Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Títeas 1:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Mar, ós maor do Dhia an t‑uachtarán ní mór dó bheith gan locht, gan bheith ceanndána ná taghdach ná óltach ná achrannach ná amplach,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Mar caithfidh easpag a bheith saor ó locht ós maor ag Dia é; gan a bheith tiamúil ná drochchorraitheach ná ina phótaire fíona ná ina throdaí ná santach,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Óir ní foláir do’n easboc bheith gan locht, mar ba chóir do mhaor Dé; gan bheith ceanndána, gan bheith feargach, gan bheith tugtha do’n ól, gan bheith buailteach, ná sanntach i n‐airgead neamh‐ghlan;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Oír as cóir easbog do bheith neamhlochdach, mar fheadhmantach Dé, gan bheith dhó ag ríoth réir a thóla féin, ná feargach, ná ró fhonnmhar a bhfíon, ná buáilteach, ná dúil do bheith aige a néudáil neamhghloin;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Mar, ós maor do Dhia an t-uachtarán ní mór dó a bheith gan locht, gan a bheith ceanndána ná taghdach ná óltach ná achrannach ná amplach,

Féach an chaibidil Cóip




Títeas 1:7
23 Tagairtí Cros  

Ná bíodh m'anam páirteach ina gcomhairlí; nár aontaí mo chroí lena gcomhluadar, óir mharaíodar daoine le teann feirge agus speireadar daimh le barr buile.


Déanann an duine teasaí bearta baotha, ach bíonn foighne ag fear na tuisceana.


Adhnann an duine lasánta achrann, ach réitíonn an duine sochma aighneas.


Is fearr an duine stuama ná an gaiscíoch tréan; agus an té atá ina mháistir air féin ná an té a dhéanann cathair a ghabháil.


Ná bí teasaí taghdach, mar is in ucht amadáin a lonnaíonn an fhearg.


Tá siad siúd ag stangaireacht faoi oibriú an fhíona, tá siad ar seachrán ag an bpóit. Tá meadhrán sna sagairt agus sna fáithe le barr dí, tá mearbhall orthu le fíon; tá siad ar seachrán ag an bpóit, tá siad ag stangaireacht agus ag aislingíocht, tá siad ag tuisliú agus iad ag tabhairt a mbreithiúnas.


Ní ólfaidh aon sagart fíon an lá a théann sé isteach sa chúirt inmheánach.


“Nuair a bhíonn sibh ag dul isteach i mBoth na Teagmhála, tú féin agus do chlann mhac mar aon leat, ná hólaigí fion ná braon crua, le heagla an bháis. Reacht síoraí é sin ag bhur sliocht ó ghlúin go glúin.


Cé hé, más ea, an seirbhíseach iontaofa ciallmhar ar cheap a mháistir os cionn sclábhaí a theaghlaigh é chun a gcuid bia a thabhairt dóibh i dtráth?


Dúirt an Tiarna: “Cé hé más ea, an maor úd atá iontaofa géarchúiseach a gceapfaidh an máistir os cionn a lucht tís é chun a gcion den arbhar a thabhairt dóibh i dtráth?


Agus ná bíodh meisce fíona oraibh mar níl ansin ach drabhlás, ach bígí lán den Spiorad,


Pól agus Tiomóid, seirbhísigh Íosa Críost, ag beannú don phobal naofa uile i bhFilipí atá aontaithe le hÍosa Críost, agus dá gcuid uachtarán agus cúntóirí.


Is é fáth ar fhág mé i gCréit thú, go gcuirfeá ord agus eagar ar an obair a bhí fós le déanamh agus go gceapfá seanóirí i ngach baile de réir na dtreoracha a thug mé duit:


Abair leis na mná scothaosta mar an gcéanna iad féin a iompar mar a oireann do mhná diaganta, gan bheith cúlchainteach ná tugtha don ól ach iad a thabhairt dea-theagaisc


Gach duine agaibh, de réir mar a fuair sé tíolacadh ó Dhia, bainigí feidhm as ar mhaithe lena chéile mar a dhéanfadh maoir fhónta ar ilghrásta Dé.


Déanaigí tréad Dé atá faoi bhur gcúram a aoireacht; ná tugaigí aire dó le foréigean ach le fonn, mar is toil le Dia, ná le dúil tháir san airgead ach le dúthracht,


go háirithe iad siúd a dhéanann iad féin a iompar de réir na colainne in ainmhianta truaillithe, agus gan ach drochmheas acu ar an údarás. Ní eagal leis an dream ceanndána borb seo masla a thabhairt [d'aingil] na glóire;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí