Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:31 - An Bíobla Naofa 1981

31 Agus féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

31 Agus féach, gabhfaidh tú i do bhroinn agus beidh mac agat, agus gairfidh tú Íosa dʼainm air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

31 Féach, gabhfaidh tú i do bhroinn, agus bhéarfaidh tú mac ar an tsaoghal, agus bhéarfaidh tú Íosa mar ainm air.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Agus féach, geobhair gein id’ bhroinn, agus béarfair mac, agus glaodhfair ÍOSA mar ainm air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Agus, féuch, bíaidh tú torrach ad bhruinn, agus béaraidh tú mac, agus do bhéara tú IOSA dainm air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Féach, geobhair gein ad’ bhroinn, agus béarfair mac, agus tabharfair Íosa mar ainim air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

31 Agus féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:31
10 Tagairtí Cros  

Gura tú ábhar lúcháire d'athar agus suáilceas na mná a d'iompair thú!


Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.


Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”


“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,” - ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.


Ach dúirt an t‑aingeal leis: “Ná bíodh eagla ort, a Zachairias, óir tá éiste le do ghuí, agus béarfaidh do bhean Eiliosaibeit mac duit, agus tabharfaidh tú Eoin mar ainm air.


chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus b'é ab ainm don mhaighdean, Muire.


Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, mar a thug an t‑aingeal air sular gabhadh sa bhroinn é.


“Dá bhrí sin, glaonn Dáiví Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?”


Ach nuair a tháinig iomláine na haimsire, sheol Dia uaidh a mhac, a rugadh ó bhean agus é faoi smacht an dlí,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí