Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Títeas 1:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Is glan gach nidh do’n dream atá glan: acht ní glan éinnidh do’n dream neamh‐ghlan, díchreidmheach; acht atá fiú a n‐aigne féin agus a gcoinsias truaillighthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Is glan gach ní do lucht na glaine, ach ní glan aon ní do lucht na truaillíochta agus an díchreidimh; mar bíonn a n-intinn agus a gcoinsias féin á dtruailliú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Atáid na huile neithe go deimhin glan don druing atá glan: achd don druing atá salach agus gan chreideamh ni bhfuil éinní glan; achd fós atá a ninntinn agus a ccoinnsías salach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Iad sin atá glan iad féin, is glan leo gach aon ní; ach iad siúd atá salaithe agus neamhchreidmheach, ní glan leo rud ar bith mar go bhfuil an aigne agus an coinsias truaillithe iontu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Iad sin atá glan iad féin, is glan leo gach aon ní; ach iad siúd atá salaithe agus neamhchreidmheach, ní glan leo rud ar bith mar go bhfuil an aigne agus an coinsias truaillithe iontu.

Féach an chaibidil Cóip




Títeas 1:15
21 Tagairtí Cros  

Acht na neithe thigeas amach as an mbéal, is as an gcroidhe thigeas siad; agus is iad‐san shaluigheas an duine.


Agus do labhair an guth arís leis, an dara h‐uair, An nidh do ghlan Dia, ná déan‐sa neamh‐ghlan é.


Atá a fhios agam, agus atáim dearbhtha dhe san Tighearna Íosa, nach bhfuil rud ar bith neamh‐ghlan ann féin; acht do’n té mheasas rud do bheith neamh‐ghlan, go bhfuil sé neamh‐ghlan dó‐san.


Ná cuir obair Dé amugha mar gheall ar bhiadh. Is fíor go bhfuil an uile nidh glan, acht is olc do’n duine an nidh itheas sé bheith ’n‐a adhbhar tuislidh.


Acht an té atá i n‐amhras cionntuightear é má itheann sé, de bhrigh nach ó chreideamh é; agus rud ar bith nach bhfuil bun creidimh faoi, is peacadh é.


Atá gach nidh dlisteanach; acht ní fhuil gach nidh tairbheach. Atá gach nidh dlisteanach; acht ní fhuil gach nidh fóghantach.


Ithidh gach a ndíoltar ar an margadh, gan aon cheist bheith oraibh fá choinsias.


Uime sin, má’s ag ithe nó ag ól daoibh, nó cibé nidh do‐ghní sibh, déanaidh an uile nidh chum glóire Dé.


Acht ní fhuil an t‐eolas sin ag gach duine; óir atá daoine ann atá cleachtuighthe ar an íodhal, itheas a mbiadh mar bhiadh íodhbartar d’íodhal; agus ó thárla a gcoinsias bheith lag, saluightear é.


conspóidí daoine droch‐aigeantach atá dall ar an bhfírinne, mheasas gur adhbhar tairbhe an crábhadh.


druidimís i bhfoigseacht dó, le fírinne croidhe, agus an creideamh daingnighthe ’n‐ár n‐aigne, agus ár gcroidheacha glanta ó dhroch‐choinsias, agus ár gcorp nighte le fíor‐uisce:


ag féachain chuige ar eagla go gclisfeadh ar aoinneach fá ghrása Dé; ar eagla go bhfásfadh aon fhréamh seirbhe do bhéadh mar adhbhar buaidheartha, agus go dtruailleochaidhe mórán d’á dheascaibh;


nach mó go mór dhéanfas fuil Chríost, an té d’íodhbair é féin gan smál do Dhia, tríd an Spiorad síorraidhe, bhur gcoinsias do ghlanadh ó ghníomharthaibh marbha chum seirbhís do dhéanamh do’n Dia síorraidhe?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí