Lúcás 6 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla ChearaCaibidil VI Glacann Críost leithscéal a dheisciobal: Leigheasann sé ar an tsabóid: toghann sé an dáréag, agus bheir sé seanmóir dóibh. 1 Agus thárla ar an dara chéad sabóid, nuair a bhí sé ag dul fríd na guirt arbhair, bhí a dheisciobail ag piocadh na ndias, ghá gcuimilt ina mbosa, agus ghá n-ithe. 2 Agus dubhairt cuid de na Fairisínigh leo: Cad chuige a ndéan sibh rud nach bhfuil dlisteannach ar an tsabóid? 3 Agus dubhairt Íosa leo, ghá bhfeagairt: An é nár léigh sibh an nídh seo a rinne Dáibhidh, nuair a bhí ocras air féin agus ar an méid a bhí ina chuideachta? 4 Mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé, gur thóg agus gur ith sé aráin na fiadhnaise, agus thug dóbhtha sin a bhí ina chuideachta, agus ní ceadmhach acht do na sagairt amháin a n-ithe? 5 Agus dubhairt sé leo: Tá Mac an Duine ina Thighearna fiú ar an tsabóid. 6 Agus thárla ar shabóid eile fosta go ndeachaidh sé isteach san tsineagóig agus go raibh sé ag teagasc; agus bhí duine annsin, agus bhí a lámh dheas seargtha. 7 Agus bhí na Scríobhaidhtheagus na Fairisínigh ghá choimhéad, féachaint an ndéanfadh sé leigheas ar an tsabóid, chun go bhfaghadh siad adhbhar le cur ina leith. 8 Acht bhí fios a smaointe aige-sean, agus dubhairt sé leis an duine a raibh an lámh sheargtha air: Éirigh agus seasuigh i lár báire. Agus d’éirigh seisean agus sheasuigh. 9 Agus dubhairt Íosa leo: Fiafruighim díbh, an cóir maith a dhéanamh ar an tsabóid, nó olc; anam a shábháil, nó a mhilleadh? 10 Agus nuair a d’amharc sé thart ortha uilig, dubhairt sé leis an duine: Sín amach do lámh. Agus shín, agus fágadh a lámh slán aige. 11 Acht líonadh le mí-stuaim iad-san, agus thoisigh siad a chómhradh eatortha féin, cad é dhéanfadh siad le h-Íosa. 12 Agus thárla ins na laethe sin, go ndeachaidh sé suas ar an tsliabh a dhéanamh urnaighe, agus thug sé an oidhche ag guidhe Dé. 13 Agus nuair a tháinic an lá, ghoir sé chuige a dheisciobail, agus thogh sé dáréag acu, (a dtug sé Abstail ortha). 14 Síomon, a dtug sé Peadar mar ainm air, agus Aindrias, a dhearbhráthair, Séamus agus Eoin, Pilip agus Partholán, 15 Maitiú agus Tomás, Séamus mac Alpheuis, agus Síomon, dá ngoirtear Dúthrachtaidhe, 16 Agus Iúdas bráthair Shéamuis, agus Iúdas Iscariot, an té a bhraith é. 17 Agus ar theacht anuas dó i n-aoinfheacht leo, sheasuigh sé ar mhachaire mhín, agus cóimhthionól a dheisciobal ann, agus sluagh mór daoine as Iudaia go léir agus ó Ierusalem agus ó chladaigh na Tiora agus na Sídoine, 18 A tháinic le h-éisteacht leis agus le leigheas a gcuid galar d’fhagháil. Agus an méid a bhíodh dá gcrádhadh ag spioraid neamhghlana, leigheasadh iad. 19 Agus bhí an sluagh uilig ag iarraidh cuimilt leis, óir bhí cumhacht ag dul amach uaidh, agus ghá leigheas uilig. 20 Agus nuair a thóg sé suas a shúla ar a dheisciobail, dubhairt sé: Is beannuighthe sibh-se na bochta, óir is libh ríoghacht Dé. 21 Is beannuighthe sibh-se, a bhfuil ocras oraibh anois, óir gheobhaidh sibh bhur sáith. Is beannuighthe sibh-se, atá ag gol anois, óir béidh sibh ag gáiridhe. 22 Is beannuighthe a bhéas sibh, nuair a bhéarfas na daoine fuath díbh, agus a chuirfeas siad as a gcuideachta sibh, agus bhéarfas siad tarcuisne díbh, agus a chaithfeas siad bhur n-ainm uatha amach mar droch-rud, mar gheall ar Mhac an Duine. 23 Bíodh áthas oraibh an lá sin agus éirighigidh i n-áirde le lúthgháir: óir féach, is mór bhur luach saothair ar neamh; óir is mar sin a ghníodh a n-aithreacha leis na fáidhe. 24 Acht is mairg díbh-se atá saidhbhir, óir tá bhur sólás agaibh. 25 Is mairg díbh-se, a bhfuil bhur sáith agaibh, óir béidh ocras oraibh. Is mairg díbh-se, atá ag gáiridhe anois, óir béidh sibh ag caoineadh agus ag gol. 26 Is mairg díbh nuair a labharfas na daoine go maith oraibh; óir is mar sin a ghníodh a n-aithreacha leis na fáidhe bréige. 27 Acht deirim libh-se atá ag éisteacht: Grádhuighigidh bhur náimhde; déanaigidh maith dóbhtha sin a thug fuath díbh. 28 Iarraigidh beannacht ar na daoine a bhíos ag mallachtaigh oraibh, agus guidhigidh ar son na ndaoine a bhíos ag cur bhréag oraibh. 29 Agus an té a bhuaileas thú ar leacain leat, tionntuigh chuige an leacain eile fosta, agus má bheir duine do chlóca leis, ná cosg air do chasóg acht a oiread. 30 Tabhair do gach aoinneach a iarras ort, agus ná h-iarr thar ais do chuid féin ar an té a bheir uait é. 31 Agus do réir mar is toil libh go ndéanadh na daoine libh déanaigidh leo mar an gcéadna. 32 Agus má ghrádhuigheann sibh iad sin a bheir ghrádh díbh, cad é an buidheachas a bhíos oraibh? Óir grádhuigheann na peacaigh féin na daoine a ghrádhuigheas iad. 33 Agus má ghní sibh maith dóbhtha sin a ghní maith díbh, cad é an buidheachas a bhíos oraibh? Óir ghní na peacaigh féin an nídh sin. 34 Agus má bheir sibh iasacht dóbhtha sin ó n-a bhfuil súil agaibh é d’fhagháil thar ais, cad é an buidheachas a bhíos oraibh? Óir bheir peacaigh iasacht do pheacaigh chun a gcothrom d’fhagháil thar ais. 35 Acht grádhuighigidh bhur náimhde; déanaigidh maith agus tabhairigidh iasacht, gan a bheith ag súil le dadamh dá bhárr, agus béidh luach saothair mór agaibh, agus béidh sibh bhur gcloinn ag an té is Áirde, óir bíonn seisean go maith do dhaoine a bhíos díombuidheach agus olc, 36 Ar an adhbhar sin, bígidh trócaireach, mar atá bhur n-Athair trócaireach fosta. 37 Ná tabhairigidh breitheamhnas, agus ní thabharfar breitheamhnas oraibh; ná daoraigidh, agus ní dhaorfar sibh; maithigidh, agus maithfear díbh. 38 Tabhairigidh uaibh, agus bhéarfar díbh: miosúr maith, brúighte síos, craithte agus ag dul thairis a bhéarfas siad isteach i bhur n-ucht. Óir is leis an mhiosúr chéadna le n-a dtómhaisfidh sibh a thómhaisfear thar ais díbh. 39 Agus labhair sé samhlaoid leo fosta: An dtig le dall dall a threorughadh? Nach dtuiteann siad araon isteach san díg? 40 Ní fhuil an deisciobal ós cionn a mháighistir; acht béidh gach aoinneach sár-mhaith, má bhíonn sé mar a mháighistir. 41 Agus cad chuige a bhfeiceann tú an scealbóg i súil do dhearbhráthar, agus nach ndéan tú an tsail atá i do shúil féin a bhreathnughadh? 42 Nó cad é mar thig leat a rádh le do dhearbhráthair: A dhearbhráthair, leig damh an scealbóg a tharraingt amach as do shúil, nuair nach bhfeiceann tú an tsail i do shúil féin? A bhréagchráibhthigh, caith amach an tsail as do shúil féin ar dtús; agus annsin tcífidh cú go soiléir chun an scealbóg a bhaint as súil do dhearbhráthar. 43 Óir ní fhuil crann maith a bheir droch-thoradh uaidh, ná crann olc a bheir déagh-thoradh uaidh. 44 Óir aithnightear gach crann as a thoradh. Óir ní chruinnigheann daoine fígí de chrainn spíona, agus ní bhaineann siad caor fhíneamhna de dhreasóig. 45 Tairgeann an déag-dhuine an mhaith as déagh-stór a chroidhe, agus tairgeann an droch-dhuine an t-olc as a dhroch-stór. Óir labhrann an béal an rud a mbíonn an croidhe lán de. 46 Agus cad chuige a ngoireann sibh, a Thighearna, a Thighearna, díom, agus nach ndéan sibh na neithe a deirim? 47 Gach aoinneach dá dtig chugam-sa, agus a éisteas le mo bhriathra, agus a ghní dá réir, taisbeánfaidh mé díbh cé leis ar cosamhail é: 48 Is cosamhail é le duine ag tógáil tighe, a thochail go domhain agus a leag an dubhshraith ar an charraig; agus nuair a tháinic an tuile, bhuail an sruth go tréan fá’n tigh sin, agus ní raibh sé i n-innimh é chorrughadh; óir bhí sé bunuighthe ar an charraig. 49 Acht an té a chluin agus nach ndéan, is cosamhail é le duine ag tógáil tighe ar an charraig gan dubhshraith, agus tháinic an sruth go tréan air, agus thuit sé láithreach, agus ba mhór tuitim an tighe sin. |
rights held by the Bible Society in Northern Ireland
Bible Society in Northern Ireland