, briathar daingean nach rachaidh sé siar air: “Is é mac do cholainne féin a chuirfidh mé ar do chathaoir ríoga.


Má choimeádann do chlann mo chonradh, agus na teagaisc a mhúinfidh mé dóibh, beidh a gclann siúd freisin go brách ina suí ar do chathaoir ríoga.”


is ann a bhunófar an chathaoir ríoga faoi chineáltas, agus beidh ina shuí inti faoi dhílseacht, i mboth Dháiví, breitheamh ar mór leis an ceart agus ar luath chuige cíocras na córach.”


ansin tiocfaidh i gcrích go leanfaidh ríthe a bheidh ina suí i ríchathaoir Dháiví ag dul isteach i ngeataí na cathrach seo, ag marcaíocht ar charbaid agus eachra, iad féin agus a n‑airí, in éineacht le fir Iúdá agus cathróirí Iarúsailéim. Agus áitreofar an chathair seo go brách.


‘Éist le briathar an Tiarna, a rí Iúdá, a shuíonn i ríchathaoir Dháiví, thusa agus do sheirbhísigh agus do mhuintir a théann na geataí seo isteach.


Leabhar ghinealach Íosa Críost, mac Dháiví, mac Abrahám.


Éireoidh banríon an deiscirt in am an bhreithiúnais leis an nglúin seo agus daorfaidh sí í, óir tháinig sise as imill na cruinne ag éisteacht le heagna Sholaimh, agus tá anseo neach is mó ná Solamh.”


Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.


Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, i gcomhair na haithrí; ach an té atá ag teacht i mo dhiaidh is treise é ná mise, agus ní fiú mé a bhróga a bhaint de: baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.


Ach d'fhan sé ina thost agus níor thug sé aon fhreagra. Chuir an t‑ardsagart ceist chuige arís agus dúirt sé leis: “An tú an Críost, Mac an Bheannaithe?”


agus ag screadach de ghlór ard dúirt: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Cuirim ort, as ucht Dé, gan mé a chrá,”


Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar,


Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air.


Agus tusa, a leanbh, glaofar ortsa fáidh an Té is Airde, óir gluaisfidh tú roimh an Tiarna ag ullmhú a bhóthar,


d'fhreagair Eoin á rá leo uile: “Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.


Ach bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith agus tugaigí iasacht gan súil le cúiteamh ar bith, agus is mór é bhur dtuarastal, agus beidh sibh in bhur gclann don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine díomaíocha agus le drochdhaoine.


D'fhreagair an slua é ansin: “Chualamar ón dlí go bhfanfaidh Críost go deo, agus cén chaoi a ndeir tú nach foláir Mac an Duine a ardú? Cé hé an Mac seo an Duine?”


agus chreideamar agus tá a fhios againn gur tusa Neach Naofa Dé.”


Chrom sí ar Phól agus sinne a leanúint agus í ag screadach: “Seirbhísigh don Dia ró-ard is ea na fir seo,” a deireadh sí, “agus tá bealach bhur slánaithe á fhógairt acu daoibh.”


Ach ó tharla gurbh fháidh é agus a fhios aige gur mhionnaigh Dia dó go gcuirfeadh sé duine dá shliocht ar a ríchathaoir,


“Más ea, bíodh a fhios go dearfa ag teaghlach Iosrael ar fad go ndearna Dia Tiarna agus Meisias den Íosa seo a chéas sibhse ar chrois.”


Ar a shon sin ní chónaíonn an té is airde i dtithe lámhdhéanta, de réir mar a deir an fáidh:


ach sa mhéid gur spiorad na naofachta é tá sé oirnithe i gcumhacht mar Mhac do Dhia ó aiséirí dó ó mhairbh.


“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i bhFilideilfia: ‘Mar seo a deir an té is naofa, an té is fírinneach, an té ag a bhfuil eochair Dháiví, an té a osclaíonn agus nach ndúnann aon duine:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí