Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

1 Eoin 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Féachaidh méid an ghrádha thug an tAthair dúinn, go nglaodhfaidhe clann Dé orainn: agus atá an scéal amhlaidh ’n‐ár dtaobh. Ar an adhbhar sin ní aithnigheann an saoghal sinn, toisc nár aithnigh sé eisean.

2 A cháirde ionmhaine, atáimid ’n‐ár gclainn Dé anois, agus níor foillsigheadh fós créad atá i ndán dúinn. Atá a fhios againn, nuair foillseochar é, go mbéidhmíd cosmhail leis; óir chífimíd é do réir mar tá sé.

3 Agus gach aoinneach go bhfuil an dóchas so ann glanann sé é féin, fá mar tá seisean glan.

4 Gach aoinneach do‐ghní peacadh sáruigheann sé an dlighe, leis: agus is sárú dlighe an peacadh.

5 Agus is eol daoibh gur foillsigheadh é chum peacadh do chur ar ceal; agus ní fhuil peacadh ar bith ann féin.

6 Cibé duine chómhnuigheas ann, ní dhéanann sé peacadh: cibé duine do‐ghní peacadh, ní fhaca sé, ná níor aithnigh sé é.

7 A chlann bheag, ná mealladh aoinneach sibh: an té chleachtas fíréantacht atá sé fíréanta, fá mar tá séisean fíréanta:

8 an té do‐ghní peacadh, is duine de chlainn an diabhail é; óir atá an diabhal ag déanamh peacaidh ó thús. Chuige seo is eadh do foillsigheadh Mac Dé, chum go gcuirfeadh sé deireadh le h‐oibreachaibh an diabhail.

9 Cibé duine do geineadh ó Dhia, ní dhéanann sé peacadh, óir fanann síol Dé ann: agus ní féidir leis peacadh do dhéanamh de bhrigh gur ó Dhia do geineadh é.

10 Air seo is eadh aithnightear clann Dé agus clann an diabhail: an té nach gcleachtann fíréantacht, ní duine le Dia eisean ná an té nach dtugann grádh d’á bhráthair.

11 Óir is í seo an teachtaireacht do chualabhar ó thús, gur dual dúinn grádh do thabhairt d’á chéile:

12 ní ar nós Cháin é, duine de chlainn na h‐ainspioraide do mharbh a dhearbhráthair. Agus cad chuige ar mharbh sé é? Toisc a oibreacha féin bheith go h‐olc, agus oibreacha a dhearbhráthar bheith fíréanta.

13 Ná bíodh aon iongnadh oraibh, a bhráithre, fuath bheith ag an saoghal daoibh.

14 Is eol dúinn go bhfuilmíd aistrighthe ó’n mbás go dtí an bheatha toisc grádh bheith againn do na bráithribh. An té atá gan grádh fanann sé san mbás.

15 Cibé duine go bhfuil fuath aige d’á bhráthair is dún‐mharbhthóir é: agus atá a fhios agaibh nach gcómhnuigheann an bheatha mharthannach i n‐aon dún‐mharbhthóir.

16 Air so is eadh aithnighmíd an grádh, de bhrigh go dtug seisean a anam ar ár son; agus ba cheart dúinne ár n‐anam do thabhairt ar son na mbráthar.

17 Acht cibé duine go bhfuil maoin an tsaoghail seo aige, agus go bhfeiceann sé á bhráthair i riachtanas, agus go gcruadhann sé a chroidhe ’n‐a aghaidh, cionnas chómhnuigheann grádh Dé ann?

18 A chlann bheag, ná tabhraimís grádh i mbriathraibh béil, ná leis an teangain: acht i ngníomharthaibh agus i bhfírinne.

19 Air so aithnightear gur daoine de’n fhírinne sinn, agus béidh sásamh croidhe againn ’n‐a fhiadhnaise;

20 óir má chionntuigheann ár gcroidhe sinn, is mó Dia ’ná ár gcroidhe, agus is eol dó an uile nidh.

21 A cháirde ionmhaine, muna gcionntuigheann ár gcroidhe sinn, atá uchtach againn i bhfiadhnaise Dé;

22 agus cibé nidh iarraimíd air dogheibhimíd uaidh é, de bhrigh go gcoimheádaimíd a aitheanta, agus go ndéanaimíd na neithe thaithnigheas leis.

23 Agus is í a aithne, creideamhain i n‐ainm a Mhic Íosa Críost, agus grádh do thabhairt d’á chéile, do réir na h‐aithne thug sé dhúinn.

24 Agus an té choimheádas a aitheanta, cómhnuigheann sé ann, agus cómhnuigheann seisean ann. Agus air so aithnighmíd go gcómhnuigheann sé ionnainn, tríd an Spiorad thug sé dhúinn.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí