Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Eoin 3:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Cibé duine do geineadh ó Dhia, ní dhéanann sé peacadh, óir fanann síol Dé ann: agus ní féidir leis peacadh do dhéanamh de bhrigh gur ó Dhia do geineadh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Ní bhíonn aon duine dár gineadh ó Dhia ag déanamh peaca; mar fanann nádúr Dé ann, agus ní féidir leis peaca a dhéanamh ó gineadh ó Dhia é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Gidh bé neach gheintear ó Dhía ní dhéuna sé peacadh; óir do ní a shíolsan comhnuighe ann: agus ní héidir leis peacadh do dhéunamh, do bhrígh go bhfuil sé ar na gheineamhuin ó Dhía.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Gach duine a shíolraigh ó Dhia, ní dhéanann peaca mar go maireann a shíolsan ann agus ní féidir dó peacú mar gur ó Dhia a shíolraigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Gach duine a shíolraigh ó Dhia, ní dhéanann peaca mar go maireann a shíolsan ann agus ní féidir dó peacú mar gur ó Dhia a shíolraigh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 3:9
18 Tagairtí Cros  

Ní féidir do’n deagh‐chrann droch‐thoradh do thabhairt, ’ná do’n droch‐chrann toradh maith do thabhairt.


nach ó’n bhfuil, ná ó thoil na colna, ná ó thoil duine do geineadh iad, acht ó Dhia.


D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Go fírinneach adeirim leat, Muna ngeintear duine athuair, ní fhéadann sé ríoghacht Dé d’fheicsin.


óir ní féidir linne gan labhairt i dtaobh a bhfacamar agus a gcualamar.


Nár leigidh Dia é. Sinne atá marbh do’n pheacadh, chionnas mhairfimíd níos faide ann?


Óir bíonn mianghas na colna ag cur i gcoinnibh an Spioraid, agus bíonn an Spiorad ag cur i gcoinnibh mianghais na colna; mar tá siad i n‐aghaidh a chéile; ar mhódh nach bhféadann sibh na neithe dob’ áil libh do dhéanamh.


i ndóchas na beathadh síorraidhe, do gheall Dia, nach bhféadann bréag do dhéanamh, ins na h‐aoisibh i bhfad ó shoin;


óir do h‐aith‐gheineadh sibh, ní ó shíol so‐thruaillighthe, acht ó shíol neamhthruaillighthe, le briathar bith‐bheo, buan Dé.


Má’s eol díbh é bheith fíréanta, is eol daoibh gach aoinneach chleachtas fíréantacht, gur uaidh‐sean do geineadh é.


Cibé duine chómhnuigheas ann, ní dhéanann sé peacadh: cibé duine do‐ghní peacadh, ní fhaca sé, ná níor aithnigh sé é.


A cháirde ionmhaine, bíodh grádh againn d’á chéile: óir is ó Dhia thig an grádh; agus gach duine ghrádhuigheas, is ó Dhia do geineadh é, agus aithnigheann sé Dia.


Cibé duine chreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Dhia do geineadh é, agus cibé duine ghrádhuigheas an té do ghein é, grádhuigheann sé an Mac do geineadh uaidh.


Is eol dúinn, aoinneach do geineadh ó Dhia nach ndéanann sé peacadh; acht an té do geineadh ó Dhia, coimheádann sé féin é, agus ní bhfaghann an ainspioraid greim air.


Óir buadhann ar geineadh ó Dhia ar an saoghal, agus is é do bhuaidh ar an saoghal, ná ár gcreideamh‐na.


A chara ionmhain, ná déan aithris ar an olc, acht ar an mhaith. An té chleachtas an mhaith, is ó Dhia atá sé: an té chleachtas an t‐olc, ní fhaca sé Dia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí