Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 16:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Uime sin, tá mé ag caoineadh mar a chaoineann Iazaer, i ndiaidh fíniúin Shibmeá; silfidh mé mo dheora oraibh go fras a Heisbeon agus a Eileálae. Óir thar do thorthaí agus thar fhómhar an fhíona chualathas gáir chatha;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 ¶ Ar a nadhbharsin guilfidh mé le cumhadh Iaser fíneamhuin Shibmah: fliuchfa mé thú lem dhéaruibh, a Hesbon, agus a Eleáleh: óir do thuit gáir air do thoradh samhruidh agus air thfoghmhar.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 16:9
8 Tagairtí Cros  

Óir an chuing a bhí anuas orthu, an choirb ar a nguaillí, agus slat an aintiarna, déanann tú smionagar díobh mar a rinne tú lá briste Mhidián.


Maidir liom féin, déanfaidh mé cónaí anseo i Miozpá mar is mé a bheidh freagarthach do na Caildéigh nuair a thiocfaidh siad chugainn; ach, sibhse, cruinnígíse an barr fíniúna, torthaí samhraidh agus ola; líonaigí bhur soithí agus cuirigí fúibh sna bailte is rogha libh.”


d'fhill siad uile as gach aon áit ar díbríodh iad. Ar theacht ar ais go tír Iúdá dóibh, go Gadailiá i Miozpá, chruinnigh siad stór mór fíona agus torthaí samhraidh.


Bearrfaidh siad a gcinn ar do shon, crioslóidh iad féin le sacéadach, caoinfidh siad ar do shon le doilíos croí go géar goirt.


“A mhic an duine, caoin pobal mór na hÉigipte; seol síos iad, ise agus iníonacha na gciníocha uaisle, in íochtar an domhain, chucu siúd atá imithe síos go Seól:


Ghabhadar amach faoin tuath chun a bhfiniúna a chnuasach sna fíonghoirt; bhrúdar iad; rinneadar ceiliúradh agus chuadar isteach i dteach a ndé; d'itheadar, d'óladar agus chaitheadar mallacht le hAibímeilic.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí