Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Eoin 3:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Cibé duine chómhnuigheas ann, ní dhéanann sé peacadh: cibé duine do‐ghní peacadh, ní fhaca sé, ná níor aithnigh sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Ní bhíonn aon duine dá gcónaíonn ann ag déanamh peaca; an té a bhíos ag déanamh peaca ní fhaca sé é agus níor chuir sé aithne air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Gidh bé neach chómhnuigheas annsan, ní pheacuigheann sé: gidh bé neach do ní peacadh ní fhacuidh sé eision, agus ní raibh aithne aige air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Gach duine a mhaireann ann ní dhéanann peaca, agus an té a dhéanann, ní fhaca sé é ná níor chuir sé aithne air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Gach duine a mhaireann ann ní dhéanann peaca, agus an té a dhéanann, ní fhaca sé é ná níor chuir sé aithne air.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 3:6
11 Tagairtí Cros  

Acht sinne uile, ag dearcadh, mar bhéadh i scathán, ar ghlóir an Tighearna, gan folach bheith ar ár ngnúis, atáimíd d’ár n‐aistriú san íomháigh chéadna ó ghlóir go glóir, mar bhéadh ó’n Tighearna an Spiorad.


Óir Dia d’órduigh do’n tsolas soillsiú as lár an dorchadais, do shoillsigh sé ’n‐ár gcroidheachaibh, chum solas glóire Dé do thabhairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


Anois, a chlann bheag, cómhnuighidh ann, ionnas, má foillsightear é, go mbéidh uchtach againn, gan náire bheith orainn nuair thiocfas sé.


Agus is air so aithnighmíd go bhfuil aithne againn air, má choimheádaimíd a aitheanta.


An té adeir, Atá aithne agam air, agus nach gcoimheádann a aitheanta, is bréagaire é, agus ní fhuil fírinne ar bith ann.


A cháirde ionmhaine, atáimid ’n‐ár gclainn Dé anois, agus níor foillsigheadh fós créad atá i ndán dúinn. Atá a fhios againn, nuair foillseochar é, go mbéidhmíd cosmhail leis; óir chífimíd é do réir mar tá sé.


Cibé duine do geineadh ó Dhia, ní dhéanann sé peacadh, óir fanann síol Dé ann: agus ní féidir leis peacadh do dhéanamh de bhrigh gur ó Dhia do geineadh é.


An té nach ngrádhuigheann, ní fhuil aithne aige ar Dhia; óir is grádh é Dia.


Is eol dúinn, aoinneach do geineadh ó Dhia nach ndéanann sé peacadh; acht an té do geineadh ó Dhia, coimheádann sé féin é, agus ní bhfaghann an ainspioraid greim air.


A chara ionmhain, ná déan aithris ar an olc, acht ar an mhaith. An té chleachtas an mhaith, is ó Dhia atá sé: an té chleachtas an t‐olc, ní fhaca sé Dia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí