Salm 30 - An Bíobla Naofa 1981Buíochas le Dia as ucht an Salmaí -- a Tharrtháil ón mBás 1 Salm. Amhrán le canadh ar Fhéile Thiomnú an Teampaill. Le Dáiví. 2 Molfaidh mé thú, a Thiarna, de bhrí gur shaor tú mé agus nár lig tú do m'eascairde bheith ag maíomh orm le mórtas. 3 D'iarr mé cunamh ort, a Thiarna, agus rinne tú mo leigheas, a Dhia. 4 Thug tú m'anam as an uaigh, a Thiarna, shaor tú mé ón dream a ghabhann síos sa pholl. 5 A naomha an Tiarna, tugaigí moladh dó, gabhaigí buíochas lena ainm naofa. 6 Ní mhaireann a fhearg ach móimint na huaire; ach maireann a chineáltas ó aois go bás. Bítear ag gol san oíche agus ag gáire ar maidin. 7 Is é a dúirt mé trí mhéid mo mhuiníne: “Ní dhéanfar mo shuaitheadh go brách.” 8 Bhunaigh do ghrásta, a Thiarna, mar dhaingean sléibhe mé, ach cheil tú do ghnúis orm gur fágadh faoi scéin mé. 9 Is ortsa, a Thiarna, a ghlaoigh mé, chun Dé a chuir mé m'achainí. “Cén tairbhe mo bhás má ghabhaim sa pholl? 10 An molfaidh an deannach thú: an bhfoilseoidh sé do dhílse?” 11 Éist, a Thiarna, go trócaireach; tar, a Thiarna, i gcabhair orm. 12 Rinne tú rince de mo chaoineadh dom, a Thiarna; bhain tú díom mo rónéadach agus chrioslaigh tú le háthas mé, 13 i dtreo go seinnfidh m'anam do mholtaí gan staonadh. A Thiarna, a Dhia liom, molfaidh mé go brách thú. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart