Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 3:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Is air sin is féidir a aithint cé hiad clann Dé, agus cé hiad clann an diabhail: an té nach mbíonn an ceart á dhéanamh aige, ní ó Dhia é, agus an té nach mbíonn grá aige dá bhráthair.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Air seo is eadh aithnightear clann Dé agus clann an diabhail: an té nach gcleachtann fíréantacht, ní duine le Dia eisean ná an té nach dtugann grádh d’á bhráthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Is as so aitheantar clann Dé, agus clann an díabhail: gidh bé nach leanann do nfíréuntachd ní ó Dhía atá sé, ná an tí nach dtabhair grádh dhá dhearbhrathair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Mar seo a léirítear cé hiad clann Dé agus cé hiad clann an diabhail; gach duine nach saothraíonn an fhíréantacht ní ó Dhia dó, agus is é a fhearacht sin ag an té nach dtugann grá dá bhráthair.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 3:10
26 Tagairtí Cros  

Ach ní raibh focal maith ná drochfhocal ag Aibseálóm le hAmnón; mar bhí an ghráin ag Aibseálóm ar Amnón mar gur éignigh sé a dheirfiúr Támár.


Is é an domhan an gort. An síol maith muintir na ríochta. Dream an oilc an cogal,


Ach bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith agus tugaigí iasacht gan súil le cúiteamh ar bith, agus is mór é bhur dtuarastal, agus beidh sibh in bhur gclann don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine díomaíocha agus le drochdhaoine.


Ach an uile dhuine a ghlac é, thug sé de cheart dóibh go ndéanfaí clann Dé díobh, dóibh seo a chreideann ina ainm,


agus ní ar son an chine amháin é, ach chun go gcruinneodh sé le chéile, ina aon, clann Dé a bhí scaipthe.


Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.


An té is ó Dhia, éisteann sé le briathra Dé. Is é fáth nach n‑éisteann sibhse, de bhrí nach ó Dhia sibh.”


“A dhuine atá lán den uile chealg is ghliceas,” ar seisean, “a mhic an diabhail agus a namhaid na huile chóra, nach stadfá de bheith ag camadh slite díreacha an Tiarna?


Ná bíodh fiacha ar bith ag aon duine oraibh ach amháin fiacha an ghrá a thabhairt dá chéile. Mar an té a thugann grá dá chomharsa tá an dlí comhlíonta aige.


Déanaigí aithris ar Dhia mar gur sibh a chlann mhuirneach,


Agus mar bharr ar gach ní acu sin cuirigí umaibh an grá mar is é a chuirfidh bail agus críoch ar an iomlán.


Níl de chuspóir ag an bhfoláireamh seo ach an grá a mhúscailt a thagann as an gcroí glan, as an gcoinsias maith agus as an gcreideamh gan chluain.


Más feasach sibh gur cóir é, bíodh a fhios agaibh fós gur uaidh a shíolraítear gach duine a shaothraíonn an fhíréantacht.


Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n‑aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.


A chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan, mar go bhfeicfimid é mar atá sé.


Agus tá an aithne seo againn uaidh: an té a thugann grá do Dhia tugadh sé grá dá bhráthair chomh maith.


Is ó Dhia dúinne. An té a aithníonn Dia éisteann linn, agus an té nach ó Dhia dó ní éisteann. Mar sin a aithnímid spiorad na fírinne thar spiorad na hearráide.


An té nach dtugann grá ní aithnid dó Dia, mar is é Dia an Grá.


Is feasach dúinne gur ó Dhia sinn agus go bhfuil an saol le chéile faoi thionchar an diabhail.


Is mar seo is feasach dúinn go dtugaimid grá do chlann Dé, nuair a thugaimid grá do Dhia agus nuair a chomhlíonaimid a aitheanta.


A bhráthair na páirte, ná déan aithris ar an olc ach ar an maith. An té a dhéanann an mhaith is ó Dhia dó, an té a dhéanann an t‑olc ní fhaca sé Dia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí