Tá misean ag gach duine againn mar chreidmheach, agus is é sin an soiscéal a scaipeadh i measc gach créatúir, ag dul ar fud an domhain leis an mbriathar Dé. “Agus dúirt sé leo: Imígí ar fud an domhain agus craobhscaoiligí an soiscéal le gach créatúr.” (Marcas 16:15).
Mar sin, bí réidh le dul i ngleic leis an misean álainn seo a d’fhág Dia againn. Labhair faoi Dhia le gach duine nach bhfuil aithne acu air fós. Cuir dúil i léamh a bhriathair, agus beidh a fhios agat conas labhairt leis na daoine a chuireann Dia ar do chosán.
Misnigh thú féin agus bí cróga ag tabhairt an teachtaireacht álainn seo slánaithe agus na beatha síoraí a thug Dia duit cheana féin. Tabharfaidh Dia an cumas duit, agus traenálfaidh sé thú gach lá trína bhriathar. “Ach léiríonn Dia a ghrá dúinne sa mhéid seo, nuair a bhíomar fós ina pheacaigh, fuair Críost bás ar ár son.” (Rómhánaigh 5:8).
Is beannuighthe an duine dhóthchusuighios annsa TIGHEARNA, agus gur bé an TIGHEARNA a mhuinighinn. Oír biáidh sé amhuil crann plannduighthe láimh ris na huisceadhuibh, agus shíneas amach a fhréamha láimh ris an tsrúth, agus nach dhfaicfidh a núair thig an teasbhach, agus biáidh a dhuille glas; agus ni bhiáidh cúramach a mbiíadhuin an tarta, ní mó scuirfios sé do thábhairt tórindh.
As misi an fhíneamhuin fhírinneach, agus as críadhuire Mathair. Má choimhéudtaói maitheanta, fanfuidhe am grádh; mar do choimhéud misi aitheanta Mathar, agus fanuim ann a ghrádh. A dubhairt mé na neithe so ribh, ionnus go bhfanfeadh mo gháirdeachus ionnuibh, agus go mbiadh bhur ngairdeachus lán. As í so máithnesi, sibhsi do ghrádhughadh a cheile, mar do ghrádhaigh misi sibhsi. Ní bhfuil grádh as mó ná so ag éinneach, ná a anam féin do thabhairt ar son a charad. Is sibhsi mo cháirdesi ma níthí gach ní dá náithnighim dhibh. Uadh so súas ní ghoirfe mé searbhfhoghantuidhe dhíbh, óir ní bhfuil a fhios ag an tsearbhfhoghantuidh créud do ní a thighearna: achd do ghoir mé cáirde dhibh; óir na huile neithe do chúaluidh mé ó Mathair, do léig mé a bhfios chugaibhsi. Ní sibhsi do thog misi, achd misi do thogh sibhsi, agus do chuir mé sibh, ionnus go nimtheochadh sibh agus go dtiubhradh sibh toradh, agus go bhfanfadh bhur dtoradh: ar chor gidh bé ní íarrfuidhe a mainmsi ar a Nathair, go dtiobhradh se dhibh é. Aithnighim na neithesi dhíbh, do chum grádha do bheith aguibh féin dá chéile. Má fhúathuigheann an sáoghal sibh, bíodh a fhios aguibh gur fhúathaigh sé misi romhuibh. Da mádh don tsáoghal sibh, do ghraidhéochadh an sáoghal a chuid féin: gidheadh ar son nach don tsáoghal sibh, achd gur thogh misi sibh as a tsáoghal, ar a nadhbharsin atá fúath ag an tsáoghal daóibh. Gach uile ghéug ionnamsa nach dtabhair toradh, gearruidh sé í: agus gach uile ghéug do bheir toradh, glanuidh sé í, do chum go madh móide do bheuradh sí toradh uáithe.
Ní sibhsi do thog misi, achd misi do thogh sibhsi, agus do chuir mé sibh, ionnus go nimtheochadh sibh agus go dtiubhradh sibh toradh, agus go bhfanfadh bhur dtoradh: ar chor gidh bé ní íarrfuidhe a mainmsi ar a Nathair, go dtiobhradh se dhibh é.
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh, Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.
Is mar sin do bheir gach uile chrann maith tórrtha maithe; achd do bheir an drochchrann drochthórrtha. Ní héidir leis an gcrann maith drochthórrtha diomchar, na leis an gcrann gcrion tórrtha maithe do thabhairt. Gach uile chrann nach iomchrann toradh maith gearrthar é, agus téilgthear san teinidh é. Oír is do réir na breithe bheirthí, bheúrhar breath oruibh: Agus is leis an miosúr thomhaistí, toimheósfuidhthear dháoibh a rís. Ar a nadhbharsin is air ttórthaibh aitheontaói íad.
As misi án fhíneamhuin, sibhsi na géuga: Gidh bé fhanus ionnamsa, agus misi annsan, do bheir sé toradh mór: óir gan misi ní héidir libh éainni do dhéanamh.
As so do gheibh Mathairsi glóir sibhsi do thabhairt móráin toraidh; agus bheithí bhur ndeisciobluibh agamsa.
Agus an neach úd ann ar cuireadh an síol a measg an mhuinigh ag so an té do chluin an bhríathar; agus múchaidh róchuram an tsaoghailsi, agus mealltóireachd an tsaidhbhris an bhríathar, agus bí sé gan toradh.
Ar a nadhbharsin, a bhraithreacha, atá sibhse leis marbh don reachd tré chorp Chríosd; ionnus go mbíadh sibh ag fear eile, eadhon, dhosan noch do tógbhadh súas ó mharbhaibh, chum sinne toraidh thabhairt do Dhía.
¶ Má shíubhluighthí ann mo statúidibh, agus maitheanta do choimhéud agus a ndéanamh; Agus scríosfa misi bhur náite árda, agus gearrfa mé síos bhur níomhaighe, agus teilgfe mé bhur gconablach ar chonablachuibh bhur niodhal, agus fuaitheochuidh manam sibh. Agus do dhéana mé bhur gcaith reacha na bhfásách, agus do bhéura mé bhur sanctóra chum uáíguis, agus ní bhoiltneacha me boladh bhur mboltanuis ndeaghbholuidh. Agus do bhéura mé an tír chum uáignis agus bhur náimhde áiteochus innte: biáidh úamhán orra fán ní sin. Agus scainnreocha mé sibh a measc ná ngenteadh, agus tairreonga mé cloidheamh amách bhur ndiáigh: agus biáidh bhur ndúthaigh uáigneach, agus bhur gcaithreacha na bhfasach. Annsin choinneochus an talamh a sabbóidigh, an fad bhías se folamh, agus beithíse a ttír bhur námhad; is annsin shuáimhneochus an talamh, agus buáidheochtháoi a sabbóidigh. An feadh bhías sé gan áitreabh biáidh suáimhneach; do chionn narshuáímhnigh sé ionbhur sabbóidibhsi, in feadh do chomhnuigheabhair féin ann. Agus cuirfe mé loige a gcroidhthibh an mheid fhúicfíghear beó aguibh a ccríochuibh a námhad; agus cuirfe torann an duílleabhair a tteitheamh íad; agus teithfid, mar do theithfidís roimhe cloidheamh; agus tuitfid a nuáir nach bía éanduine dhá leánmhuin. Agus tuitfid ar muin a cheile, amhuil do dhéandáois roimhe chloidhiomh, a nuáir nach mbiáidh éanduíne na ndiáigh: agus ní bhéidh cumas aguibh a lathair bhur námhad. Agus tuitfídhe a measc na ngennteadh, agus íosuidh talamh bhur námhad súas sibh. Agus an mhéid mhairfeas dhíbh seargfuid ann a nolc a ttír a námhad; agus már an gcéadna a ccoirthibh a náithreadh seargfuid meille riú. Annsin do bhéura mé fearthuinn dhibh na ham féin, agus do bhéura an talamh a bhíseach, agus do bhéaruidh croinn an mhachaire a ttoradh.
Agus biáidh sé ccosmhuil re crann plannduighthe láimh re haibhnibh uisge, noch do bheir a thoradh iona aimsir íomchubhaidh; ní chríonfuidh fós a dhuille; agus gidh bé ní do dhéana sé tiocfaidh biseach air.
Achd ní cosmhuil smachdughadh air bith ré headh na nuáire sin do bheith solásach, achd dólasach: gidheadh do bheir sé na dhiáigh sin toradh smuáimhneach na fíréuntachda don druing chleachdas é.
Agus do bheannuigh Día íad, agus a dubhairt Día ríu, Bíodh sibh tórrthach, agus méuduighidh, agus líonaidh an talamh, agus cuiridh fúibh é: agus bíodh tighearnus aguibh ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn eúnlaith an aéir, agus ós cionn an uile neithe chorruigheas ar an ttalamh.
Oír ni maith an crann iomchras drochthoradh; agus ní holc an crann iomchras toradh maith. Oír is ó a thoradh aitheantar gach uile chrann. Oír ní chruinnighid dáoine fígidhe do dheilgneach, na cáora fineamhna do dhriseach. Do bheir an duine maith ní maith as cisde maith a chroidhe féin; agus do bheir an droch dhuine droch ní as droch chisde a chróidhe fein: oír is as iomarcuidh an chróidhe, labhrus an béal.
Uime sin a deirim, Siúbhluidh sa Sbiorúid, agus ní choimhlionfuidh sibh núanghus na colla. Oír bí míanghus na colla a nadhuigh na Sbíoruidhe a nadhuigh na colla: agus atáid so contrárdha dhá chéile: ionnas nach féidir libh na neithe as mían ribh do dhéunámh. Agus ma threóruighthear sibh ris an Sbiorúid, ni bhfuilti fáoi an réachd.
Agus a dubhairt Día, Féuch, tug mé dhíbh gach uile luibh do bheir síol da bhfuil ar druim na talmhan, agus gach uile chrann, an a bhfuil toradh croinn do bheir síol; biáidh sé na bhíadh dhibh.
Uime sin foráileam thrídsion do ghnáth íodhbairt mholta do Dhía, eadhon toradh na mbéol admhuigheas a ainm.
Cía atá na dhuine eagnuidhe íulmhar eadruibh? taisbéunadh sé a oibreacha féin as a choinbhearsáid mháith maille ré ceannsachd éagna.
Ar a nadhbharsin tabhraidh tórrtha bhus iomchubhaidh don naithrighe úaibh, agus ná tionsgnaidh a rádh ionnaibh féin, A tá Abraham na athair aguinn: oír a deirimsi ribh, Gur ab éidir lé Dia clann do dhúsachd as na clochmibhse féin D'abraham. Agus a tá an tuáigh a nois fós ar na cur chum fréimhe na gcrann: ar a nadhbharsin gach uile chrann nach dtabhair toradh maith gearrthar é, agus teilgthear sa teinidh é.
Ceachdar do dha ní, déanaidh an crann maith, agus a thoradh maith; no déanaidh an crann lobhtha, agus a thoradh lobhtha: óir is as a thoradh aithéantar an crann.
Gach uile ghéug ionnamsa nach dtabhair toradh, gearruidh sé í: agus gach uile ghéug do bheir toradh, glanuidh sé í, do chum go madh móide do bheuradh sí toradh uáithe.
Agus déunuid an dream as dínne mar an gcéudna fóghluim ar dheaghoibrighibh do dhéunamh chum na ngnáhuightheadh riachdanach, ionnus nach beídis neamhthoruidheach.
Bláithfigh an fíréun mar chrann pailme: mar chrann sédair a Lebanon fásfuidh sé. An lucht phlannduighthear a ttigh an TIGHEARNA, bláithfid siad a ccúirtibh ar Ndénne. Do bhéaraid fós toradh úatha a naóis léith; méith agus úr bhéid síad;
Achd a néagna úd ó neamh atá sí glan ar tús, na dhiáigh sin síothchánta, ceannsuigh, sótheaguisg, lán do thrócaire agus do dheaghthórtuibh, gan chláon, gan fhallas.
Agus fós, ar ndéunamh na huile dhúthrachda dhíbhse shá tháobh so, cuiridh súbhailcidhe ré bhur gcreideamh; agus eólas ré bhur súbhailcidhibh; Agus measarrghachd ré bhur neólas; agus foighid ré bhur measarrghachdl; agus díaghachd ré bhur bhfoighid; Agus cáoineas bráithreamhuil ré bhur ndíaghachd; agus grádh re bhur gcáoineas. Oír ma bhíonn na neithese eadruibh, agus iad ag líonadh, do bhéuruid oruibh gan bheith díomháoin na namhthórthach a neólas ar Dtíghearna Iósa Críosd.
Agus is íad so an dream an ar cuireadh an síol ann sa talamh maith, nocha éisdeas, agus ghabhus chuca an bhríathar, agus do bheir toradh úatha, áon a deich fichead, áon trí fichid, agus áon eile céud.
An dream chuirios síol a ndéaruibh beanfaid a lúathgháire. An té dimthigh amach go doilghiosach agus do ghuil, ag cur a shíl, tiocfa sé lé lúathgháire, ag iomchar a phunnann.
Go deimhin, deimhin, a deirim ribh Muna bhfagha an gráinne cruithneachda thuiteas ann sa talamh bás, fanuidh sé na áonar: achd má gheibh sé bás, do bhéir sé toradh mór úadh.
Oír do bhábhair ar uáiribh bhar ndorchadus, achd a nois bhár sola sa Dtíghearna: siubhluibh mar chloinn an tsolais. (Oír atá toradh na Sbioruide sa nuile mhaith agus fhíreuntachd agus fhírinne;)
Agus, a dhearbhraithreacha, ní hail leam gan a fhios do bheith agaibh, gur chuir me romham go minic teachd chugaibh, (gidheadh do cuireadh toirmeasg oram gus a nois,) ionnus go bhfuighinn toradh éigin bhur measgsa, comhmaith ris na Cineadhachaibh eile.
Ionnus go siúbhalfadh sibh mar as cubhaidh don Tíghearna maille ré sa thoil do dhéunamh sna huile neithibh, ag tabhairt toruidh uáibh sa nuile dheaghobair, agus ag fás a néolas Dé;
Achd an ní do thuit ann sa talamh mhaith, a síad súd éisdeas ris an mbreithir, agus chungmhas é a gcroidhe shocraidh mhaith, agus do bheirid toradh úatha a bhfoighid.
Ar mbeith líonta do thórrthuibh fíréuntachda, noch tré Iósa Críosd, lionus chum glóire agus molta Dé.
Más feasach sibh eision do bheith fíréunta, bíodh fios aguibh gur úadhasan gheintear gach áon leanas don fhiréuntachd.
Agus go ccuirid machaireadha, agus go ndéanaid fíneamhna, agus do bhéaraid toradh bisigh.
Ar a nadhbharsin a deirim ribh, Go dtoigéobhthar rioghachd Dé úaibhsi, agus go dtiobharthar í so chineadh bhéara toradh úatha.
Uime sin, a dhearbraithre grádhacha, bíghidh comhnuigheach, neamhchorrach, ag méudughadh do shíor a nobair an Tighearna, ar mbeith a fhios aguibh nach diomháoin bhur sáothar sa Dtighearna.
Ná mealltar sibh; ní ghabhann Día sgige chuige: oír gidh bé ní shiolchuireas neach, a sé an ní céudna bheanfas sé. Oír an tí shiolchuireas don choluinn buainfigh sé truailligheachd don choluinn; achd an tí shiolchuireas don Sbioruid buáinfidh se an bheatha mharthanach don Sbioruid. Achd ag déunamh maitheasa ná bímid tuirseach: oír beanfum iona ám féin, muna ndeacham a neimbrígh.
Agus gidh bé ar bith ní do ní sibh, déunuidh é ó chroídhe, amhuil don Tíghearna, agus ní do dhaóinibh; Ar mbeith a fheasa aguibh go bhfuighe sibh ón Dtíghearna luáidheachd oighreachda: óir as don Tíghearna Críosd do ní sibh seirbhis.
Uime sin ar na chríochnughadh so dhamh, agus ar gcur shéila dhamh ar an toradhsa dhóibh, géubhaidh mé ré bhur dtáobhsa don Sbainn.
Do fhoíllsigh mé dhíbh ann sna huile neithibh, gur ab ag sáothrughadh mar so is cóir dháoibh cungnamh leis ná hanbhfannuibh, agus bríathra an Tighearna Iósa do chuimhniughadh, mar a dubhairt sé, Is mó as beannaighe ní do thabhuirt ná do ghlacadh.
Agus giodh bé bhéuras cupán duisge fhúar amháin ré na ól do áon do na daóinibh beagasa a nainin desgiobuil, a deirimsi ribh go fírinneach, Nach chaillfidh sé a lúaidheachd.
An té nach ccuireann amach a chuid airgid cum úsúireachda, is nach glacann luáidheachd a naghaidh na neimhchiontach. An té do ní na neitheso ni háthrochthair é go bráth.
Agus budh síothcháin obair na fíréuntachda; agus budh súaimhneas éifeacht a nionnracuis agus daingion go bráth.
Ag déunamh miniosdralach dá chéile, gach áon réir tiodhlaice fuáir sé, mar fheadhmanntacha maithe ghrás eugsamhui; Dé.
Agus an té bheannas glacaidh sé túarasdal, agus cruinnighe sé toradh chum na beatha marrthannuighe: ar chor go mbía an té shíolchuireas agus an té bheanus lúagháireach a néinnfheachd.
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh,
Achd a nois ar mbeith dháoibh ar bhur sáoradh ó pheacadh, agus ar bhur ndéunamh bhur seirbhiseachuibh dó Dhía, atá toradh aguibh chum náomhthachda, agus an chríoch dheigheanach an bheatha mharrthanach.
Cía théid chum cogaidh uáir ar bith ar a chosdús féin? cía chúireas fíneamhuín, agus nach ítheann féin dá thoradh? nó cía bheathuigheas tréud, agus nach blaiseann do bhainne an tréuda?
Ar a nadhbharsin a dabhairt sé ríu, Is mór an foghmhar, achd is beag an luchd oibre: uime sin guidhidh Tighearna an fhoghmhuir, luchd oibre do chur amach chum a fhóghmhair.
Do dhéantar an tanam dáonachtach méith: agus an té fhliuchas fliuchfuíghthéar é féin mar an gceudna.
Oir íona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.
Acht misi mar chrann ghlas oilibh a ttigh Dé: atá mo dhóigh a ttrócaire Dé go sáoghal na sáoghal.
Dórdúghadh don druing chaoídheas a Sion, do thabhairt sgéimhe dhóibh ar son lúatha, ola an gháirdeachuis ar son dóbróin, éaduigh an mholta ar son spioruidhe brúighte: go ngoirfidhe crainn na fíroantachda dhiobh, planndughadh an TIGHEARNA, chor go nglórfuidhe é.
Agus a dubhairt Día, Féuch, tug mé dhíbh gach uile luibh do bheir síol da bhfuil ar druim na talmhan, agus gach uile chrann, an a bhfuil toradh croinn do bheir síol; biáidh sé na bhíadh dhibh. Agus a dubhairt Dia, Bíodh solus ann: agus do bhí an solus ann. Agus dá gach uile bheitheach ar an ttalamh, agus dá gach uile éun sa naieir, agus dá gach aoinní shnámhus ar an ttalamh, ann a bhfuil anam, tug mé gach uile luibh ghlas mar bhíadh: agus do bhí mar sin.
Cuir do dhóigh annsa TIGHEARNA, agus déan maith; áitreibhigh tú annsa dúithche, agus beathóchar thú go deimhin.
Agus an tí do bheir síol don tsioladóir agus arán chum beatha, go dtuguidh agus go méuduighe sé bhur síolchursa, agus go dtuguidh sé dó thorthuibh bhur bhfiréuntachda fás;) Ar mbeithdháoibh ar bhur ndéunamh saidhbhir sa nuile chás, chum na huile dháonnachda, noch do bheir fó deara thrídne, buidheachas do bhreith ré Día.
Aimsior chum beirthe, agus aimsir dfagháil bháis; aimsir do phlanndughadh, agus aimsir chum an neithe do plannduigheadh do tharruing súas;
Máith do dhéunamh, bheith sáidhbhir a ndéaghoibrighthibh, éusguidh fá na gcuid do thabhair úatha, agus do róinn maille ré cumann;
Iona láethaibhsin bláithfid na fíréin; agus iomad síothchána an feadh bhias án ghealach ann.
Oír an talamh shlúigeas a nfearthuinn thig go minic air, agus do bheir luibhionna úadha théid a dtárbha don druing sháothruigheas é, do ghéibh sé beannachd ó Dhía: Achd an talamh do bheir sgeathach agus driseach úadha as diomolta, agus is fogus é dá bheith malluighe; agúr ab é a chríoch a losgadh.
Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh síad bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.
Is beannuigh an drong atá iomlan a slighe, noch shiubhlas a ndligheadh an TIGHEARNA. Re mo chroidhe iomlán do lorguir mé thú: ná cuir air seachrán ód aitheantaibh mé. Tuigim nios mó ná na sinnsir, do bhrígh gur choimhéad mé haitheantasa. Do chonnuimh mé mo chos ó nuile dhroichshlighe, iondus go ccoimhéadfuinn thfocal. Od bhreitheamhnusaibh níor dhealuigh mé: óir do theagaisg tú mé. Cred é millse do ráidhte dom charbad! ní is millsi ná mil dom bhéul! Od aitheantaibh fuáir mé tuigse: uimesin fúathuighim uile shlighe na neimhfhírinne. As lóchrann dom chosaibh do bhríathar, agus solus dom chasánaibh. Thug mé mo mhionna, agus coimhlionfad sin, breitheamhnuis thfíréantachda do chomhall. Do bhí mé ar mo bhuáidhreadh go hiomarcach: béoghaidh mé, a THIGHEARNA, do réir thfocail. Gabh uáim, íodhbartha sochroidheacha mo bhéil, guidhim thú, a THIGHEARNA, agus teagaisg dhamh do bhreitheamhnuis. Atá manam ann mo láimh do ghnáth: acht níor dhearmaid mé do dhligheadhsa. Ann mo chroidhe dfoluigh mé do bhríathra, ionnus nach bpeacuighinn ad aghaidh. Do chuireadar na peacaidh paintéar am choinne: gidheadh ní dheachus ar seachrán ód aitheantaibhsi. Do ghlac mé mar oighreacht thfíadhnuisese go bráth: óir is sólás dom chroidhe íad. Do chláon mé mo chroidhe chum do reachta do dhéanamh go bráth. Fúathuighim smuáintighthe díomhaoine: acht grádhuighim do dhligheadhsa. Is tusa mionad foluighthe agus mo scíath: do bhí mo dhóigh ann thfocal. Imthighidh uáim, sibhsi a lucht déanta uilc: agus coimhéadfad aitheanta mo Dhé. Connaimh súas mé do réir do bhréithre, agus mairfe me: agus ná náirigh mé fám dhóthchus. Connuimh súas mé, agus biáidh mé a ndídean: agus biáidh mo dhúil ann do reachdaibh do ghnáth. Do shaltair tú síos an mhéid do chuáidh a mugha ód reachdaibh: óir is neimhfhírinne an gangaid. Teilgir uáit mar shalchar a bhfuil do pheacachuibh air an ttalamh: ar a nadhbharsin grádhuighim thfíadhnuiseadha. Is beannuigh thú, a THIGHEARNA: teagaisg dhamh do reachta. Criothnuidh mfeoil ré heaglasa; agus atá úamhan do bhreitheamhnuis orum. Do rinne mé ceart agus breitheamhnus: ná toirbhir mé do luchd mo sháruighthe. Bí a nurrughus air do sheirbhíseach chum maitheasa: ná léig do nuáibhreach mo shárughadh. Meathaid mo shúile ag feithiomh air do shlánughadh, agus air fhocal thfíréantachta. Déan red sheirbhíseach do réir do thrócaire, agus múin dhamh do reachta. Is misi do sheirbhíseach; tabhair tuigsi dhamh, agus biaidh éolus air thfíadhnuisibh agam. Is mithídh, a dhéanamh, a THIGHEARNA: do chuireadar do dhligheadh ar neimhní. Uime sin is ionmhuin liom haitheanta ós cionn óir; agus ós cionn óir fhíorghlain. Uimesin measuim haitheantasa uile ceart; fúathuighim uile shlighe na neimhfírinne. Atáid thfíaghnuiseadh ro iongantach: uime sin coimhéaduigh manam íad. Re mo phuisínibh do chomháir mé breitheamhnus do bhéil uile. Do bheir dul a steach do bhríathar solus; ag tabhairt tuigse don tsimplighe. Dfoscail mé mo bhéul, agus do chriothnuigh mé: óir do bhí mían haitheanta agam. Feuch orum, agus déan trócaire orum, do réir do chleachtaidh don droing ler bionmhuin hainm. Daingnidh mo choiscéime ann do bhréithir: agus ná léig durchóid ar bith úachtaránacht do bhreith orum. Sáor mé ó shárughadh na ndaóine: agus coimhéadfa mé haitheanta. Tabhair air haghaidh déalrughadh air do sheirbhiseach; agus teagaisg dhamh do reachta. Silid srotha uisgeadh as mo shúilibh, do bhrígh nach ccoimhéadaid do dhligheadh. Is fíréunta thú, a THIGHEARNA, agus atáid do bhreitheamhnuis díreach. Daithin tú thfíaghnuiseadh atáid fíréanta agus ro fhírinneach. Do ghearr mo theas-ghrádh amach mé; do bhrígh gur dhéarmadar mo naimhde do bhríathra. Do gháirdighios a slighe thfíadhnuiseadh, mar budh ann a nuile shaidhbhrios. Do dhearbha do bhríatharsa go mór: agus is ionmhuin lead sheirbhíseach í. Is beag misi agus is tarcuisneach: níor dhearmaid mé haitheantasa. Is fíréantacht síorruidhe thfíréantachdsa, agus is fírinne do dhligheadh. Tárlaigh anacair agus goimh chugam: is íad haitheanta máoibhneas. Atá fíréantacht thfíaghnuiseadha go síorruidhe: tabhair tuigsi dhamh, agus mairfe mé. Eighim rem uile chroidhe; cluin mé, a THIGHEARNA: coimhéadfa mé do reachta. Eighim chugadsa; tarthaidh me, agus coimhéadfad thfíadhnuiseadh. Do mhoichéirghe mé theacht an laói, agus déighios: do bhí mo dhúil red fhocalsa. Bíd mo shúile na ndúscadh a ttráthuibh na hoidhche, chum smuainiughadh ann do bhréithir. Cluin mo ghuth do réir do thrócaire: a THIGHEARNA, do réir do bhreitheamhnuis béoghaidh mé. Do dhéanad smúaineadh ann haitheantaibh, agus féuchfad go géar air do shlighthibh. Atáid ag teacht a bhfoghus noch leanas durchóid: atáid a bhfad ód dhligheadh. Atá tusa a bhfogus, a THIGHEARNA; agus is fírinne haitheanta uile. A ttáobh thfiadhnuiseadhsa, bá fios damh re fada gur shuighidh tú íad go síorruidhe. Dearc ar manacair, agus sáor mé: óir níor dhearmuid mé do dhligheadh. Tagair mo chúis, agus sáor mé: do réir dó bhréithre béoghaidh mé. As fada slánughadh ón gcoirighthe: óir ní íarruid do reachta. Is líonmhar do thrócaire chineulta, a THIGHEARNA: béoghaidh mé do réir do bhreitheamhnuis. Is líonmhar lucht mo bhuáidheartha agus measccáirde; níor chláon mé ó thfiaghnuisibhsi. Do chonnairc mé lucht an tsáruighthe, agus do bhí mé doilghiosach; do bhrígh nár choimhéadadar thfocal. Féuch gur bionmhuin liom haitheanta: a THIGHEARNA, do réir do thrócaire béoghaidh mé. Glacfad áoibhneas ann do reachdaibh: ní dhearmodfad do bhríathra. As fírinne tosach do bhreithre: agus biaidh huile bhreitheamhnuis fíréanta go síorruidhe. Do ainleanadar prionnsuidhe mé gan adhbhar: achd do bhí eagla air mo chroidhe red bhréithirsi. Gáirdighim red fhocal, mar an té do gheibh móiréadail. Fúathuighim agus bí gráin agam air bhréugaibh: is ionmhuin liom do dhlighéadh. Moluim thú seacht nuáire san ló a ttaobh bhreitheamhnus thfíréantachda. Atá síothcháin mhór don lucht ghrádhuigheas do dhligheadhsa: agus ní bhfuil ceap tuislighe na naghaidh. Do bhí mo dhóigh ann do shlánughadh, a THIGHEARNA, agus do chomhaill mé haitheanta. Do choimhéad manam thfíadhnuiseadh; agus do ghrádhuigh sé íad go ro mhór. Do choimhéad mé haitheanta agus thfíadhnuiseadha: óir atáid mo shlighthe uile ad lathairsi. Tigeadh meigheadh a ngar ad lathair, a THIGHEARNA: tabhair tuigsi dhamh do réir do bhréithre. Cúitigh lé do sheirbhíseach, go mairigh mé, agus coimhéadfad do bhríathra. Tigeadh mo ghearán ós do choinne: do réir do bhréithre sáor mé. Laibheoruidh mo bhéul moladh, mar mhúinfios tusa do reachta dhamh. Freagoruidh mo theanga do bhríathar: óir is fíréantacht haitheanta uile. Cuidigheadh do lámh riom; óir rug mé haitheanta do roghain. Do bhí mían agam ad shlánughadh, a THIGHEARNA; agus isé do dhligheadh maóibhneas. Maireadh manam, agus molfa sé thusa; agus cuidigheadh do bhreitheamhnus liom. Do bhí mé ar seachrán mar chaóirigh ar ndul a múgha; lorgair do sheirbhíseach; óir níor dhearmaid mé haitheantasa. Fosguil mo shúile, agus do chífid neithe iongantacha as do dhlighthibh. Is coigcríoch mé air an ttalamh: ná foluigh haitheanta orum. Beannaigh an lucht choimhéadas a fhiadhnuiseadha, íarras é lé croidhe iomlán.
Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta. Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile; Ná bíghidh leisgeamhuil a ngnothuighibh; Bíghidh ar fiuchadh ann bhur spioraid; ag déanamh seirbhísi don Tighearna; Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe; Ag cómhroinn ris na náomhaibh iona ríachdanusaibh; ag gnáthughadh luchd áoidheachda do ghlacadh. Tabhruidh bhur mbeannachd don dreim dhíbhreas síbh: tabhruidh bhir mbeannachd dóibh, agus na malluidhe íad. Bíodh gairdeachus oráibh ma ráon ris an muinntir ar a bhfuil gairdeachus, agus bígidh ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi. Go madh háontoil dhíbh ré chéile. Ná bígidh áirdinntinneach, achd cumaidh sibh féin ris a ndreim is ísle. Nó bighidh glic ann bhur mbaramhluibh féin. Na déanaidh olc a naghaidh uilc ar éainneach. Bíodh cúram na neitheann maith oraibh a bhfíadhnuise na nuile dháoine. Mas féidir é, an mhéid thig dhíbhsé dhe, bíodh síothcháin agaibh ris na huile dhaóinibh A chairde grádhacha, ná déunaidh dioghaltus ar bhur son féin, achd fanaidh ris an bhfeirg: óir atá sgríobhtha, Is leamsa an dioghaltus; do bhéura mé cúitiughadh uáim, a deir an Tighearna. Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Is as so aitheantar clann Dé, agus clann an díabhail: gidh bé nach leanann do nfíréuntachd ní ó Dhía atá sé, ná an tí nach dtabhair grádh dhá dhearbhrathair.
Achd ar mbeith dhúinn ag leanmhuin do fhírínne a ngrádh, fásam sna huile neithibh, chum an tí as ceann ann, eadhon Críosd: O na bhfaghann an corp uile ar mbeith dhó go ceart coimcheanguilte, agus dluthaighthe ré chéile tré choimhcheangal na nuile bhall ré a gcoimhlíontar é, maille ré hoibriughadh bríoghmhar do réir mhiosúir gach éunbhuill, fás iomchubhaidh cuirp chum a fhollamhuighthe féin a ngrádh.
Oír, a dhearbhráithre, as chum sáoirsi do goireadh sibh; amháin ná déunuidh an tsáoirse na cionfátha don choluinn, achd bíghidh féin ag seirbhís do chéile tré ghrádh.
Do phlanndaigh misi, do chraith Apollos an tuisge; achd a sé Día tug an fás. Ar a nadhbharsin ní bhfuil éifeachd sa tí phlanndaigheas, na fós sa tí chroitheas an tuisge; achd a Ndía do bheir an fás.
Ar son ná muinighne atá ar na cur a gcoimhéud bhur noirchill air neamh, agá bhfuárabhair a túarásgbháil roimhe a mbréithir fhírinne an tsoisgéil; Noch tháinic chuguibhse, comhmaith ris an ndomhan uile; agus do bheir toradh úadha, mar do bheir bhur measgsa, ón lá fá gcúalabhair, agus fá bhfúarabhair éola air ghrás Dé go fírinneach:
Agus mar an gcendna a dubhairt sé an chosamhlachdsa; Do bhí crann fige ag duine áirige curtha ann a fhíneamhain; agus táinic sé diárruidh toraidh air, agus ní fhuáir. Agus a dubhairt sé ris an ngárradóir, Féuch, atáim ré trí bliádhuibh ag teachd diárruidh toruidh ar an gcrann fígsi, agus ní faghaim: gear é; cred fá gcungmhann sé an fearann go neamhtharbhach? Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ris, A thighearna, leíg dhó ar an mbliadhainsi mar an gcéadna, nó go romhradh mé na thimcheall, agus go gcnire mé áoileach fáoi: Agus má bheir sé toradh, léigfidh tú dhó: achd muna dtuga, géarrfuidh tú tar éisi sin é.
Ar a nadhbharsin créd é an toradh fúarabhair a nuáirsin ann sna neithibh fá a bhfuil náire a nois oraibh? oír as é as críoch dhóibh bás. Achd a nois ar mbeith dháoibh ar bhur sáoradh ó pheacadh, agus ar bhur ndéunamh bhur seirbhiseachuibh dó Dhía, atá toradh aguibh chum náomhthachda, agus an chríoch dheigheanach an bheatha mharrthanach.
Biáidh dornán arbha annsa talamh air mhullach na slíabh; biáidh a thoradh sin ar críth cosmhuil ré Lebanon, agus do dhéanuid caithriughadh amach as an ccathruigh mar luibh na talmhan.
Achd geúbthaoi súbhailcighe chugaibh, ón Spiorud Náomh thuirrleóngas óruibh, agus beithi bhar bhíadhnuisibh dhamhsa a Níarusalém, agus a ttír Iúdaighe uile, agus a Samária, agus go soithe leithimeal na talmhan.
Ag cómhroinn ris na náomhaibh iona ríachdanusaibh; ag gnáthughadh luchd áoidheachda do ghlacadh.
Agus bíodh so ar cuimhne aguibh, An tí shíolchuireas go tana is go tana bheanfus sé; agus an tí shíolchuireas go tiugh is go tiugh bheanfus sé. Tabhradh gach áon úadh do réir thogra a chroidhe, ní maille ré doithcheall, nó ré héigean: oír is ionmhuin ré Día an tí bhronnus go soilbhir. Agus as cumusach Día ar sibhse do líonadh do na huile ghrásaibh; ionnas ar bhfagháil bhur sáith dhaóibh a gcomhnuidhe do na huile neithibh, go líonfadh sibh chum gach uile dheaghoibre:
Tabhruidh úaibh, agus do bhéurthar dháoibh; agus do bhéuruid dáoine an bhur nnched, moisúr maith, dingthe, craithte agus ag dul thairis. Oír as lesi an miosúr an a dtoimhéosdáoi, toimhéosdar mar an gcéudna dháoibh.
A dhearbhraithre, má ghreamuighthear neach a gcóir ar bith go hobann, tuguidhse a dhream spioradálta, a shamhuil sin do dhuine ar a ais ré sbiorad ceannsachda; ag tabhairt aire leachd féin a dhuine, nach ccuirfidhe cáthughadh ortsa mar an gcéudha.
Oír ata ríochd neimhe amhuil as do ghoir duine ag dul a gcoigcrích, a shearbhfhoghantuidhe chuige, agus tug sé a shaidhbhreas dóibh. Agus tug sé cúig tallanna do dhuine aca, agus do dhuine eile a dó, agus a háon do dhuine eile; do ghach neach do réir a acfuinne; agus ar an mball do imthigh sé a gcoigcrích. Agus do imthigh an té fúair na cúig talanna, agus do rinne sé ceannuigheachd léo, agus do ghnodhuigh sé cúig tallanna eile leó. Agus ar an nós céadna an té fúair an dá thallainn, do ghnodhuigh séisean da thalluinn eile. Achd do imthigh an té úd fúair a náon tallunn, agus do rinne sé tochuilt ann sa talamh, agus do fholuigh sé airgead a thighearna ann. Agus tar éis aimsire faide tháinic tighearna na searbhfhoghantuidheadh úd, agus do ní sé cúntus ríu. Agus do bhí cúigear dhióbh glic, agus cúigear eile oínmhídeach. Agus ar dteachd don té fúair na cúig tallana tug sé cúig tallanna eile leis, ag rádh, A thighearna, cúig tallana tug sé cúig tallanna eile leis, ag rádh, A thighearna, cúig tallanna tug tú dhamhsa: féuch, do ghnodhuigh mé cúig tallanna eile léo. Agus a dubhairt a thighearna ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuidhe mháith fhírinnigh: do bhí tu ionnruic ar bheagán, cuirfudh mé ós cionn mhóráin thú: imthigh a sdeach a ngáirdeachus do thighearna féin. Agus ar dteachd chuige don té úd fúair an dá thallann thug tú dhamhsa: féuch, do ghnodhuigh mé dhá thallann eile léo. A dubhairt a thighearna ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuidhe mhaith ionnruic; do bhí tu ionnruic a mbeagan, cuirfidh misi ós cionn mhoráin thú: imthigh a sdeach a ngáirdeachas do thighearna féin. Agus ar dteachd don té úd fúair a náontallon a dubhairt sé, A thighearna, do bhí a fhios agam gur dhuine crúaidh thú, bhéanus ann sa náit na chuir tú siól, agus chruinnigheas ann sa náit nach ar eathnuigh tú: Uime sin do ghabh eagla misi, agus do imthigh mé agus do fholuigh mé do thallánn ann sa talamh: féuch, ag sin do chuid féin agad. Agus ar bhfreagra dhá thighearna, a dubhairt sé ris, A dhroichshearbhfhoghantuidhe fhallsa, do bhí a fhios agad go mbeanuimsi ann sa náit nach ndearna mé siólchur, agus go gcruinnighim ann sa náith nar leathnuigh mé: Uime sin do budh coir dhuitsi mo chuid airgid do thabhair do luch iomluit, agus ag teachd damh do gheabhuinn mo chuid féin maille lé biseach. Ar a nadhbharsin beanuigh dhe an tallann, agus tabhruigh é don tí úd aga bhfuilid ne deich dtallanna. (Oir do bhéarthar do ghach dhuine agá bhfuil ní, agus bíaidh a sháith aige: achd an té a tá gan ní aige toigebhthar úadh fós an ní a tá aige.) Agus an chuid do bhí oinmhideach ar nglacadh a lampuidhe, ní rugadar ola léo: Agus teilgidh an searbhfhoghantuidhe neamhtharbhach ann sa dorchadus a tá leith a muich: mar a mbía gul agus giósgan fíacal.
Ná bíghidh leisgeamhuil a ngnothuighibh; Bíghidh ar fiuchadh ann bhur spioraid; ag déanamh seirbhísi don Tighearna;
Ar a raibh teisd mhaith as a deaghoibrighthibh, má ghlac sí dáoine air aoidheachd, má dionnuil sí cosa na náomh, má thug sí fóirighthin do luchd anshoigh, má lean sí do ghnáth gach déaghobair.
Canfad a nois dom fhíorghradhach caintic mo ghrádh a ttáobh afhíneamhna. Atá fineamhuin ag mo ghrádh a ccnoc ro thóirtheach:
Oír atá feitheamh díthcheallach gach creatúir ag fuireach ré foillsiughadh chloinne Dé.
Fanuidh ionnamsa, agus misi ionnuibhsi. Amhail as nach bhféudann an ghéug toradh do thabhuirt uáithe féín, muna bhfana sí sa bhfíneamhuin; is mar sin ní fheudfa sibhse fós, muna bhfantaói ionnamsa.
Acht bí slíghe a nfíréin amhuil solus lonnrach, noch shoillsighios ní sa mhó agus nísa mhó go nuige an lá iomlán.
An feadh mhairfeas an talamh, ní sguirfidh aimsir an tsíolchuir agus an foghmhar, agus an fhuachd agus an teas, agus an samhradh agus an gheimhreadh, agus an lá agus a noidhche.
Agus an fuighioll fhuigfighear do thigh Iúdah géabhuid a rís fréamh síos, agus do bhéaraid toradh súas:
Ní hé go bhfuilim ag íarruidh tabhártuis: achd amháin ag íarruidh toruidh ro líonmhuir chum bhur gconntuisse.
Féuch, is oighreacht don TIGHEARNA clann: toradh na mbronn a luaidheachd. Mar shoighde a láimh an duine arrachtaigh; is amhluigh sin atá clann na hóige. Is beannuighe an duine agá bhfuil a bholgán soighiod lán díobh: ní bhiáid claóidhte, an tan leibheoruid lé na naimhdibh san gheata.
Uime sin mas íthe, nó ibhe dháoibh, nó gidh bé ar bith ní do ní sibh, go madh chum glóire Dé dhéana sibh na huile neithe.
Agus cionus do dhéanuid siad seanmóir, muna chuirtear chuige íad? Mar atá sgríobhtha, O créd é bréaghachd chos na muinntire shoisgéulas an tsiothchain, shoisgéulas neithe maithe!
Ar a nadhbharsin imthighidhsi, teaguisgidh na huile chineadhacham da mbaisdeadh a nainm a Nathar, agus an Mhic, agus an Spiorad Náoimh: Agus, féuch, do bhí crith mór talmhan ann: Oír ag tuirling daingeal an Tighearna a núas ó neamh, táinic sé, agus diomlait sé an chloch ón dorus, agus do shuigh sé uirrthe. Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen.
Oír bíodh go bhfuilim sáor ó na huile dháoinibh, do rinne mé searbhfhoghantuidhe dhíom féin do na huile dháoinibh, chum ní sa mhó do gnodhughadh dhamh. Bíodh nach easbal mé do dháoinibh eile, go dearbhtha a seadh dháoibhse: oír as sibhse séula mabsdaltachda sa Tighearna. Agus do bhí mé mar Iúduighe do na Iúduighibh, chum na Niúduigheadh do ghnodhughadh; don druing atá fáoi an reachd, amhuil mar bheinn fáoi an reachd, chum na druinge atá fáoi an reachd do ghnódhughadh dhamh; Don druing atá gan reachd, mar do bhéinn gan reachd, (bíodh nach bhfuilim gan reachd do tháobh Dé, achd úmhal do reachd Chríosd,) chum na druinge gan reachd do ghnodhughadh dhamh. Do bhí mé do na dáoinibh anbhfann mar dhuine anbhfann, amhuil mar do bheinn meirbh chum na ndáoine anbhfann do ghnodhughadh dhamh: Do bhí mé sa nuile chrúth do na huile dháoinibh, chum go sáorfuinn cuid éigin ar gach uile chor. Agus as ar son an tsoisgéil do ním so, ionnus go mbíadh cuid agum dhe máráon ríbhse.
Oír as sinne a obairsion, air a gcrúthughadh a Níosa Críosd chum déaghoibrigheadh, noch do ullmhuigh Día roimh láimh, chum sinne do shiubhal ionnta.
Riothuim go díán chum an chomhartha do mhían luáídhéachda árdghárma Dé a Níosa Críosd.