Eoin 15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XV. Caint Chríost le n-a dheisgiobulaibh ar leanmhaint. 1 Is mise an fhíneamhuin fhírinneach, agus isé m’Athair an saothruightheóir. 2 Gach géag atá orm agus ná tugann toradh, gearrfaidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, glanfaidh sé í, ionus go dtabharfadh sí breis toradh. 3 Táthaoí-se anois glan de bhárr na cainte do labhras libh. 4 Fanaidh ionam-sa, agus mise ionaibh. Fé mar nách féidir do’n ghéig toradh thabhairt uaithe féin, mura bhfanaidh sí ar an bhfínea-mhuin, sin mar nach féidir daoibh-se mura bhfanaidh sibh ionam-sa. 5 Mise an fhíneamhuin, sibh-se na géaga; an t-é fhanann ionam-sa agus mise ann, tugann sé sin toradh mór uaidh; óir am’ éaghmuis-se ní féidir daoibh aon nídh a dhéanamh. 6 An t-é ná fanfaidh ionam-sa, caithfar amach é mar ghéag, agus feóchfaidh sé; agus tógfar é agus caithfar sa teine é, agus loisgfar é. 7 Má fhanann sibh ionam-sa, agus má fhanaid mo bhréithre ionaibh, iarrfaidh sibh pé nídh is maith libh, agus déanfar daoibh é. 8 As so a tugtar glóire do m’Athair, sibh-se do thabhairt mór-thoradh uaibh, agus sibh a bheith i nbhúr ndeisgiobuil agam-sa. 9 Mar a thug an t-Athair grádh dhómh-sa, sin mar a thugas-sa grádh dhaoibh-se. 10 Fanaidh am’ ghrádh. Má choiméádann sibh m’aitheanta fanfaidh sibh am’ ghrádh; fé mar a choimeádaim-se aitheanta m’Athar agus go bhfanaim ’n-a ghrádh. 11 Do labhras na neithe sin libh ionus go mbeadh m’áthas-sa ionaibh, agus go mbeadh bhúr n-áthas-sa iomlán. 12 Sidí m’aithne-se, go dtabharfadh sibh-se grádh d’á chéile, fé mar a thugas-sa grádh dhaoibh-se. 13 Ní’l ag aon duine grádh is mó ’na so, go dtabharfadh duine a anam ar son a charad. 14 Is sibh-se mo cháirde-se ach go ndéanfaidh sibh na neithe adeirim libh. 15 Ní seirbhísigh a thabharfadh oraibh feasda, óir ní fios do’n tseirbhíseach an nídh a dheineann a mháighistir. Ach is cáirde atá tabhartha agam oraibh; óir gach nídh d’ár airigheas féin ó m’Athair do chuireas i n-iúil daoibh-se é. 16 Ní sibh-se a dhein mise do thoghadh: ach is mise a dhein sibh-se do thoghadh, agus do cheapadh chun go n-imtheochadh sibh agus go dtabharfadh sibh toradh uaibh, agus go leanfadh bhúr dtoradh; i dtreó, pé rud a dh’iarrfadh sibh ar an Athair am’ ainim-se, go dtabharfadh sé daoibh é. 17 Tugaim na h-aitheanta so dhaoibh i dtreó go mbeadh grádh agaibh d’a chéile. 18 Má thugann an saoghal fuath dhaoibh, bíodh fhios agaibh gur thug sé fuath dhómh-sa rómhaibh. 19 Dá mba leis an saoghal a bhainfeadh sibh bheadh grádh ag an saoghal d’a chuid féin; ach óir ná baineann sibh leis an saoghal, ach gur dheineas-sa sibh a thoghadh as an saoghal, uime sin tá fuath ag an saoghal daoibh. 20 Cuimhnighidh ar an bhfocal adubhart libh: Ní’l an seirbhíseach níos mó ’ná a mhaighistir. Má dheineadar géarleanmhaint orm-sa déanfaid siad géarleanmhaint oraibh-se, leis; má choimeádadar mo bhréithre-se, coimeádfaid siad bhúr mbréithre-se, leis. 21 Ach déanfaid siad na neithe sin go léir libh mar gheall ar m’ ainim-se, toisg gan aithne bheith acu ar an t-é a chuir uaidh mé. 22 Dá mba ná tiocfainn agus labhairt leó, ní bheadh an peaca ortha; ach anois ní’l aon leathsgéal acu i dtaobh a bpeaca. 23 An t-é go bhfuil fuath aige dhómh-sa, tá fuath aige do m’Athair, leis. 24 Dá mba na déanfainn na h-oibreacha ’n-a measg, oibreacha nár dhein aoinne eile, ní bheadh an peaca ortha; ach anois do chonacadar agus thugadar fuath i n-aonfheacht, dómh-sa agus do m’Athair i n-aonfheacht. 25 Ach ionus go gcómhlíonfaí an focal atá sgríobhtha sa dlígh atá acu: Do thugadar fuath dhom gan chúis. 26 Ach nuair a thiocfaidh an Sólásaidhe, an t-é a chuirfead-sa chúghaibh-se ó’n Athair, Spioraid na fírinne, a ghluaiseann ó’n Athair, déanfaidh sé sin fiadhnaise orm-sa. 27 Agus déanfaid sibh-se fiadhnaise, óir táthaoí am’ fhochair ó thusach. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society