Títeas 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Pól, seirbhíseach Dé, agus abstal Íosa Críost, do réir creidimh muinntire toghtha Dé, agus do réir eolais na fírinne atá do réir crábhaibh, 2 i ndóchas na beathadh síorraidhe, do gheall Dia, nach bhféadann bréag do dhéanamh, ins na h‐aoisibh i bhfad ó shoin; 3 acht d’fhoillsigh a bhriathar san am oireamhnach tríd an seanmóireacht do cuireadh mar chuspóir orm‐sa, do réir aithne Dé ár Slánuightheoir; 4 chum Títuis, fíor‐mhac liom ’n‐ár gcóimh‐chreideamh: Grása agus síothcháin ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár Slánuightheoir. 5 Is é seo an fáth gur fhágas san Chréit thu, chum go gcuirfeá i dtreo na neithe do bhí gan déanamh, agus chum seanóirí d’órdú ins gach cathair; fá mar d’órduigheas duit: 6 fear ar bith atá gan locht, pósta le mnaoi amháin, go bhfuil clann chreideas aige, nach bhfuil droch‐nósa ná míriaghaltacht d’á gcur ’n‐a leith. 7 Óir ní foláir do’n easboc bheith gan locht, mar ba chóir do mhaor Dé; gan bheith ceanndána, gan bheith feargach, gan bheith tugtha do’n ól, gan bheith buailteach, ná sanntach i n‐airgead neamh‐ghlan; 8 acht bheith fáilteach, ’n‐a charaid do’n mhaith, bheith ’n‐a dhuine staidéartha, ionnraic, naomhtha, cneasta; 9 ag greamú de’n bhriathar fírinneach atá do réir an teagaisc, chum go mbéidh ar chumas dó na daoine do ghríosadh do réir an teagaisc fholláin, agus iad‐san chuireas ’n‐a aghaidh do bhréagnú. 10 Óir is iomdha duine míriaghalta atá ann, lucht baoth‐ghlóir agus mealltóirí, daoine d’aicme an timcheall‐ghearrtha go h‐áirithe, 11 go gcaithfear a mbéal do dhúnadh; daoine chuireas teaghlaigh iomlána bun os cionn, ag múineadh neithe nach cóir ar son airgid neamh‐ghlain. 12 Adubhairt duine d’á gcuid féin, fáidh leo féin, Is bréagairí na Créitigh i gcómhnaidhe, droch‐ainmhidhthe, craosairí díomhaoine. 13 Fiadhnaise fhíor is eadh í seo. D’á bhrigh sin aithbhear go géar iad, chum go mbéidh creideamh folláin aca, 14 gan bheith ag tabhairt aire d’fhabhlaibh Iúdacha agus d’aitheantaibh daoine bheireas a gcúl leis an bhfírinne. 15 Is glan gach nidh do’n dream atá glan: acht ní glan éinnidh do’n dream neamh‐ghlan, díchreidmheach; acht atá fiú a n‐aigne féin agus a gcoinsias truaillighthe. 16 Cuireann siad i gcéill go bhfuil eolas ar Dhia aca; acht is amhlaidh shéanas siad le n‐a ngníomharthaibh é, ar mbeith dhóibh gráineamhail, easumhal, agus iad gan éifeacht le h‐aghaidh deagh‐oibre ar bith. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society