Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Títeas 1:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Pól, seirbhíseach Dé, agus abstal Íosa Críost, do réir creidimh muinntire toghtha Dé, agus do réir eolais na fírinne atá do réir crábhaibh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Pól, atá ina sheirbhíseach ag Dia agus ina aspal ag Íosa Críost, le creideamh lucht tofa Dé a mhéadú, agus le tuilleadh eolais a thabhairt dóibh ar an bhfírinne dhiaga,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Pol, searbhfhoghantuigh Dé, agus absdal Iosa Críosd, do réir chreidimh dháoine thóghtha Dé, agus admhála na fírinne, noch atá réir dhíaghachda;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Mise Pól, seirbhíseach do Dhia agus aspal le hÍosa Críost agus é mar fheidhm agam an creideamh a thabhairt dóibh sin atá tofa ag Dia agus iad a chur ar eolas na fírinne a sheolann chun na cráifeachta iad

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Mise Pól, seirbhíseach do Dhia agus aspal le hÍosa Críost agus é mar fheidhm agam an creideamh a thabhairt dóibh sin atá tofa ag Dia agus iad a chur ar eolas na fírinne a sheolann chun na cráifeachta iad

Féach an chaibidil Cóip




Títeas 1:1
23 Tagairtí Cros  

Agus an amhlaidh nach n‐agarfaidh Dia cruadh‐chás a mhuinntire toghtha féin bhíos ag glaodhach air de ló agus d’oidhche?


Agus nuair do‐chuala na Geinte sin, bhí an‐áthas ortha, agus thugadar glóir do bhriathar Dé: agus do chreid siad‐san do bhí réamhórduighthe chum na beathadh síorraidhe.


Pól seirbhíseach Íosa Críost, do glaodhadh chum bheith ’n‐a abstal, do cuireadh ar leith le h‐aghaidh soiscéil Dé,


Pól, abstal Íosa Críost tré thoil Dé, agus Timótéus ár mbráthair, chum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, mar aon leis na naomhaibh go léir atá i nAcháia ar fad:


óir is le grása do slán uigheadh sibh tré chreideamh; ní uaibh féin é: bronntanas Dé is eadh é:


Pól agus Timóteus, seirbhísigh Íosa Críost, chum na naomh uile i nÍosa Críost atá i bhFilipí, maille leis na h‐easbogaibh agus leis na deochanaibh:


chum go neartóchar a gcroidheacha, chum go ndlúthóchar iad le chéile i ngrádh, agus go mbéidh gach saidhbhreas aca maidir le lán‐dearbhthacht tuigseana, chum go bhfaighidh siad eolas ar rúindiamhair Dé, is é sin Críost,


gur mian leis go slánuightidhe na daoine uile agus go bhfaighdís lán‐eolas ar an bhfírinne.


Agus gan déidearbhadh ar bith, is doimhin í rúindiamhair na diadhachta; an Té do foillsigheadh san bhfeoil, do fíréanuigheadh san Spiorad, go bhfaca aingle é, do craobhscaoileadh i measc na gCineadhach, gur creideadh ann san tsaoghal, gur tógadh suas é san nglóir.


Má mhúineann aoinneach a mhalairt de theagasc, agus muna gclaoidheann sé le briathraibh fóghanta, briathra ár dTighearna Íosa Críost, agus leis an teagasc atá do réir crábhaidh;


Is ar an adhbhar sin atáim ag fulang an uile nidh ar son na ndaoine atá toghtha, chum go bhfaighidh siad‐san, leis, an slánughadh atá i nÍosa Críost le glóir shíorraidhe.


Acht diúltaigh do cheisteannaibh dith‐céillidhe, dith‐léigheanta, agus a fhios agat go mbrostuigheann siad bruighean.


lán d’fhoidhne, ag ceartú na ndaoine chuireas ’n‐a aghaidh le ceannsacht, le súil go dtiubhrfaidhe Dhia dhóibh, am ar bith, aithrighe do dhéanamh chum eolas d’fhágháil ar an bhfírinne,


Séamas, seirbhíseach Dé agus an Tighearna Íosa Críost, chum an dá threibh dhéag atá ar deoraidheacht, beatha agus sláinte.


ó tárla gur bhronn a chumhacht diadha gach éinnidh atá riachtanach do’n bheathaidh agus do’n diadhacht orainn, tré eolas an té do ghlaodh tré n‐a ghlóir agus tré n‐a shubháilce féin sinn;


Ó thárla go bhfuil sé i ndán do na neithibh seo go léir dul i n‐éag, cionnas mar ba cheart daoibh‐se bheith mar dhaoine do réir deagh‐iomchair agus diadhachta,


Cibé duine shéanas an Mac, ní fhuil an tAthair aige: an té admhuigheas an Mac, atá an tAthair aige, leis.


Taisbeánadh Íosa Críost, thug Dia dhó chum na neithe atá le teacht chum críche go luath d’fhoillsiú d’á sheirbhíseachaibh; agus do nocht d’á sheirbhíseach Eoin iad le teachtaireacht aingil,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí