Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Títeas 1:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 acht d’fhoillsigh a bhriathar san am oireamhnach tríd an seanmóireacht do cuireadh mar chuspóir orm‐sa, do réir aithne Dé ár Slánuightheoir;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 agus a nocht sé go ham agus go huair ina bhriathar tríd an tseanmóireacht a taobhaíodh liom mar a dʼaithin Dia ár Slánaitheoir é;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Achd do fhoillsigh sé a bhríathar a nám iomchubhaidh tré sheanmóir an tsoisgeil, do fágbhadh táobh riumsa do réir áithne De ar Slánaightheóra;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 agus san uain chuí nocht sé a bhriathar dúinn sa bhforógra a cuireadh ina chúram orm-sa ar ordú Dé, ár Slánaitheoir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 agus san uain chuí nocht sé a bhriathar dúinn san fhorógra a cuireadh ina chúram ormsa ar ordú Dé, ár slánaitheoir.

Féach an chaibidil Cóip




Títeas 1:3
39 Tagairtí Cros  

agus é ’g‐a rádh, Atá an t‐am cóimhlíonta, agus atá ríoghacht Dé druidthe linn: déanaidh aithrighe, agus creididh do’n tsoiscéal.


Agus caithfear an soiscéal do chraobhscaoileadh ar dtús ar fud na gcineadh uile.


Agus adubhairt sé leo, Imthighidh ar fud an domhain uile, agus déanaidh an soiscéal do chraobhscaoileadh do’n chineadh daonna ar fad.


Agus do‐rinne mo spioraid gáirdeachas i nDia mo Shlánuightheoir.


An briathar do chuir sé chum clainne Israel, ag fógairt deagh‐scéal síothchána tré Íosa Críost (is é Tighearna ar chách é) —


agus do‐rinne sé ó aon duine amháin an cineadh daonna uile, chum bheith ’n‐a gcómhnaidhe ar uachtar na talmhan, agus do cheap sé dhóibh a dtréimhse agus a dteoranta;


tré bhrigh an Spioraid Naoimh; ar chuma gur chraobhscaoileas soiscéal Chríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus thart ’n‐a thimcheall chómh fada le h‐Illiricum;


Anois, do’n té go bhfuil ar chumas dó sibh do dhaingniú do réir mo shoiscéil‐se, agus do réir seanmóireachta Íosa Críost, do réir foillsighthe na rúndiamhaire do cóngbhuigheadh fá cheilt leis na ciantaibh,


acht atá d’á nochtadh anois, agus d’á cur i dtuigsin do’n uile chineadh tré scrioptúiribh na bhfáidh, do réir aithne an Dé shíorraidhe, chum go mbéidís umhal do’n chreideamh;


Óir nuair bhíomar i n‐ísle bhrighe, fuair Críost bás i dtráth cóir ar son na neamh‐dhiadha.


Óir, má’s dem’ shaor‐thoil féin do‐ghním é, atá luach saothair agam; acht, má’s i n‐aghaidh mo thola é, do cuireadh ’n‐a chúram orm é.


acht nuair tháinig an t‐am, do chuir Dia uaidh a Mhac, tugadh ó mhnaoi, rugadh fá’n dlighe,


chum an uile nidh do chómhchruinniú i gCríost, nuair thiocfadh na h‐aimseara chum críche, idir a bhfuil ar neamh, agus a bhfuil ar talamh.


agus tháinig sé agus d’fhógair sé síothcháin daoibh‐se do bhí i gcéin, agus síothcháin dóibh‐sean do bhí i gcómhgar:


ar chuma gur léir do lucht an phraetórium, agus do gach aoinneach eile, gur ar son Chríost atá na cuibhreacha orm;


acht go seasuighidh sibh go daingean ar bhun an chreidimh, gan casadh i leathtaobh ó dhóchas an tsoiscéil do chualabhar, do craobhscaoileadh i measc gach a bhfuil cruthuighthe fá neamh, go bhfuilim‐se Pól im’ mhinistir de.


tháinig chugaibh‐se; fá mar tá sé ag tabhairt tortha ar fud an domhain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐bhur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualabhar agus ’n‐a bhfuarabhar eolas ar ghrása Dé i bhfírinne;


acht, fá mar mheas Dia gur fiú sinn cúram an tsoiscéil, is amhlaidh labhraimíd d’á réir sin; ní mar bhéimís d’iarraidh daoine do shásamh, acht Dia go‐ghní teastas ar ár gcroidheachaibh.


Pól, abstal Íosa Críost ar órdú Dé ár Slánuightheoir, agus Íosa Críost, ughdar ár ndóchais;


do réir soiscéil glóire an Dé bheannuighthe atá curtha fá mo chúram‐sa.


Is maith agus is taithneamhach an nidh seo i bhfiadhnaise Dé ár Slánuightheoir,


Óir chuige sin is eadh atáimíd ag saothrú agus ag spairn, toisc ár muinighin bheith againn as an Dia beo, slánuightheoir na ndaoine uile, an méid aca chreideas, go mór‐mhór.


Acht do sheas an Tighearna lem’ ais, agus thug sé neart dom, chum go bhfógróchaidhe an teachtaireacht go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeadh na Cineadhacha go léir í: agus do saoradh mé ó bhéal an leomhain.


gan bheith ag ais‐fhreagairt; gan bheith ag mionghadaidheacht, acht an uile dhílse do thaisbeáint; chum onóir ins gach éinnidh do thabhairt do bhriathar Dhé, ár Slánuightheoir.


ag fanamhain le dóchas beannuighthe agus le taisbeánadh glóire an Dé mhóir agus ár Slánuightheora Íosa Críost;


Agus an té do bhí ’n‐a shuidhe ar an néall, do chaith sé a chorrán ar an talamh; agus do baineadh fóghmhar na talmhan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí