Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Léivític 10:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 “Nuair a bhíonn sibh ag dul isteach i mBoth na Teagmhála, tú féin agus do chlann mhac mar aon leat, ná hólaigí fion ná braon crua, le heagla an bháis. Reacht síoraí é sin ag bhur sliocht ó ghlúin go glúin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Ná hibhidh fíon nó deoch ládir, thusa, nó do mhic maille leachd, a nuáir rachtáoi go tabérnacuil an chomhchruinnighthe, deagla go bhfuigheadh sibh bás: biáidh sin na reachd go bráth ar feadh bhur ngeinealach:

Féach an chaibidil Cóip




Léivític 10:9
17 Tagairtí Cros  

Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael.”


Tá an fíon gan stuaim, agus is trodaire é an braon crua; níl aon chiall ag an té a mheallann sé.


Tá siad siúd ag stangaireacht faoi oibriú an fhíona, tá siad ar seachrán ag an bpóit. Tá meadhrán sna sagairt agus sna fáithe le barr dí, tá mearbhall orthu le fíon; tá siad ar seachrán ag an bpóit, tá siad ag stangaireacht agus ag aislingíocht, tá siad ag tuisliú agus iad ag tabhairt a mbreithiúnas.


Ní ólfaidh aon sagart fíon an lá a théann sé isteach sa chúirt inmheánach.


chun a saol uile a chaitheamh le drúis. Is é an t‑úrfhíon a bheireann an chiall ó mo phobal.


Labhair an Tiarna le hÁrón agus dúirt:


Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir cibé áit ina mbeidh cónaí orthu: gan saill ná fuil a chaitheamh.”


Déanadh sé an chuid sin a ofráil don Tiarna mar dhleacht ar leith; is cuid naofa don sagart í, mar aon leis an mbrollach a ofráladh agus leis an gceathrú a cuireadh i leataobh. Ní miste don naizíreach fíon a ól ina dhiaidh sin.


diúltaíodh sé d'fhíon agus do dheoch chrua, ná hóladh sé fínéagar fíona ná dí crua, ná hóladh sé súlach fíniúna, agus ná hitheadh sé caora fíniúna, úr ná triomaithe.


Óir beidh sé mór i láthair an Tiarna; fíon ná deoch láidir ní ólfaidh; agus beidh sé líonta den Spiorad Naomh fiú amháin ó bhroinn a mháthar,


Agus ná bíodh meisce fíona oraibh mar níl ansin ach drabhlás, ach bígí lán den Spiorad,


gan bheith tugtha don ól ná don achrann ach é a bheith séimh síochánta agus gan dúil aige san airgead.


Na déagánaigh mar an gcéanna, ní mór dóibh bheith ina ndaoine creidiúnacha agus gan bheith ina dteanga liom leat ná tugtha don ól, gan súil go suarach ar an mbreis acu


Ná hól uisce leis féin a thuilleadh ach tóg braon fíona ar mhaithe leis an ngoile agus leis na taomanna tinnis a thagann ort chomh minic sin.


Mar, ós maor do Dhia an t‑uachtarán ní mór dó bheith gan locht, gan bheith ceanndána ná taghdach ná óltach ná achrannach ná amplach,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí