Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Eoin 3:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Gach aoinneach do‐ghní peacadh sáruigheann sé an dlighe, leis: agus is sárú dlighe an peacadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Gach duine dá ndéanann peaca, bíonn an dlí mar nach mbeadh sé ann aige; óir is aindlí an peaca.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Gidh bé neach do ní peacadh sáruighe sé an reachd mar an gcéudna: óir a sé as peacadh ann sárughadh an reachda.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Gach duine a dhéanann an peaca sáraíonn dlí freisin mar gur sárú dlí gach peaca.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Gach duine a dhéanann an peaca sáraíonn dlí freisin mar gur sárú dlí gach peaca.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 3:4
17 Tagairtí Cros  

Ar an adhbhar sin, cibé duine bhrisfeas aithne amháin de na h‐aitheantaibh seo is suaraighe, agus mhúinfeas na daoine mar sin, glaodhfar air an duine is lugha i ríoghacht na bhflaitheas: acht cibé duine do‐ghéanas agus mhúinfeas iad, do‐bhéarfar duine mór air i ríoghacht na bhflaitheas.


Annsin adubhairt Pól, Buailfidh Dia thusa, a bhalla aolta: an bhfuil tusa id’ shuidhe chum breithe do thabhairt orm‐sa de réir na dlighe, agus an n‐órduigheann tú mo bhualadh i gcoinnibh na dlighe?


óir ní fíréanóchar duine ar bith ’n‐a fhiadhnaise tré oibreachaibh dlighe: óir is tré dhlighe thagas eolas an pheacaidh.


mar oibrigheann an dlighe fearg; acht an áit nach bhfuil dlighe ann, ní fhuil briseadh dlighe ann.


ar eagla, nuair thiocfad arís, go n‐umhlóchaidh Dia ’n‐bhur measc mé, agus go mbéidh orm a lán díobh‐san do chaoineadh do rinne peacadh cheana, gan aithrighe do dhéanamh san míoghlaine, agus san striapachas, agus san drúis do chleachtadar.


agus slánóchaidh guidhe an chreidimh an t‐easlán, agus tógfaidh an Tighearna aniar é; agus má tá peacaidhe déanta aige, maithfear iad dó.


Is peacadh gach éagcóir: agus tá peacadh ann nach bhfuil chum báis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí