Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Eoin 3:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Féachaidh méid an ghrádha thug an tAthair dúinn, go nglaodhfaidhe clann Dé orainn: agus atá an scéal amhlaidh ’n‐ár dtaobh. Ar an adhbhar sin ní aithnigheann an saoghal sinn, toisc nár aithnigh sé eisean.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Féachaigí cad é an grá a thug an tAthair dúinn, go ngairfí clann Dé dínn; agus is amhlaidh atá. Cad chuige nach bhfuil aithne ag an saol orainn, ach nach raibh aithne aige air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Tuguidh dá bhur naire, créd é méud an ghrádha tug an Tathair dhúinne, as a ngoirfidhe clann Dé dhínn: is uime so nach aithnidh don tsáoghal sinn, do bhrígh nach aithnidh dhó eisean.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn! Is é an fáth nach n-aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

1 Breathnaígí cad é mar ghrá a thug an tAthair dúinn! go nglaofaí clann Dé orainn, agus is amhlaidh sinn. Sé an fáth nach n‑aithníonn an saol sinne mar nár aithin sé eisean.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 3:1
33 Tagairtí Cros  

óir ní féidir dhóibh bás d’fhágháil athuair: óir atáid ar nós na n‐aingeal; agus atáid ’n‐a gclainn ag Dia, óir is clann na h‐aiséirghe iad.


Acht an méid do ghlac leis, thug sé mar cheart dóibh bheith ’n‐a gclainn do Dhia, dóibh‐sean chreideas ’n‐a ainm:


Agus ní h‐amháin ar son an chinidh, acht go gcruinneochadh sé i n‐aon chineadh amháin clann Dé atá scaipthe.


Acht do‐ghéanaid na neithe seo go léir dhaoibh mar gheall ar m’ainm‐se, de bhrigh nach bhfuil aithne aca ar an té do chuir uaidh mé.


Agus do‐ghéanaid an méid sin, de chionn nach aithnid dóibh an t‐Athair ná mise.


A Athais fhiréin, níor aithin an saoghal mé, acht d’aithnigheas‐sa thú; agus do bhí a fhios aca‐san gur chuiris‐se uait mé;


Óir do ghrádhuigh Dia an saoghal chómh mór sin, go dtug sé a Aon‐Mhac féin, ionnas, gach duine creidfeadh ann, nach gcaillfidhe é, acht go mbéadh an bheatha shíorraidhe aige.


Acht nochtann Dia an grádh atá aige féin dúinn, de bhrigh, ar mbeith dhúinn ’n‐ár bpeachachaibh, go bhfuair Críost bás ar ár son.


Mar tá ar cruthuigheadh ag fuireach go fonnmhar ar thaidhbhsiú maicne Dé.


le súil go saorfar gach ar cruthuigheadh ó bhraighdeanas na truailleachta chum saoirse glóire maicne Dé.


An té nár spáráil a Mhac féin, acht thug suas ar son an uile dhuine againn é, nach mbronnfaidh sé gach uile nidh orainn i n‐éinfheacht leis?


Agus béidhead mar Athair agaibh, Agus béidh sibh‐se mar chlann‐mhac agus mar chlann‐inghean agam, adeir an Tighearna Uile‐chumhachtach.


Óir is clann Dé sibh uile tré chreideamh i nÍosa Críost.


Agus má’s le Críost sibh, is sliocht Abrachaim sibh, leis, oidhrí de réir na geallamhna.


Óir d’éagabhar, agus atá bhur mbeatha foluighthe mar aon le Críost i nDia.


Air seo is eadh aithnightear clann Dé agus clann an diabhail: an té nach gcleachtann fíréantacht, ní duine le Dia eisean ná an té nach dtugann grádh d’á bhráthair.


A cháirde ionmhaine, atáimid ’n‐ár gclainn Dé anois, agus níor foillsigheadh fós créad atá i ndán dúinn. Atá a fhios againn, nuair foillseochar é, go mbéidhmíd cosmhail leis; óir chífimíd é do réir mar tá sé.


Is mar sin curtar a ghrádh i gcrich ionnainn, chum go mbéidh uchtach againn i lá an bhreitheamhnais; de bhrigh go mbímíd san tsaoghal mar bhíonn seisean.


An té bheireas buaidh, béidh sé ’n‐a oidhre ar na neithibh seo: agus béidhead mar Dhia aige, agus béidh seisean mar mhac agam‐sa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí