Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 16:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 tá an t‑áthas agus an lúcháir imithe as gort agus garraí. Sna fíonghoirt níl ceol ná liú áthais le cloisint; níl aon fhíon á fháscadh sna cantaoirí, tá an húrla-hárla ina thost.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus do rugadh an lúathgháir ar siubhal, agus sólás as an machaire thóirtheamhuil; agus ní bhía céol ar bith annsna fíneamhnuibh, agus ní bhía gáir air bith: an luchd saltairte ní sháilteoruid fíon ar bith ann na nomaruibh; thug mé ar gháir thfíneamhnach scur.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 16:10
13 Tagairtí Cros  

Caitheann siad brothall an mheán lae idir sraitheanna na bhfíniúna. Déanann siad na cantaoirí fíona a phasáilt agus tart orthu féin.


Táthar ag mairgneach sna sráideanna cheal fíona; tá deireadh leis an uile lúcháir, tá an t‑áthas díbeartha ón tír.


I gcionn bliana agus corradh beidh sibh ar crith, a mhná na rómhuiníne, óir meathfaidh barr na fíniúna; fómhar ní bheidh ann ar aon chor.


Sciobadh gairdeachas agus lúcháir ó thír Mhóáb. Deoir níl fágtha sna cantaoirí fíona, níl an fómharaí fíona ag pasáil a thuilleadh: ar ghlórtha gealgháireacha tá múchadh tagtha.


Tá do shealsa buailte leat, a áitritheoir na tíre seo; tá an uair tagtha, an lá ar láimh, lá clampair agus ní lá gairdis ar na sléibhte.


Tá an fhíniúin slabhctha agus an crann fígí ag meath. Tá an phomagránait agus an phailm agus an crann úll agus crainn uile na tíre seargtha agus an sult súite as croíthe na ndaoine.


Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán, agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air, na tithe sin a thóg sibh le clocha snoite ní chónóidh sibh iontu; na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibh ní ólfaidh sibh a bhfíon.


agus beidh caoineadh sna fíonghoirt go léir, óir rachaidh mise thart in bhur measc, a deir an Tiarna.


“Féach, tiocfaidh na laethanta,” a deir an Tiarna, “nuair a thiocfaidh an treabhdóir suas leis an mbuannaí, agus fear brúite na bhfíonchaor suas leis an síoladóir; silfidh na sléibhte fíon milis a rithfidh ina slaoda ón uile chnoc.


Mar sin de déanfar slad ar a maoin agus léirscrios ar a dtithe. Fiú má thógann siad tithe ní chónóidh siad iontu, agus má chuireann siad fíniúna ní ólfaidh siad a bhfíon.”


Ghabhadar amach faoin tuath chun a bhfiniúna a chnuasach sna fíonghoirt; bhrúdar iad; rinneadar ceiliúradh agus chuadar isteach i dteach a ndé; d'itheadar, d'óladar agus chaitheadar mallacht le hAibímeilic.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí