Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Títeas 1:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 i ndóchas na beathadh síorraidhe, do gheall Dia, nach bhféadann bréag do dhéanamh, ins na h‐aoisibh i bhfad ó shoin;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 agus ar dhóchas na beatha síoraí a gheall Dia, nár thug éitheach riamh. leis na cianta dʼaois

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Chum muinighne na beatha marthanuighe, noch do gheall Día, ris nach féidir bréug a dhéunamh, suil do crúthuigheadh an dómhan;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 le súil go mbainfidh siad amach an bheatha shíoraí. Gheall Dia, nár thug éitheach riamh, an bheatha seo dúinn roimh thús aimsire

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 le súil go mbainfidís amach an bheatha shíoraí. Gheall Dia, nár thug éitheach riamh, an bheatha seo dúinn roimh thús aimsire

Féach an chaibidil Cóip




Títeas 1:2
46 Tagairtí Cros  

Annsin adéarfaidh an Rí leo‐san bhéas ar a láimh dheis, Tigidh, a dhaoine beannuighthe lem’ Athair, sealbhuighidh an ríoghacht atá ullmhuighthe ’n‐bhúr gcómhair ó bhunú an domhain:


Agus imtheochaidh siad‐so isteach i bpeannaid shíorraidhe: acht imtheochaidh na fíréin isteach sa mbeathaidh shíorraidhe.


Agus nuair do bhí sé ag dul amach ar an mbealach, do rith fear chuige, agus do chaith sé é féin ar a ghlúnaibh ’n‐a láthair, agus d’fhiafruigh sé dhe, A Mháighistir mhaith, Créad do‐ghéanad‐sa chum go bhfaighead an bheatha shíorraidhe mar oighreacht?


nach bhfaighidh a gcéad oiread san aois seo, tighthe, agus dearbhráithreacha, agus deirbhsheathracha, agus máithreacha, agus clann, mar aon le géir‐leanamhain; agus an bheatha shíorraidhe sa tsaoghal atá le teacht.


agus do‐bheirim an bheatha shíorraidhe dhóibh; agus ní caillfear iad go deoidh, agus ní fhuadóchaidh aoinneach as mo láimh iad.


fá mar thugais dó cumhacht ar gach a bhfuil beo, ionnas, gach a dtugais dó, go dtiubhradh sé an bheatha shíorraidhe dhóibh.


A Athair, is é is mian liom na daoine thugais dom do bheith mar a bhfuilim; go bhfeicfidh siad mo ghlóir, a thugais‐se dhom: óis thugais grádh dhom roimh chruthú an domhain.


Cuarduigheann sibh na scrioptúirí, óir measann sibh gur ab ionnta atá an bheatha shíorraidhe agaibh; agus is iad sin do‐bheir fiadhnaise im’ thaobh‐sa;


An té itheas m’fheoil agus ólas m’fhuil, atá an bheatha shíorraidhe aige, agus tógfad‐sa é an lá deiridh.


D’fhreagair Síomón Peadar é, A Thighearna, cia chum a rachaimís? is agat‐sa atá briathra na beathadh síorraidhe.


Adeir an Tighearna, atá ag cur na neithe sin i dtuigsin ó thosach an tsaoghail.


do gheall sé roimh ré tré n‐a fháidhibh ins na scrioptúiribh naomhtha,


Anois, do’n té go bhfuil ar chumas dó sibh do dhaingniú do réir mo shoiscéil‐se, agus do réir seanmóireachta Íosa Críost, do réir foillsighthe na rúndiamhaire do cóngbhuigheadh fá cheilt leis na ciantaibh,


an bheatha shíorraidhe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐mharbhthacht, ag leanmhaint go foighdeach do dheagh‐ghníomharthaibh:


tré n‐a bhfuaramar, leis, slighe tré chreideamh chum an ghrása so ’n‐a bhfuil ár seasamh, agus atá gáirdeachas orainn ag súil le glóir Dé.


ar chuma, fá mar bhí réimeas an pheacaidh chum báis ann, gur ar an gcuma chéadna do bhéadh réimeas an ghrása tré fhíréantacht ann chum na beathadh síorraidhe tré Íosa Críost ár dTighearna.


agus go dtugann foighid seasmhacht; agus go dtugann seasmhacht dóchas:


Óir is é tuarastal an pheacaidh an bás, acht is é saor‐bhronntanas Dé an bheatha shíorraidhe i nÍosa Críost, ár dTighearna.


d’ár thoiligh Dia a chur i bhfios créad é saidhbhreas glóire na rúindiamhaire seo i measc na gCineadhach, is é sin Críost ionnaibh, an dóchas chum glóire.


do mharbhuigh an Tighearna Íosa agus na fáidhe, agus do ruaig amach sinne, agus nach dtaithneann le Dia, agus atá i n‐aghaidh an uile dhuine;


Acht sinne, daoine de chlainn an lae, bímís ’n‐ár gcéill, tar éis lúireach an chreidimh agus an ghrádha do chur orainn; agus an dóchas chum slánuighthe bheith mar chlogad orainn.


Troid deagh‐chómhrac an chreidimh, beir greim ar an mbeathaidh shíorraidhe chum ar glaodhadh thú, agus go ndearnais admháil mhaith dhi i láthair a lán fiadhnaidhthe.


ag cnuasach ciste dhóibh féin bhéas mar bhun daingean aca i gcómhair an ama atá le teacht, chum go bhfaighidís greim ar an mbeathaidh fhírinnigh.


Pól, abstal Íosa Críost, tré thoil Dé, do réir geallamhna na beathadh atá i nÍosa Críost,


do shaor, agus do ghoir le naomh‐ghairm sinn, ní h‐é do réir ár ngníomhartha, acht do réir a rúin agus a ghrása féin, tugadh i nÍosa Críost dúinn ins na h‐aoisibh i bhfad ó shoin,


Is ar an adhbhar sin atáim ag fulang an uile nidh ar son na ndaoine atá toghtha, chum go bhfaighidh siad‐san, leis, an slánughadh atá i nÍosa Críost le glóir shíorraidhe.


má éirighmíd‐ne neimh‐dhílis, fanann seisean dílis; óir ní féidir leis é féin do shéanadh.


Déan do dhícheall chum thú féin do thaisbeáint mar fhear ionmholta i bhfiadhnaise Dé mar oibridhe nach gábhadh dhó bheith fá náire, ag riaradh briathair Dé le díreachas.


ag fanamhain le dóchas beannuighthe agus le taisbeánadh glóire an Dé mhóir agus ár Slánuightheora Íosa Críost;


dod’ thaisbeáint féin ar gach slighe mar shompla i dtaobh deagh‐ghníomhartha; ag tabhairt teagaisc ghlain, chéillidhe, briathar folláin nach féidir locht d’fhágháil air;


ionnas, ar mbeith fíréanuighthe dhúinn tré n‐a ghrása, go ndéanfaidhe oidhrí dhínn do réir dóchais na beathadh síorraidhe.


Agus is é rud atá geallta aige féin dúinn, an bheatha mharthannach.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn chum an té atá fírinneach d’aithint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneach, ’n‐a Mhac Íosa Críost.


agus congbhuighidh sibh féin i ngrádh Dé, ag súil le trócaire ár dTighearna Íosa Críost chum na beathadh marthannaighe.


Agus bhéarfaidh lucht áitreabha na talmhan adhradh dhó, gach duine nach bhfuil a ainmh scríobhtha i leabhar beathadh an Uain do h‐íodhbaradh ó bhunadh an domhain.


An t‐ainmhidhe do chonnacais, do bhí sé ann, agus ní fhuil sé ann: agus atá sé le teacht aníos as an duibheagán agus imtheacht chum léirscriosta. Agus béidh iongnadh ar lucht áitreabha na talmhan, ar an méid nach bhfuil a n‐ainmneacha scríobhtha ó thosach an tsaoghail i leabhar na beathadh, nuair chífeas siad an t‐ainmhidhe, de bhrigh go raibh sé ann, agus nach bhfuil sé ann, agus go bhfuil sé le teacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí