Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Títeas 1:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 bíodh gach seanóir acu gan cháim, agus gan é bheith pósta ach aon uair amháin, agus a chlann a bheith ina gcreidmhigh agus gan drabhlás ná easumhlaíocht a bheith le casadh leo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 má tá fear ann atá saor ó locht, gan ach aon bhanchéile amháin a bheith aige, agus a mbíonn a chlann ina gcreidmhigh gan é bheith le rá go bhfuil siad drabhlásach ná ainrialta.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 fear ar bith atá gan locht, pósta le mnaoi amháin, go bhfuil clann chreideas aige, nach bhfuil droch‐nósa ná míriaghaltacht d’á gcur ’n‐a leith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Má atá neach ar bith neamhlochdach, na fhior éun mhná, agá bhfuil clann ionnruic, nach féidir éiliughadh fá neamhmeasarrghachd, na easúmhal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Bíodh gach seanóir acu gan cháim, agus gan é a bheith pósta ach aon uair amháin, agus a chlann a bheith ina gcreidmhigh agus gan drabhlás ná easumhlaíocht a bheith le casadh leo.

Féach an chaibidil Cóip




Títeas 1:6
18 Tagairtí Cros  

[Ní dhéanfaidh mé] óir thogh mé é d'fhonn go dtabharfadh sé aithne dá chlann agus dá theaghlach ina dhiaidh slí an Tiarna a choimeád ag déanamh an chirt agus na córa, i dtreo go dtabharfadh an Tiarna d'Abrahám a bhfuil geallta aige dó.”


Mac gaoismhear a choimeádann an dlí, ach tugann comrádaí na ndrabhlásach náire dá athair.


Ní phósfaidh siad baintreach ná bean a idirscaradh ach maighdean de shliocht mhuintir Iosrael. Tá cead acu baintreach a phósadh más baintreach sagairt í.


Bean atá ina baintreach, nó scartha óna céile, nó truaillithe ag striapachas, ná pósadh sé, ach maighdean dá mhuintir féin bíodh aige mar bhean.


Ná gabhaidís chucu mar cheile bean a thruailligh an striapachas, ná bean ar scar a fear léi; óir tá an sagart naofa dá Dhia.


Nach ndearna sé aon aonad amháin a bhfuil colainn agus spiorad fite fuaite ina chéile ann? Ach deir sibhse: “Céard eile atá á lorg ag [Dia] ach sliocht diaganta?” Mar sin de, coinnígí slán spiorad na beatha sin agaibh agus ná déanadh aon duine feall ar an mbean atá mar chéile aige óna óige.


Bhí, i laethanta Héaróid, rí Iúdáia, sagart darbh ainm Zachairias, de shealaíocht Aibia, agus bean aige d'iníonra Árón, agus Eiliosaibeit ab ainm di.


Agus ná bíodh meisce fíona oraibh mar níl ansin ach drabhlás, ach bígí lán den Spiorad,


Mairigí le chéile go síochánta. Impímid oraibh, a bhráithre, foláireamh a thabhairt do na daoine neamhchúiseacha, na daoine faiteacha a spreagadh, cabhrú leis na laga agus bheith foighneach le cách uile.


agus a thuigfeadh nach don duine fíréanta a dhéantar dlí ach do choirpigh agus do dhaoine ainrialta, d'éagráifigh agus do pheacaigh, do mhallaitheoirí agus do lucht an oilc, do lucht fionaíola athar is máthar agus do dhúnmharfóirí,


Caithfidh na déagánaigh gan a bheith pósta ach aon uair amháin agus iad a bheith ina gceann maith ar a gclann agus ar a dteaghlach féin.


Mar tá a lán daoine ann atá easumhal, go háirithe iad siúd de bhuíon an timpeallghearrtha, agus cuireann siad daoine ar mearbhall lena gcuid baothchainte.


D'imigh Ealcáná abhaile go Rámá ansin, ach d'fhan an buachaill ag fónamh don Tiarna i láthair Éilí an sagart.


Cé go raibh Éilí an-aosta faoin am seo, fuair sé fios gach ní a bhí á dhéanamh ag a chlann mhac ar Iosrael go léir (agus go mbídís ag luí leis na mná a bhíodh ag freastal ag doras Bhoth na Teagmhála).


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí