Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 13:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Fágann an fear maith oidhreacht ag sliocht a shleachta; ach is ar mhaithe leis an bhfíréan a bhíonn maoin an pheacaigh á cnuasach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Fágbhuidh an duine maith oighreacht ag cloinn a chloinne: agus cuirthear maóin an pheacaidh a stór do nionnruic.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 13:22
11 Tagairtí Cros  

Uime sin ná tugaigí bhur iníonacha mar mhná chéile dá mic, agus ná tógaigí a n‑iníonachasan mar mhná do bhur mic féin; ná bíodh mairg oraibh faoina síocháin ná faoina gconách siúd, i dtreo go rachadh sibh féin i neart, go n‑íosfadh sibh togha torthaí na tíre agus go bhfagfadh sibh é mar oidhreacht ag bhur sliocht go brách.’


ach bíonn tusa gan claochlú gan críoch le do laethanta.


Beidh a shliocht siúd go tréan ar talamh; is beannaithe clann an duine ionraic.


Go bhfeice tú clann do chlainne agus séan ar Iarúsailéim. Síocháin go raibh ar Iosrael.


Bhí mé óg, agus anois tá mé aosta, ach ní fhaca mé riamh an fíréan á thréigean ná a shliocht ag iarraidh a gcoda.


Sliocht a sleachta coróin na sean; a n‑athair glóir na clainne.


An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht, is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach.


Mar cé hé ar féidir dó ithe ná ól ar neamhchead dó?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí