Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:38 - An Bíobla Naofa 1981

38 Tugaigí agus tabharfar daoibh: tomhas maith, fuinte, craite, cruachta a chuirfear chugaibh in bhur n‑ucht; óir is leis an tomhas lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh ar ais.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

38 tugaigí uaibh, agus tabharfar daoibh; roinn fhial fhlaithiúil, a dhingfear agus a chroithfear go gcuire sé thar bhruacha, a dhoirtfear isteach in bhur n‑ucht. Mar tomhaisfear chugaibh de réir an tomhais a thugann sibh uaibh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

38 Tabhairigidh uaibh, agus bhéarfar díbh: miosúr maith, brúighte síos, craithte agus ag dul thairis a bhéarfas siad isteach i bhur n-ucht. Óir is leis an mhiosúr chéadna le n-a dtómhaisfidh sibh a thómhaisfear thar ais díbh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 maithidh, agus maithfear daoibh: tabhraidh uaibh, agus do‐bhéarfar daoibh; tómhas lán, dingthe, croithte, ag cur thar maol, is eadh thiubhras siad daoibh ’n‐bhúr n‐ucht. Óir an tómhas le n‐a dtómhaiseann sibh, is leis tómhaisfear ar ais chugaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

38 Tabhruidh úaibh, agus do bhéurthar dháoibh; agus do bhéuruid dáoine an bhur nnched, moisúr maith, dingthe, craithte agus ag dul thairis. Oír as lesi an miosúr an a dtoimhéosdáoi, toimhéosdar mar an gcéudna dháoibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Tugaidh uaibh, agus tabharfar daoibh: tómhas maith, díngthe, croithte, cruachta, iseadh chuirfid siad i nbhúr n-ucht chúghaibh. Óir mar a thómhaisfidh sibh uaibh iseadh a tómhasfar chúghaibh thar n-ais.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

38 Tugaigí agus tabharfar daoibh: tomhas maith, fuinte, craite, cruachta a chuirfear chugaibh in bhur n-ucht; óir is leis an tomhas lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh ar ais.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:38
29 Tagairtí Cros  

Táim ceithre fichid bliain d'aois anois; an n‑aithneoinn só thar anó? An bhfaighimse, do shearbhónta, blas ar bhia nó ar dheoch? An dtabharfainn cluas fós do ghuth na bhfear nó na mban ag canadh? Cén fáth a mbeadh do shearbhónta ina ualach breise ar mo thiarna an rí?


A dheartháireacha go léir agus a dheirfiúracha go léir, agus gach duine a raibh aithne acu air roimhe sin tháinig siad go léir á fhiosrú, agus shuigh siad chun boird leis ina theach. Bhí siad go báúil cneasta leis, ag tabhairt sóláis dó de bharr an oilc go léir a thug an Tiarna sa mhullach air. Thug gach duine díobh bonn airgid agus fáinne óir dó.


Cúitigh, a Thiarna, faoi sheacht lenár gcomharsana; an aithis urghránna a chas siad leatsa.


súil ar shúil, fiacail ar fhiacail, lámh ar láimh, cos ar chois,


Beannacht an Tiarna a bhronnann saibhreas, agus ní chuireann seisean dólás léi.


An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna, déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé.


Tá beannacht i ndán don duine cineálta, mar roinneann sé a chuid aráin leis an mbochtán.


Taispeánann tú cineáltas do na mílte, ach cúitíonn tú éigeart na n‑aithreacha go hiomlán lena gclann ina ndiaidh. Dia mór, cumhachtach, arb é Tiarna na Slua a ainm!


“Agus má thugann duine ar bith oiread is an cupán d'fhíoruisce do dhuine den mhuintir bheag seo, as ucht gur deisceabal é, ní bheidh sé gan a thuarastal a fháil.”


óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh.


Dúirt sé leo: “Bígí aireach faoina gcluineann sibh. Is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh, agus tabharfar tuilleadh daoibhse a chluineann.


Gach aon duine a iarrann aisce ort, tabhair dó í, agus an té a bhaineann díot do chuid, ná hiarr ar ais uaidh é.


Tabhair rud dó, agus nuair a dhéanann tú tabhair dó le barr croí mhóir, agus cuirfidh an Tiarna a bheannacht ort dá chionn sin i ngach gnó agus i ngach cúram a ghabhann tú idir lámha.


Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.


Ansin dúirt Adónaí Beizic: “Deichniúr rí agus trí fichid, agus ordóga lámh agus a gcos gearrtha díobh, bhídís faoi mo bhord ag bailiú bruscair an bhia; chúitigh Dia liomsa de réir mar a rinne mé le daoine eile.” Tugadh go Iarúsailéim é, agus fuair sé bás ansiúd.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí