A léitheoir, tá an fíon luaite go minic sa Bhíobla, agus tá ról suntasach aige i scéalta éagsúla. Is minic a úsáidtear é mar shiombail na háthais agus na ceiliúrtha, ach pléitear a chuid contúirtí chomh maith.
Is féidir leis an bhfíon beannacht nó guais a léiriú, ag brath ar an gcomhthéacs. Sa Sean-Tiomna, mar shampla, cuirtear an fíon i gcomhar leis an raidhse agus le beannacht Dé. Cuimhnigh ar Noah i Leabhar Gheineas, ag cur fíniúna tar éis na Díleann agus ag táirgeadh fíonchaora chun fíon a dhéanamh. Léiriú a bhí ann ar thoradh na talún agus ar bheannacht Dé don chine daonna.
Ach tugtar rabhadh dúinn sna Scrioptúir faoi na contúirtí a bhaineann le mí-úsáid an fhíona. Sa Leabhar Seanfhocal, deirtear gur féidir leis an bhfíon a bheith ina chathú agus go bhféadfadh sé meisce agus easpa breithiúnais a bheith mar thoradh air. Spreagtar sinn chun an iomarca a sheachaint agus smacht a choinneáil ar ár ngníomhartha.
Sa Tiomna Nua, déanann Íosa a chéad mhíorúilt ag bainis i gCána, ag athrú uisce go fíon. Siombail dá chumhacht atá ann agus léiríonn sé a dhúil áthas agus lúcháir a thabhairt dár saol. Ach, tá sé tábhachtach cuimhneamh gur spreag Íosa i gcónaí measarthacht agus meon socair. Mar sin, déanaimis gach rud go cuí agus in ord.
Agus ná bíghidh ar meisge ó fhíon, iona bhfuil cráos; achd bíghidh ar bhur líonadh don Sbioruid;
¶ Imthigh romhad, ith harán maille re sólás, agus ibh thfíon le croidhe súgach; óir gabhuidh Día anois hoibreacha.
Im bó, agus bainne cáorach, maille ré méathas úan, agus reitheadh do shíolradh Básau, agus gabhar, maille ré méathas dubhán na cruithneachda; agus do ibh tú fuil ghlan na ccáor.
Agus do thósuigh Naói ar bheith na chríadhaire, agus do phlannduigh gardha fíneamhna. Agus do ibh sé do nfhion, agus do bhí sé ar meisge; agus do bhí sé lomnochda a stigh sa phailliun.
Díarr mé ann mo chroidhe mé féin do thabhairt dfíon, (achd ag cur dúil mo chroidhe ar eagna); agus greim do ghlacadh don leimhe, nó go bhfaicinn cred budh maith do mhacaibh na ndáoine, do dhéanaidís faói neamh ar feadh uile láethe a mbeatha.
Agus tug Melchisedec righ Sálem amach arán agus fión; agus do bé sagart an Dé ro áird é.
Ná híbh uisge ní sa mhó, achd cleachd beagan fíona ar son do ghaile agus héugcruás minic.
Agus do fhreagair Isaac agus a dubhairt re Hesau, Féuch, do rinne me eision na thighearna ort, agus tug mé a dhearbhraithre uile na serbhíseachuibh dhó; agus lé harbhar, agus le fíon do chonnuimh mé súas é: agus créad do dhéun riotsa a nois, a mhic?
Agus le háon úan an deachmhadh rann plúir comaisce leis an gceathramhadh cuid do hin dola bhúailte: agus an ceathramhadh cuid do hin fhíona mar ofráil díghe.
Ná hibhidh fíon nó deoch ládir, thusa, nó do mhic maille leachd, a nuáir rachtáoi go tabérnacuil an chomhchruinnighthe, deagla go bhfuigheadh sibh bás: biáidh sin na reachd go bráth ar feadh bhur ngeinealach:
¶ Agus a dubhairt an rígh re Hester ag fleidh an nfíona, Cred í hathchuinge? agus do gheabha tú í: agus cred é híarratus? eadhon go nuige leath na rioghachta coimhlíonfuighthear é.
Agus budh hé a ofráil bídh sin dhá dheich gcuid do phlúr mhin chumaiscthe lé hola, mar ofráil déanta lé teinidh don TIGHEARNA mar bholadh cumhra: agus a hofráil dighe sin is dfíon bhias, eadhon an ceathramhadh cuid do hin.
Do rinne an rígh Belsassar féusta mór do mhíle dhá thighearnadhuibh, agus dibh sé fíon as coinne an mhíle sin.
Dibhiodar fíon, agus do mholadar na dée óir, agus airgid, agus práis, agus íaruinn, agus crainn, agus cloiche.
Seachonuídh sé é féin ar fhion agus ar dhigh láidir, agus ní iobhá fineagra fíona, nó fineagra dígh láidre, águs ni mó ibhthios deoch do shúgh caor ar bith, ní mo iósas caora fliucha no tiorma.
Acht dárduighis thú féin a naghaidh Thighearna neimhe; agus thugadar soighthighe a thighe ann thfíaghnuisi, agus dibh tusa, agus do thighearnadha, do mhná, agus do leannáin, fíon asda; agus do mhol tú na dée airgid, agus óir, práis, íaruinn, crainn, agus cloiche, nach bhfaicionn, nach ccluin, agus nach feasach: agus ní thug tú glóir do Dhía, a láimh a bhfuil hanál, agus gur leis huile shlighthe:
Agus do bhéura tú an tairgiod sin ar gidh bé ní a mbía dúíl ag hinntin ann, ar dhamhuibh, nó ar chaorchuibh, nó ar fhionn, nó ar dhigh láidir, gidh bé ní bhus toil led inntinn: agus íosa tú annsin a bhfiadhnuisi do THIGHEARNA Dé, agus do dhéana tú gáirdeachus, thú fein, agus do mhuintir,
Agus leagfuid íad féin síos air éaduighibh chuirthior a ngeall ag a nuile altóir, agus ibhid fíon an damnaighthe a ttighe a Ndé.
Do bheir sé air an bhféur fás do náirnéis, agus an luibh chum maitheasa an duine: chum aráin do thabhairt amach as an ttalamh; Noch do gháirdighios croidhe an duine re fíon, bheir ar aghaidh deálrughadh re hola, agus neartuighios croidhe an duine re harán.
Noch ibhios fíon a mbulladhuibh, agus ungas íad féin leis na holuighibh is toghtha: acht ní bhfuil doilghios orra ar son anshógh Ióseph.
Noch do gháirdighios croidhe an duine re fíon, bheir ar aghaidh deálrughadh re hola, agus neartuighios croidhe an duine re harán.
Agus do bhéara mé a rís ar a nais braighde mo phobail Israel, agus cuirfid súas na caithreacha fásuidh, agus áiteochuid íad; agus plainndeochuid fineamhna, agus iobhuid a fíon sin; do dhéanuid fós gáirdínighe, agus íosuid dá ttoradh.
Is mealtaire an fhíon, is buileamhuil an deoch láidir: agus gidh be méalltar léo sín ní bhfuil sé críonna.
As indéunta gan feóil dithe, ná fíon dibhe, na éainni tré bhfuighe do dhearbhráthair tuisleadh, nó oilbhéim, nó tré a ndéantáoi éugcruáidh é.
Agus gléusfa tú ceathramhadh do hin fhíona mar ofráil dighe maille re hofráil loiscthe nó lé híodhbuirt, ar son gach úain.
An drong fhanas a bhfad ag an bhfíon; an lucht théid díarruidh a nfiona chumaisge. Ná féuchsa air an bhfíon a nuáir bhíos sé dearg, a nuáir thaisbeanas sé a dhath annsa chupán, a nuáir chorruighios sé é féin go díreach. Fá dheireadh gortuigh sé amhuil naithir nimhe, agus cealgaidh sé amhuil adder. Do chithfid do shúile mná coimhthigheacha, agus laibheoruidh do chroidhe neithe neamhchubhaidh. Biáidh tú fós, do nós an té luidhios síos a meadhón na fairge, nó mar an té luighios a mullach an chrainn seóil. Do bhuaileadar mé, a deir tú, agus ni raibh mé tinn; do ghabhadar orum, agus níor mhothuigh mé: cá huáir mhúisceolas mé? íarrfa mé fós a rís é.
Agus gráidheochuigh sé thú, agus beinneochuidh sé thú, agus méideochuidh sé thú: agus beinneochuidh sé mar an gcéadna toradh do bhronn, agus toradh thfearuinn, harbhar, agus thfíon, agus hola, agus ionnláoghas do bhó, agus tréada do cháorach, ann sa dúthaigh noch do mhionnuigh sé dod aithribh do thabhairt dhuitsi.
Agus fós go nitheadh agus go nibheadh gach aonduine, agus go solásuigheadh sé iona uile sháothar féin, sé sin tiodhlacadh Dé.
Tugadar bhíneigre agus domblas tri na chéile ré nól dhó: agus an tan do bhláis sé é, níor bháill leis a ól.
¶ Agus tiucfuidh a ccrích annsa ló sin, go filfid na sléibhthe fíon núadh a núas, agus líonfuid na cnoic le bainne, agus tuileochuid uile shrotha Iúdah le huisgeadhuibh, agus tiucfuidh tobar amach as tigh an TIGHEARNA, agus fliuchfuidh sé gleann Shittim.
¶ Atá mo chroidhe ionnam a stigh briste, do bhrígh na bhfágh, criothnuighid mo chnámha uile; is cosmhuil ré fear meisce mé, agus is cosmhuil re fear noch do chlaóidhigh fíon mé, do bhrigh an TIGHEARNA, agus do bhrígh bhriathar a náomhthachta.
Ho, tigeadh gach uile dhuine tartmhar, chum na nuisgeadh, agus an té ag nach bhfuil airgiod; tigidhse, ceannchuidh, agus ithidh, tigidh, fós, ceannchaidh fíon agus bainne gan airgiod agus gan lúach.
Agus mar an gcéadna an cupán fós tar éis suipéir, ag rádh, A sé an cupánsa an tiomna núa ann mfhuilsi, dhóirtear ar bhar sonsa.
Agus a dubhairt sé, Tabhair láimh rium é, agus iosuidh mé dfíadhach mo mhic, go mbeannuighe manam thú. Agus tug na chomhghar é, agus a dúaigh: agus tug fíon chuige agus do ibh sé.
Uimesin tiucfuid síad agus canfuid a mullach Shion, agus tuileochuid a naóinfheacht chum maitheasa an TIGHEARNA, ar son cruithneacht, agus ar son fíona nuáidh, agus ar son ola, agus ar son óg an tréada agus na háirghe: agus biáidh a nanam amhuil gáirdín ar na fhliuchadh; agus ní chaóidhfid nísa mhó ar áonchor.
Agus féuch gáirdeachus agus lúathgháir, re marbhadh damh, agus re marbhadh cáorach, re ithe feóla, agus re ól fíona: gha radh, Itheam agus ibhiom; óir racham déug a márach.
Agus ní chuirid daóine fíon núa a seanbhuidéulaibh: nó brisdear na buidéil, agus dóirtear an fíon, agus téid na buidéil a múgha: achd cuirid síad fíon núa a mbuidéulaibh núadha, agus bíd síad aráon slán.
¶ Agus annsa tsliabhso do dhéana TIGHEARNA slógh féusta do nuile phobal do neithibh méithe, féusta fiona ar na thaisgidh a bhfad, neithe méithe lán do smior, agus dfíon ar na thaisgidh a bhfad agus ar na tharruing go maith.
An té ghrádhuighios aoibhnios biáidh sé na dhuine bhocht: an té ghrádhuighios fion agus ola ní bhíaidh sé saidhbhir.
A deirim ribh, Uadh só súas ni íobha mé don toradhsa na fíneamhna, go soithe an lá úd an a niobha mé é go nuá máille ribhsi a rioghachd Mathar.
A deirim ribh go fírinneach, Nach iobha mé feasda do thoradh na fíneamhna, go nuige an lá úd an a niobha mé núa é a rioghachd Dé.
Níor itheabhair arán, agus níor ibheabhair fíon no deoch láidir: chor go mbía a fhios aguibh gur misi bhur TTIGHEARNA Día.
Agus ní chuireann neach ar bith fíon núa a seanbhuidéuluibh: nó brisidh an fíon núa na buidéil, agus dóirteár an fíon, agus téid na buidéil a mugha: achd is a mbuidéuluibh núadha is cóir fion núa do chur.
Agus ní chuireann duine ar bith fíon núa a seanbhuidéuluibh; nó brisfidh an fíon núa na buidéil, agus dóirtfidhear an fíon agus rachuid na buidéil a múgba. Achd fíon núa is cóir do chur a mbuidéuluibh núadha; agus béid síad aráon slán.
Tháinic Mac an duine ag ithe agus ag ól; agus a deirthí, Feuch an duine cráosach, fioníobhaighe cara na bpuibliocán agus na bpeachthach!
Agus an treas lá do rinneadh pósadh ag Cána na Galilé; agus do bhí máthair Iósa ann: Agus a dubhairt sé ris, Cuiridh gach uile dhuine an fíon maith amach ar tús, agus an tan ibhid dáoine a sáith, ann sin an fíon as measa: achd do choimhéud tusa an fíon maith gus a nois. As é so tosach míorbhuile do rinne Iósa a Gcána na Galilé, agus dfoillsigh sé a ghloír féin; agus do chreideadar a dheisciobail ann.
Ní héidir libh cupán an Tighearna díbhe, agus cupán na ndeamhan: ní héidir libh comhruinn bhuird an Tighearna dfagháil, agus bhuird na ndeamhan.
Agus an cupán mar an gcéudna, tar éis suipéir, ag rádh, A sé an cupánsa an tiomna núadh trém fhuilse: déunaidh so, dhá mhioncachd íbhthi é, mar choimhniughadh oramsa.
Ar mbeith líonta do thórrthuibh fíréuntachda, noch tré Iósa Críosd, lionus chum glóire agus molta Dé.
Na mná áosda mar an gcéudna, a naibíd iomchubhaidh do náomhthachd, gan bheith na luchd eílighe go héugcoir, gan íad féin do thabhairt go hiomarcach dfíon, na luchd teaguisg neitheann maith;
Atá altóir aguinne, dá nach bhfuil a gcúmhachdaibh na druing do ní seirbhis don tabearnácail ní íthe.
Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas, Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd, Tnúth, dúnmharbhadh, meisge, cráos, agus a samhail sin: ar a labhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nach bhfuighe an drung do ní a samhail so óighreachda rioghachda Dé.
Oír atá cupán a láimh an TIGHEARNA, agus atá an fíon dearg; lán do chumasc; agus dóirtigh sé as amach: a dheasgaidh sin amháin, fháisgfid uile pheacaidh na talmhan, agus ibhid.
Gléusfa tú bórd fám choinne a bhfiaghnuise mo námhad: do ungaidh tú mo cheann le hola, atá mo chupán ag cur thairis.
Ann sin do mhúscuil an TIGHEARNA mar dhuine na chodladh, agus mar dhuine árrachta ag gárrtha tre fhíon. Agus do bhuáil a naimhde iona ndeireadh: thug sé scannail shíorruidhe dhóibh.
Agus do labhradar an luchd shuighios annsa gheata am aghaidh; agus an lucht ibhios deoch láidir do rinneadar abhrán orum.
Tabhraidh deoch láidir don tí atá réidh chum dul a mugha, agus fíon don druing bhíos tromchroidheach. Ibhiodh sé deoch, agus dearmuideadh sé a bhochtuine, agus ná cuimhnígheadh sé a amhgar ní is mó.
Caóidhigh an fíon núadh, do laguigheadh a nfíneamhuin, agus osnuighid na croidhthe súgach uile.
Cred fá ccaithighe airgiod ar ní nach arán? agus bhur sáothar re ní nach sásuigheann? eístigh go dúthrachtach riomsa, agus ithidh an ní is maith, agus bíodh dúil ag bhur manam a méuthus.
Agus do chuir mé as coinne mhac tighe na Rechabíteach potadha lán dfíon, agus cupáin, agus a dúbhairt mé ríu, Ibhidh fíon. Acht a dúbhradarsan, Ní iobhuimne fíon: óir daithin Ionadab mhac Rechab ar nathair inn, gha rádh, Ní iobhfuidhesi fíon, sibh féin, nó bhur mic go bráth:
Do bhí Damascus na ceannuighe agad a niomad na nearradh do nitheá, do bhrígh iomadamhlacht do nuile shaidhbhrios; a bhfíon Helbon, agus a noluinn bháin.
Múscluidh, a lucht na meisce, agus guilidh; agus nualluidh, a uile lucht óla fiona, do bhrígh a nfíona nuáidh; óir do gearradh ó bhur mbéul é.
Má deir neach bréug, ag siubhal annsa spioraid agus a neimhfhírinne, ag radh, Tairrghirfidh misi dhuit ar fhíon agus air dhigh láidir; budh é sin féin faigh an phobailsi.
Agus biáidh Ephraim amhuil duine cumasach, agus gáirdeachuidh a ccroidhe amhuil budh tré fhíon: fós, do chífid a cclann é, agus béid lúathghaireach; agus gáirdeochuidh a ccroidhe annsa TIGHEARNA.
Tháinic Mac an duine ag ithe agus ag ól, agus a deirid, Féuch an duine cráosach, agus pótaire fíona, cara na bpuibliocánach agus na bpeacthach. Gidheadh a tá an ghliocas ar na sáoradh ó na cloinn féin.
Agus ar mbreíth ar an gcupan dó, agus ar dtabhairt buidheachuis, tug sé dhóibh é, ag rádh, Ibhidh uile as so;
Agus ar nglacadh an chupáin dó, an tan rug sé buidheachus, tug sé dhóibhsin é: agus do ibheadar uile as.
Oir bíaidh sé na dhuine mhór a bhfíadhnuisi an Tighearna, agus ni íobha sé fíon na deoch láidir; agus fós bíaidh sé lan don Spiorad Náomh, ó bhroinn a mháthar.
Agus ar ndrud ris, do cheangail sé a chneadha, ag dortadh ola agus fióna ionnta, agus ar na chuir air a ainmhidhe féin dó, rug sé leis go tigh ósda é, agus do ghabh sé cúram na thimcheall.
Agus a dhearbhráithreacha, as dearbh leamsa féin bhir dtáobhsa, go bhfuilti lán do mhaith, ar mbeith dháoibh líonta do ghach uile éolas, agus go dtig dháoibh fós a chéile do theagusg.
Oír íthidh gach áon a shuipéir fein air tús: agus bí ocarus ar dhuine aguibh, agus duine eile ar misge. A né nach bhfuil tighthe aguibh chum íthe agus íbhthe? nó an bhfuiltí ag tarcaisniughadh eagluisi Dé, agus ag tabhairt náire don druing atá gan éainní? Créud a déura mé libh? an molfad sibh? ní mholaim sibh sa gcássa.
A né nach é cumáoin fhola Chríosd, cupán na mbeannachd do níomáoidne do bheannughadh? A né nách é cumáoin choirp Chríosd, an tarán bhrismíd?
Oír atá grádh Chríosd dar mbrosdughadh; ar na bhreathnughadh so dhúinn, eadhon má fuáir éunduine bás ar son na nuile, go bhfúaradar uile bás:
Oír an drung as le Críosd do cheusadar an cholan maille ré na toil agus ré na míanghusuibh.
Uime sin mar atá cómhfhurtachd ar bith a Gcríosd, má atá sólas ar bith grádha, má atá cumann ar bith Sbioruide, má atá truáighe ar bith nó trócaire, Ionnus go ccromthadh gach uile ghlún dainm Iósa, eadhon glúine na neitheann atá ar neamh, agus ar talamh, agus fáoi an dtalamh; Agus go naidmheóchadh gach uile theanguidh gur ab é Iósa Críosd an Tighearna, chum glóire Dé Athar. Uime sin, a chaired, amhuil tug sibh úmhlachd uáibh a goimhnuidhe, ní hé amháin dom láthairse, achd a nois go mórmhór ar mbeith dhamh bhur bhféugmhuis, sáothruighe bhur slánughadh féin maille ré faitchéas agus ré criothnughadh. Oír a sé Día oibrigheas ionnuibh an toil agus an gníomh do réir a dheaghthola. Déunuidh na huile neithe gan mhonbhar agus gan challóid: Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal; Ag síneadh bhréithre na beatha uáibh amach; ionnus go dtiucfadh dhíomsa mórdháil do dhéunamh a ló Chríosd, nár rioth mé go díomháoin, agus nár sháothruidh mé go díomháóin. Achd fós, bíodh go bhfuilim dom íodhbairt ar muin íodhbartha agus sheirbhíse bhur gcreidimhse, atá lúathgháir oram, agus gáirdeachas má ráon libhse uile. Ar son a nadhbhair chéudna déanuighse fós lúathgháir, agus gáirdeachas má ráon riomsa. Agus atá muinighin agum sa Dtíghearna Iósa ré Timoteus do chur chuguibh go haithghearr, ionnus go mbéinn deighmheisnigh, ar bhfagháil fheasa créud as cor dhíbhse. Coimhlíonuidh mo gháirdeachasa, ré bheith díbh déininntinn, dáonghrádh, déuntoil, agus déinbhreitheamhnas.
Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean.
Uime sin ná déunam codladh, do nó cháich; achd déunam faire agus bíom measárrdha. Oír an dream chodlas is ann sa noidhche chodluid síad; agus an dream ar a mbí misge is an sa noidhche bhíd ar misge. Gidheadh sinne, atá ar gcloinn ag an lá, bímid meassardha, ar gcur éidigh ochda an chreidimh agus an ghrádha iomuinn; agus mhúinighne an tslánuighthe, mar chlogaid.
Achd is don luchd thig chum áóisi fhóghnas an biádh laidir, agá bhfuilid a gcéúdfadha tré ghnáthughadh fhada ar na gcleachdadh chum eidirdhealuighe maitheasa agus uilc.
An bhfuil éinneach eadruibh ar na bhuáidhreadh? déunadh sé urnuighe. An bhfuil subhachas ar éinneach? cánadh sé sailm. An bhfuil éinneach éugruáidh eadruibh? cuireadh sé fios ar shinnsearuibh na heagluise, agus déunuidís guídhe ar a shon, ar na ungadh dhóibh ré hola a nainm an Tíghearna:
Oír is lór dhúinn an mhéid do chuáidh thoruinn dár mbeatha do chaitheamh réir thola na Gcineadhach, ar mbeith dhúinn ag siúbhal a macnas, a nainmhíanuibh, a meisge, a gcráos, a bpótaireachd agus a níodhaladhradh aindlightheach:
Agus do ghéubhuid síad túarasdal na héugcora, mar an druing mheasas gur sáimhe sógh gach láoi. Buill cháidheachda shalcha, bhíos lán dfonn ann a mealltóireachd féin an tan bhíd bhur bhfochair ar fhéusduidhibh;
Oír thusa, a THIGHEARNA, beannocha tú an fíréun; le fabhar timchiollfar é amhuil budh le scéith.
Asi a neagna an ní is oirdheirce; uimesin fagh eagna: agus maille red uile fhagháil fagh tuigse.
Agus do rugadh an lúathgháir ar siubhal, agus sólás as an machaire thóirtheamhuil; agus ní bhía céol ar bith annsna fíneamhnuibh, agus ní bhía gáir air bith: an luchd saltairte ní sháilteoruid fíon ar bith ann na nomaruibh; thug mé ar gháir thfíneamhnach scur.
Agus nach duáigh sé ar na sléibhtibh, nach mó do thóg a shúile súas chum iodhal thighe Israel, nach mó do shaluidh bean a chomharsan, nach mó tháinic láimh ré mnaói fhola míos,
Féuch, tiucfuid na laéthe, a deir an TIGHEARNA, go mbéaruidh an toireamh air an mbúanuighe, agus fear bhrúite na ccáor air an té chuirios an síol; agus silfid na sléibhte fíon milis, agus leighfid na huile chnoic.
Cuirfe tú síol, agus ní tú bheanfas; brúighfidh tú crainn ola, acht ní ungtha tú thú féin lé hola; agus fíon milis, acht ní iobhtha tú fíon.
Achd cheana ní mar sin bhías sé eadruibhsi: achd gidh bé lé nab mian bheith na dhuine mhór bhur meásgsa, bíaidh sé na óglach aguibh. Agus gidh bé aguibh lé nab mían bheith a dtosach, bíodh sé na sheirbhíseach ag cách uile.
Agus fós a dubhairt sé ris an té thug cuireadh dhó, An tráth do dhéanas tú dinnéir nó suipéir, ná goir do cháirde ná do dhearbhraithre, ná do dháoine gáoil, ná do chomh arsanna saidhbhre; ar eagla go dtiobhradh siadsan fós cuireadhdhuitse arís, agus go bhfúoghtheá an chomáoin chéadna. Achd an tan do ní tú féasda, goir na boichd, na dáoine ciorthuimeacha, na bacaigh, agus na doill: Agus biádh tú beannuighe; do bhrigh nach bhfuil acfuinn aca an chomáoin cheadna do thabhairt dhuit: óir do bhéarthar a luáidheachd dhuit a neiséirghe na bhfíréun.
Agus a dubhairt sé ris, Cuiridh gach uile dhuine an fíon maith amach ar tús, agus an tan ibhid dáoine a sáith, ann sin an fíon as measa: achd do choimhéud tusa an fíon maith gus a nois.
Atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, achd ní bhfuilid uile tarbhach: atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, gidheadh ní béarthar fáoi chúmhachda éinneithe mé.
Tuille eile, a dhearbhraithre, gidh bé ar bithe neithe atá firinneach, gidh bé neithe atá trómgha, gidh bé neithe atá ceart, gidh bé neithe atá glan, gidh be neither as fíu grádh, gidh bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd; ma tá súbhailcighe ar bith, agus má tá moladh, go madh híad bhías sibh a smuáineadh.
Oír a sé grádh a nairgid fréumh na nuile olc: noch ar mbeith do dhruing áirighe dhá shauntughadh, do chúadar ar seachrán ón gcreideamh, agus do tholladar íad féin thríothadh ré hiomad dóilghis.
Oír as cóir easbog do bheith neamhlochdach, mar fheadhmantach Dé, gan bheith dhó ag ríoth réir a thóla féin, ná feargach, ná ró fhonnmhar a bhfíon, ná buáilteach, ná dúil do bheith aige a néudáil neamhghloin;
Ná gluáisdear sibh fá gcuáirt ré teagusguibh éugsamhla coimhthigheacha. Oir as maith an croídhe bheith diongmhálta a ngrás; ní a mbíadhuibh, nach deachuigh a dtarbha don druing do ghnáthuigh íad.
A fhíora agus a mhná a nadhaltrannais, a né nach bhfuil a fhios aguibh gur naimhdeanus a naghuidh Dé, cairdeas an tsáoghailse? uime sin gidh bé ré mían an sáoghal bheith na charuid aige do ní sé namhuid Dé dhe féin.
An té shiubhlas go hionnruic imthighidh go daingion: acht an té mhillios a shlighthe aitheontar é.
¶ Do níthear féusta chum sugartha, agus do ní an fíon súgach: agus freagraidh an tairgiod na huile neithe.
Oír ní bíadh na deoch rioghachd Dé; achd fireantachd, agus siothcháin, agus gáirdeachus san Spiorad Náomh.