Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Títeas 1:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 chum Títuis, fíor‐mhac liom ’n‐ár gcóimh‐chreideamh: Grása agus síothcháin ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár Slánuightheoir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Ag beannú do Thítus, mo mhac dlisteanach comhchreidimh: Grásta agus síocháin agat ó Dhia an tAthair agus ó Íosa Críost ár Slánaitheoir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Chum Títuis, mo mhac ionmhuin, do réir an chréidimh choitchinn: Grása, trócaire, agus síothcháin ó Dhía Athair agus ón Dtíghearna Iósa Críosd ar Slánaightheóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Guím grásta agus síocháin ó Dhia, an tAthair agus ónár Slánaitheoir Críost Íosa ar Thíteas, mo mhac dílis sa chreideamh atá i bpáirt againn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Guím grásta agus síocháin ó Dhia an tAthair agus ónár Slánaitheoir Críost Íosa ar Thíteas, mo mhac dílis sa chreideamh atá i bpáirt againn.

Féach an chaibidil Cóip




Títeas 1:4
31 Tagairtí Cros  

óir atá Slánuightheoir beirthe dhaoibh indiu, is é sin Críost an Rí, i gcathair Dháibhi.


agus adubhradar leis an mnaoi, Ní mar gheall ar do chainnt‐se chreidimíd: óir d’éisteamar féin, agus atá a fhios againn gurb é Slánuightheoir an tsaoghail é go fíor.


is é sin go bhfaighmíd neart i n‐éinfheacht le chéile, agus mé ’n‐bhur measc, gach duine againn de bhárr creidimh a chéile, bhur gcreideamh‐sa agus mo chreideamh féin.


mar dhaoine le h‐Íosa Críost; chugaibh‐se uile atá san Róimh, ionmhain le Dia, do glaodhadh chum bheith ’n‐bhur naomhaibh, Grása agus síothcháin daoibh ó Dhia ár nAthair, agus ó’n Tighearna Íosa Críost.


D’impidheas ar Thítus dul, agus do chuireas an bráthair i n‐éinfheacht leis. An bhfuair Títus aon bhrabach oraibh? nach i n‐aon Spiorad amháin do shiubhlamar? nach aon lorg amháin do leanamar?


toisc nach bhfuaras mo bhráthair Títus: acht d’fhágas slán aca agus d’imthigheas go dtí an Mhaiceadóin.


Acht ó’s é an t‐aon spiorad amháin atá againn, do réir mar tá scríobhtha, Do chreideas, agus d’á bhrigh sin do labhras; creidimíd‐ne, leis;


Acht Dia, do‐bheir sólás do na daoinibh atá i n‐ísle bhrighe, thug sé sólás dúinn le teacht Títuis;


Acht buidheachas le Dia, do chuir an dúthracht céadna ’n‐bhur dtaobh i gcroidhe Thítuis.


I dtaobh Thítuis, is é mo chómhpháirtidhe agus mo chómhoibrightheoir ’n‐bhur dtaobh‐sa é: agus maidir le n‐ár mbráithribh, is iad abstail na n‐eaglais iad, glóir Chríost.


Ar mhodh gur spreagamar Títus, fá mar thosnuigh sé cheana air, go gcuirfeadh sé an grása so chum críche ionnaibh‐se, leis.


Acht níor cuireadh d’fhiachaibh ar Thítus féin do bhí i n‐éinfheacht liom, a thimcheall‐ghearradh, gidh gur Ghréagach é:


Óir is clann Dé sibh uile tré chreideamh i nÍosa Críost.


Ní fhuil lúdach ’ná Gréagach ann, ní fhuil saor ’ná daor ann, ní fhuil fireannach ’ná baineannach ann: óir is aon duine amháin i nÍosa Críost sibh go léir.


grása dhaoibh agus síothcháin ó Dhia an tAthair agus ó’n Tighearna Íosa Críost.


chum na naomh agus chum na mbráthar dílis i gCríost atá i gColossae, grása chugaibh agus síothcháin ó Dhia ár nAthair.


Do‐bheirim buidheachas leis an té thug cumas dom, Íosa Críost ár dTighearna, do mheas gur dhuine iontaobhtha mé, ’gam’ thoghadh le h‐aghaidh a sheirbhíse:


Pól, abstal Íosa Críost, tré thoil Dé, do réir geallamhna na beathadh atá i nÍosa Críost,


chum Timóteuis, mac ionmhain liom: Grása, trócaire agus síothcháin, ó Dhia an tAthair, agus ó Íosa Críost ár dTighearna.


óir do thréig Démas mé tré ghrádh do’n tsaoghal láithreach so, agus atá sé imthighthe go Tesaloníca; atá Crescens imthighthe go Galátia, agus Títus go Dalmátia.


acht d’fhoillsigh a bhriathar san am oireamhnach tríd an seanmóireacht do cuireadh mar chuspóir orm‐sa, do réir aithne Dé ár Slánuightheoir;


ag fanamhain le dóchas beannuighthe agus le taisbeánadh glóire an Dé mhóir agus ár Slánuightheora Íosa Críost;


Síomón Peadar, seirbhíseach agus abstal Íosa Críost, chum na ndaoine fuair an creideamh sár‐luachmhar céadna atá againne; tré fhíréantacht ár nDé agus ár Slánuightheora Íosa Críost:


óir is mar sin do‐bhéarfar daoibh slighe fhairsing isteach i ríoghacht ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost.


Óir, tar a éis dóibh teacht saor ó thruailliú an tsaoghail tré eolas an Tighearna, agus an tSlánuightheora Íosa Críost, má greamuightear iad ann arís agus má buaidhtear ortha, is measa a staid deiridh ’ná a gcéad staid.


Acht bidhidh ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ghlóir anois agus go síorraidhe. Amén.


chum go gcuimhneochaidh sibh ar na briathraibh do labhair na naomh‐fháidhe roimh ré, agus ar aithne an Tighearna agus an tSlánuightheora tré n‐bhur n‐abstalaibh:


Agus is é adhbhar an uchtaigh atá againn ’n‐a thaobh, má iarraimíd rud ar bith do réir a thola air, go n‐éisteann sé linn:


A cháirde ionmhaine, ó thárla go raibh fonn mór orm scríobhadh chugaibh i dtaobh ár slánuighthe chómh‐choitchinn, is é do bhí ’gam’ spreagadh a mheas go raibh sé de dhualgas orm scríobhadh chugaibh g’á impidhe oraibh an creideamh tugadh aon uair amháin do na naomhaibh do chosaint go daingean.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí