Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 15:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Fanaidh ionam-sa, agus mise ionaibh. Fé mar nách féidir do’n ghéig toradh thabhairt uaithe féin, mura bhfanaidh sí ar an bhfínea-mhuin, sin mar nach féidir daoibh-se mura bhfanaidh sibh ionam-sa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Fanaigí in bhur gcónaí ionam, agus fanfaidh mé ionaibh. Ní uaithi féin a thagas toradh ar an gcraobh, mura bhfanann an chraobh san fhíniúin, agus ní fhéadann sibh sin a dhéanamh ach oiread, mura bhfanann sibh in bhur gcónaí ionamsa.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Fanaigidh-se ionnam-sa: agus mise ionnaibh-se. Amhail mar nach féidir do’n ghéig toradh a thabhairt uaithe féin, muna bhfanaidh sí ar an fhíneamhain: ní féidir díbh-se acht a oiread, muna bhfanaidh síbh ionnam-sa.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Fanaidh ionnam‐sa, agus mise ionnaibh‐se. Fá mar nach bhféadann an chraobh toradh do thabhairt uaithi féin muna bhfanann sí ar an bhfíneamhain; ní fhéadann sibh‐se, acht an oiread, muna bhfanann sibh ionnam‐se.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Fanuidh ionnamsa, agus misi ionnuibhsi. Amhail as nach bhféudann an ghéug toradh do thabhuirt uáithe féín, muna bhfana sí sa bhfíneamhuin; is mar sin ní fheudfa sibhse fós, muna bhfantaói ionnamsa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh. Faoi mar nach féidir don ghéag toradh a thabhairt uaithi féin, mura bhfanann sí san fhíniúin, sin mar nach féidir daoibhse, mura bhfanann sibh ionamsa.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 15:4
29 Tagairtí Cros  

Deinidh an crann a bheith go maith agus a thoradh fóghanta air; nó deinidh an crann go h-olc agus an toradh go h-olc air; óir is as a thoradh do h-aithnightear an crann.


Ach an chuid a thuiteann ar an dtalamh fóghanta, siniad an mhuintir a ghlacann an focal leis an ndeagh-chroidhe is fearr nuair a chloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toradh uatha le fadfhulang.


An lá san aithneóchaidh sibh-se go bhfuilim-se am’ Athair, agus go bhfuil sibh-se ionam-sa, agus mise ionaibh-se.


Mise ionta so, agus tusa ionam-sa, ionus go mbeidís beachtuighthe i n-aon; agus go n-aithneóchadh an saoghal gur chuiris-se uait mé, agus gur thugais grádh dhóibh seo fé mar a thugais grádh dhóm-sa.


Óir is bia go fíor mo chuid feóla, agus is deoch go fíor mo chuid fola.


Agus dubhairt Íosa leis na Iúdaigh a chreid ann: Má fhanann sibh ar mo bhriathar is fíordheisgiobuil agam sibh feasda;


Thainig sé agus chonnaic sé an grásta ó Dhia agus bhí áthas mór air agus thug sé cómhairle do sna daoine go léir bheith seasamhach ’n-a gcroidhe agus leanmhaint do’n Tighearna.


agus do chuireadar sagairt fé ghrádhaibh dóibh ins gach eaglais, agus dheineadar úrnuighthe agus trosgadh, agus ansan thugadar suas do’n Tighearna iad, óir do chreideadar ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí