Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 3:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 A cháirde ionmhaine, atáimid ’n‐ár gclainn Dé anois, agus níor foillsigheadh fós créad atá i ndán dúinn. Atá a fhios againn, nuair foillseochar é, go mbéidhmíd cosmhail leis; óir chífimíd é do réir mar tá sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 A lucht na páirte, is clann Dé sinn cheana; ní fheictear go fóill go soiléir cad é a bheas ann; ach tá a fhios againn an méid seo, go mbeimid cosúil leis nuair a nochtfas sé, mar feicfimid é mar atá sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 A cháirde, as clann do Dhía sinn a nois, achd ní léir fós créd bhus sinn: gidheadh atá a fhios aguinn, an tan fhoillséochar eision, go mbíam cosmhuil ris; óir do chífeam é do réir mar atá sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 A chairde cléibh, is sinne clann Dé cheana féin, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlacht-san, mar go bhfeicfimid é mar atá sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 A chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan, mar go bhfeicfimid é mar atá sé.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 3:2
37 Tagairtí Cros  

Is aoibhinn do lucht an chroidhe ghlain, mar dochífid‐sean Dia. Is aoibhinn do lucht na síothchána do dhéanamh,


Mar sin is eadh bhéas, an lá ’n‐a bhfoillseochar Mac an Duine.


óir ní féidir dhóibh bás d’fhágháil athuair: óir atáid ar nós na n‐aingeal; agus atáid ’n‐a gclainn ag Dia, óir is clann na h‐aiséirghe iad.


Acht an méid do ghlac leis, thug sé mar cheart dóibh bheith ’n‐a gclainn do Dhia, dóibh‐sean chreideas ’n‐a ainm:


Agus ní h‐amháin ar son an chinidh, acht go gcruinneochadh sé i n‐aon chineadh amháin clann Dé atá scaipthe.


A Athair, is é is mian liom na daoine thugais dom do bheith mar a bhfuilim; go bhfeicfidh siad mo ghlóir, a thugais‐se dhom: óis thugais grádh dhom roimh chruthú an domhain.


Do‐bheir an Spiorad féin a fhiadhnaise i n‐éinfheacht le n‐ár spiorad gur maicne Dé sinn: agus má’s maicne sinn,


Óir measaim‐se nach fiú an méid fhulaingmíd fá láthair do chur i gcóimheas leis an nglóir foillseochar ionnainn.


Mar tá ar cruthuigheadh ag fuireach go fonnmhar ar thaidhbhsiú maicne Dé.


Óir na daoine do réamh‐aithnigh sé, do réamh‐oirdnigh sé iad, chum go mbéadh siad cosmhail le h‐íomháigh a Mhic, chum go mbéadh seisean ’n‐a chéid‐ghein i measc mórán bráithreach.


Óir chímíd anois mar bhéadh go doiléir i scathán; acht chífimíd éadan a chéile an t‐am sin: anois atá aithne neamh‐chruinn againn, acht aithneochad an t‐am sin fá mar aithnightear mé féin.


Agus fá mar bhíomar i gcosamhlacht an duine thalmhaidhe, béidhmíd i gcosamhlacht an duine neamhdha, leis.


acht mar atá scríobhtha, Ní fhaca súil, agus ní chuala cluas, Ní tháinig isteach i gcroidhe an duine, Na neithe do chuir Dia i n‐áirithe do na daoinibh go bhfuil grádh aca dhó.


Acht sinne uile, ag dearcadh, mar bhéadh i scathán, ar ghlóir an Tighearna, gan folach bheith ar ár ngnúis, atáimíd d’ár n‐aistriú san íomháigh chéadna ó ghlóir go glóir, mar bhéadh ó’n Tighearna an Spiorad.


Óir, ár gcrádh beag éadtrom, nach maireann acht tamall gearr, soláthruigheann sé dhúinn carn glóire síorraidhe atá gan chuimse;


Óir is clann Dé sibh uile tré chreideamh i nÍosa Críost.


Agus de bhrigh gur clann‐mhac sibh do chuir Dia uaidh Spiorad a Mhic isteach ’n‐bhur gcroidheachaibh, g‐á ghlaodhach, Abba, a Athair.


an té chuirfeas malairt crotha ar chorp so ár h‐umhlaidheachta, chum go ndéanfar cosmhail é le n‐a chorp glórmhar féin, do réir an chumais atá aige chum gach uile nidh do thabhairt fá n‐a cheannas féin.


Nuair foillseochar Críost, ár mbeatha‐na, foillseochar sibh‐se, chómh maith, mar aon leis i nglóir an t‐am sin.


ar an gcuma chéadna, foillseochar Críost gan peacadh, an dara h‐uair, do na daoinibh atá ag fanamhain leis, chum a slánuighthe, tar a éis dó a íodhbairt féin an t‐aon uair amháin chum peacaidhe móráin d’iomchar.


tré n‐ar bhronn sé orainn geallamhnacha an‐mhóra, sár‐luachmhara; chum go mbéadh sibh rannpháirteach san nádúir dhiadha d’á mbárr, tar a éis daoibh teacht saor ó’n truailliú atá san tsaoghal tré ainmhiantaibh.


Anois, a chlann bheag, cómhnuighidh ann, ionnas, má foillsightear é, go mbéidh uchtach againn, gan náire bheith orainn nuair thiocfas sé.


A cháirde ionmhaine, ní h‐aon aithne nua atá agam d’á scríobhadh chugaibh, acht sean‐aithne do bhí ó thús agaibh. Is í an tsean‐aithne an briathar do chualabhar.


Féachaidh méid an ghrádha thug an tAthair dúinn, go nglaodhfaidhe clann Dé orainn: agus atá an scéal amhlaidh ’n‐ár dtaobh. Ar an adhbhar sin ní aithnigheann an saoghal sinn, toisc nár aithnigh sé eisean.


Air seo is eadh aithnightear clann Dé agus clann an diabhail: an té nach gcleachtann fíréantacht, ní duine le Dia eisean ná an té nach dtugann grádh d’á bhráthair.


A cháirde ionmhaine, muna gcionntuigheann ár gcroidhe sinn, atá uchtach againn i bhfiadhnaise Dé;


Cibé duine chreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Dhia do geineadh é, agus cibé duine ghrádhuigheas an té do ghein é, grádhuigheann sé an Mac do geineadh uaidh.


agus do‐bhéarfad dó réalta na maidne.


agus chífidh siad a ghnúis; agus béidh a ainm ar chláraibh a n‐éadain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí