Eoin 15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Is mise an fhíneamhain fhíor, agus is é m’Athair an fíon‐tsaothruightheoir. 2 Aon chraobh díom nach dtugann toradh, scoitheann sé í: agus aon chraobh do‐bheir toradh, glanann sé í chum go dtiubhradh sí tuilleadh tortha. 3 Atá sibh‐se glan anois de bhárr an bhriathair do labhras libh. 4 Fanaidh ionnam‐sa, agus mise ionnaibh‐se. Fá mar nach bhféadann an chraobh toradh do thabhairt uaithi féin muna bhfanann sí ar an bhfíneamhain; ní fhéadann sibh‐se, acht an oiread, muna bhfanann sibh ionnam‐se. 5 Is mise an fhíneamhain, is sibh‐se na craobhacha: An té fhanas ionnam‐sa, agus go bhfanaim‐se ann, do‐bheir seisean mórán tortha: óir im’ éagmais‐se ní fhéadann sibh éinnidh do dhéanamh. 6 Aon duine nach bhfanann ionnam‐sa, caithtear é amach amhail craobh, agus feoghann sé; agus bailightear iad agus caithtear isteach sa teinidh iad, agus dóightear iad. 7 Má fhanann sibh ionnam‐sa, agus má fhanann mo bhriathra ionnaibh‐se, iarraidh nidh ar bith is mian libh, agus do‐ghéantar daoibh é. 8 Sibh‐se do thabhairt mórán tortha, as sin is eadh tugtar glóir dom’ Athair; agus sibh do bheith ’n‐bhúr ndeisceablaibh agam‐sa. 9 Fá mar thug an t‐Athair grádh dhamh‐sa, thugas‐sa grádh dhaoibh‐se; fanaidh im’ ghrádh. 10 Má choimhéadann sibh m’aitheanta, fanfaidh sibh im’ ghrádh; fá mar choimhéadas‐sa aitheanta m’Athar, agus go bhfanaim ’n‐a ghrádh. 11 Do labhras na neithe sin libh, d’fhonn go mbéadh mo gháirdeachas ionnaibh, agus go mbéadh bhúr ngáirdeachas iomlán. 12 Is í seo m’aithne‐se, go dtiubhradh sibh grádh d’á chéile, mar thugas‐sa grádh dhaoibh‐se. 13 Ní fhuil grádh ag aon duine is mó ’ná so, go dtiubhradh duine a anam ar son a charad. 14 Is sibh‐se mo cháirde má ghníonn sibh a n‐órduighim daoibh. 15 Ní seirbhísigh ghlaodhaim oraibh feasta; óir ní h‐eol do’n tseirbhíseach céard do‐ghní a thighearna: acht thugas cáirde oraibh; óir gach a gcualas óm’ Athair thugas le fios daoibh‐se. 16 Ní sibh‐se do thogh mise, acht is mise do thogh sibh‐se, agus do cheapas sibh chum go n‐imtheochadh sibh agus go dtiubhradh sibh toradh, agus go mbéadh bhúr dtoradh buan: ionnas, cibé nidh iarrfas sibh ar an Athair im’ ainm‐se, go dtiubhradh sé dhaoibh é. 17 Do‐bheirim na h‐aitheanta so dhaoibh, chum go mbéadh grádh agaibh d’á chéile. 18 Má bheir an saoghal fuath dhaoibh, bíodh a fhios agaibh go dtug sé fuath dhamh‐sa rómhaibh. 19 Dá mba leis an saoghal so sibh, do bhéadh cion ag an saoghal ar a chineál féin: acht de bhrigh nach leis an saoghal sibh, acht gur thoghas‐sa sibh as an saoghal, ar an adhbhar sin atá fuath ag an saoghal daoibh. 20 Cuimhnighidh ar an mbriathar adubhairt mé libh, Ní mó an seirbhíseach ná a mháighistir. Má rinneadar géir‐leanamhain orm‐sa, do‐ghéanaid géir‐leanamhain oraibh‐se mar an gcéadna; má choimhéadadar mo bhriathra‐sa, choimhéadfaidh siad bhúr mbriathra‐sa, leis. 21 Acht do‐ghéanaid na neithe seo go léir dhaoibh mar gheall ar m’ainm‐se, de bhrigh nach bhfuil aithne aca ar an té do chuir uaidh mé. 22 Muna mbéadh go dtáinig mé agus gur labhair mé leo, ní bhéadh peacadh ortha: acht anois atáid gan leithscéal i dtaobh a bpeacaidh. 23 An té go bhfuil fuath aige dhamh‐sa, atá fuath aige dom’ Athair, leis. 24 Muna mbéadh go ndearnas ’n‐a measc na h‐oibreacha nach ndearna aoinneach eile, do bhéidís gan pheacadh: acht anois do chonnacadar mise agus m’Athair, agus thugadar fuath dhúinn. 25 Acht chuige sin tharla, chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar atá scríobhtha ’n‐a ndlighe, Thugadar fuath dhom gan chúis. 26 Acht nuair thiocfas an Sólásaidhe, an té chuirfeas mé chugaibh ó’n Athair, Spiorad na fírinne, ghluaiseas ó’n Athair, do‐bhéarfaidh seisean fiadhnaise im’ thaobh‐sa: 27 agus do‐bheir sibh‐se, leis, fiadhnaise, óir atá sibh im’ fhochair ó thosach. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society