Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Amos 9:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 “Féach, tiocfaidh na laethanta,” a deir an Tiarna, “nuair a thiocfaidh an treabhdóir suas leis an mbuannaí, agus fear brúite na bhfíonchaor suas leis an síoladóir; silfidh na sléibhte fíon milis a rithfidh ina slaoda ón uile chnoc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Féuch, tiucfuid na laéthe, a deir an TIGHEARNA, go mbéaruidh an toireamh air an mbúanuighe, agus fear bhrúite na ccáor air an té chuirios an síol; agus silfid na sléibhte fíon milis, agus leighfid na huile chnoic.

Féach an chaibidil Cóip




Amos 9:13
15 Tagairtí Cros  

Ceanglaíonn sé a asal den fhíniúin agus searrach a lárach dá stoc. Níonn sé a éide i bhfíon agus a chulaith i bhfuil na gcaor;


Tagann leá ar na sléibhte ar nós céarach i bhfianaise Thiarna na cruinne.


tá an t‑áthas agus an lúcháir imithe as gort agus garraí. Sna fíonghoirt níl ceol ná liú áthais le cloisint; níl aon fhíon á fháscadh sna cantaoirí, tá an húrla-hárla ina thost.


In ionad driseacha beidh an chufróg ag fás, agus in áit na neantóg an miortal. Déanfaidh sin clú agus cáil don Tiarna, beidh ina chomhartha nach gcaitear agus nach mbristear!


Cuirfidh siad fúthu ann le muinín, tógfaidh siad tithe cónaithe, cuirfidh síos fíonghoirt; cuirfidh siad fúthu ann le muinín. Nuair a ghearrfaidh mé breithiúnas ar na comharsana tarcaisneacha uile, tuigfidh siad gur mise an Tiarna, a nDia.”


Déarfaidh siad: ‘An dúiche seo a creachadh is cuma í nó gairdín Éidin; agus na cathracha scriosta a bánaíodh agus a leagadh, tá siad daingean anois faoi líon mór daoine.’


Tá na hurláir bhuailte lán d'arbhar agus na cantaoirí ag cur thur maoil le húrfhíon agus le hola nua.


Mairfidh bualadh bhur n‑arbhair go fómhar an fhíona; mairfidh fómhar an fhíona go cur an tsíl. Íosfaidh sibh bhur sáith aráin, agus mairfidh sibh in bhur dtír beag beann ar chách.


An Tiarna Dia na Slua, baineann sé leis an domhan agus leánn é, agus caoineann cách dá gcónaíonn ann; éiríonn borradh sa domhan go léir mar a tharlaíonn sa Níl agus síothlaíonn arís mar Abhainn na hÉigipte.


Nach ndeir sibhse ‘Ceithre mhí eile agus beidh an fómhar ann’? Seo mise á rá libh: Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt; tá siad geal chun an fhómhair.


Leáigh na sléibhte os comhair an Tiarna, Os comhair an Tiarna, Dia Iosrael.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí