Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Salm 1:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Is cosúil an duine sin le crann a plandaíodh ar bhruach na habhann, a thugann a thoradh go tráthúil agus nach bhfeonn a dhuilleoga choíche. Bíonn an rath ar gach aon ní dá ndéanann sé.

Féach an chaibidil Cóip

An tSaltair 1965 (Ó Cuinn)

3 Agus beidh sé mar chrann atá curtha ar bhruach an uisce: a thabharfaidh a thoradh go tráthúil.

Féach an chaibidil Cóip

Psalma Dhaibhí 1836

3 Mar ghlas‐chrann aluinn biaidh se Chois aimhne fás ata, Bheir se ann aimsir toradh trom, ’Sni chrionfuidh fós a bhlath. Thig biseach air gach nidh da ndéan:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus biáidh sé ccosmhuil re crann plannduighthe láimh re haibhnibh uisge, noch do bheir a thoradh iona aimsir íomchubhaidh; ní chríonfuidh fós a dhuille; agus gidh bé ní do dhéana sé tiocfaidh biseach air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Is cosúil an duine sin le crann a plandaíodh ar bhruach na habhann, a thugann a thoradh go tráthúil agus nach bhfeonn a dhuilleoga choíche. Bíonn an rath ar gach aon ní dá ndéanann sé.

Féach an chaibidil Cóip




Salm 1:3
32 Tagairtí Cros  

Níor bhac an príomhshéiléir le haon rud a bhí faoi chúram Iósaef mar bhí an Tiarna fairis; agus bhí conách an Tiarna ar gach rud a dhéanadh sé.


agus nuair a chonaic a mháistir go raibh an Tiarna le Iósaef, agus conas mar a chuir an Tiarna a bhail ar gach ní dar ghabh sé i láimh,


Bhí an Tiarna ina theannta agus bhí an rath air cibé áit ar a raibh a thriall. D'éirigh sé amach in aghaidh rí na hAsaíre agus d'eitigh fónamh dó.


Go raibh an Tiarna leat anois, a mhic, agus go gcuire sé an rath ort, ag tógáil tí don Tiarna do Dhia, mar a dúirt sé i do thaobh.


Rithfidh leat ansin má chomhlíonann tú le barr cúraim na reachtanna agus na dlíthe a leag an Tiarna ar Mhaois d'Iosrael. Bíodh fuinneamh agus misneach agat! Ná bíodh eagla ná meatacht ort!


Gach saothar a thóg sé idir lámha i seirbhís Theampall Dé maidir le dlí nó aitheanta, chuir sé i ngníomh é, agus a chroí dírithe ar Dhia, agus d'éirigh leis.


Thug a lán daoine tabhartais chun an Tiarna in Iarúsailéim, agus bronntanais do Hiziciá rí Iúdá; tar éis ar tharla, bhí ardmheas ar Hiziciá i measc na náisiún go léir.


Péacfaidh sé le boladh an uisce, Agus eascróidh géaga as dála phlanda nua.


Má bheartaíonn tú cúrsa, rithfidh leat, Agus lonróidh solas ar do bhealaí.


Íosfaidh tú toradh de shaothair féin; beidh tú go sona séanmhar.


Agus nach ndéarfaidh lucht taistil na slí “Bail ó Dhia ar an obair! Beannaímid sibh in ainm an Tiarna; anois agus choíche!”


Arna bplandú in áras an Tiarna dóibh, beidh siad faoi mhaise i gcúirteanna Dé.


Tabharfaidh siad toradh uathu fiú amháin nuair is críon dóibh, agus iad go húrghlas i gcónaí,


Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad; tagann mná agus lasann siad an tine leo. Óir is pobal é seo atá gan tuiscint, mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh; an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh.


Abraigí: “Is méanar don fhíréan, mar íosfaidh sé toradh a ghníomhartha;


Fásfaidh siad ar nós féar cois uisce, mar bheadh na saileacha ar bhruach na sruthán.


Beidh an Tiarna do do threorú de shíor agus ag riar do ghá faoi loscadh na gréine. Cuirfidh sé smior i do chnámha agus beidh tú mar ghairdín a fuair riar uisce, ar nós tobar nach dtéann a chuid uiscí i ndísc.


Is cosúil é le crann atá lámh le huisce, agus a shíneann a fhréamhacha amach leis an sruth; ní bhíonn sé i bhfaitíos roimh lá an bhrothaill, mar fanann a dhuilliúr glas; ní bhíonn sé buartha i mbliain an tarta, mar ní éiríonn as torthaí a thabhairt.


Ba in ithir thorthúil i gcóngar uiscí líonmhara a cuireadh an fhíniúin, chun géaga a fhás, chun torthaí a bhreith, agus aibiú mar fhíniúin uasal.


Bhí do mháthair amhail fíniúin a cuireadh i gcóngar an uisce.


Uime sin d'fhás sé níb airde ná na crainn eile; mhéadaigh a bheangáin, shín a ghéaga amach de thairbhe flúirse an uisce a tháinig fad leis.


Ar bhruach na habhann, ar an dá bhruach, fásfaidh gach cineál crann toraidh, le duilleoga nach bhfeonn agus le toradh nach dteipeann. Béarfaidh siad toradh úr gach mí de bhrí go sileann an t‑uisce seo dóibh ón sanctóir. Beidh a dtoradh mar bhia agus a nduilleoga mar leigheas.”


Is cuma iad nó gleannta a shíneann i gcéin, nó luibhghoirt ar insí abhann, nó crainn aló a chlannaigh an Tiarna, nó crainn chéadrais láimh leis na huiscí!


Ar éirí don ghrian, áfach, loisceadh é, agus d'fheoigh sé de cheal fréimhe.


agus nuair a chonaic sé crann fígí le hais an bhóthair, bhuail sé ina threo ach ní bhfuair air ach duilleoga. Agus dúirt sé leis: “Nár fhása aon toradh ortsa as seo amach go brách!” Agus shearg an crann fígí ar an mball.


Nuair a bhí séasúr na dtorthaí ann, chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun toradh an fhíonghoirt a fháil.


Dúirt siad leis: “Tabharfaidh sé drochíde do na daoine mallaithe sin agus cuirfidh an fíonghort ar cíos chun curadóirí eile a thabharfaidh na torthaí dó ina séasúr féin.”


Cibé nach bhfanfaidh ionamsa, caithfear amach é mar ghéag, agus feofaidh sé; agus tógfar agus caithfear sa tine iad, agus dófar iad.


Fógróidh an Tiarna beannacht anuas ort i do sciobóil agus i ngach ní a ghabhfaidh tú idir lámha; cuirfidh sé beannacht ort sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit.


Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire á tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, á scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh;


Bhí ansiúd i lár a sráide agus ar dhá thaobh na habhann, crainn na beatha a bheireadh a dhá dtoradh déag, agus gach ceann díobh ag tabhairt a thoradh le haghaidh na míosa. Ba chun na ciníocha a leigheas duilliúr na gcrann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí