Eoin 15:4 - An Bíobla Naofa 19814 Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh. Faoi mar nach féidir don ghéag toradh a thabhairt uaithi féin, mura bhfanann sí san fhíniúin, sin mar nach féidir daoibhse, mura bhfanann sibh ionamsa. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)4 Fanaigí in bhur gcónaí ionam, agus fanfaidh mé ionaibh. Ní uaithi féin a thagas toradh ar an gcraobh, mura bhfanann an chraobh san fhíniúin, agus ní fhéadann sibh sin a dhéanamh ach oiread, mura bhfanann sibh in bhur gcónaí ionamsa. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara4 Fanaigidh-se ionnam-sa: agus mise ionnaibh-se. Amhail mar nach féidir do’n ghéig toradh a thabhairt uaithe féin, muna bhfanaidh sí ar an fhíneamhain: ní féidir díbh-se acht a oiread, muna bhfanaidh síbh ionnam-sa. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)4 Fanaidh ionnam‐sa, agus mise ionnaibh‐se. Fá mar nach bhféadann an chraobh toradh do thabhairt uaithi féin muna bhfanann sí ar an bhfíneamhain; ní fhéadann sibh‐se, acht an oiread, muna bhfanann sibh ionnam‐se. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)4 Fanuidh ionnamsa, agus misi ionnuibhsi. Amhail as nach bhféudann an ghéug toradh do thabhuirt uáithe féín, muna bhfana sí sa bhfíneamhuin; is mar sin ní fheudfa sibhse fós, muna bhfantaói ionnamsa. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)4 Fanaidh ionam-sa, agus mise ionaibh. Fé mar nách féidir do’n ghéig toradh thabhairt uaithe féin, mura bhfanaidh sí ar an bhfínea-mhuin, sin mar nach féidir daoibh-se mura bhfanaidh sibh ionam-sa. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20124 Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh. Faoi mar nach féidir don ghéag toradh a thabhairt uaithi féin, mura bhfanann sí san fhíniúin, sin mar nach féidir daoibhse, mura bhfanann sibh ionamsa. Féach an chaibidil |