Lúcás 6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Agus tharla, ag gabháil tré ghortaibh arbhair dó, sabóid amháin, go raibh na deisceabail ag baint na ndias, agus g‐á gcuimilt idir a mbosaibh, agus g‐á h‐ithe. 2 Acht do bhí cuid de na Fairisíneachaibh adubhairt, Cad chuige dhaoibh bheith ag déanamh nidh nach dlisteanach, lá na sabóide? 3 Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, An é nár léigheabhar i dtaobh Dháibhi, an tráth ’n‐a raibh ocras air féin, agus ortha‐san do bhí ’n‐a fhochair; 4 cionnas do chuaidh sé isteach i dtigh Dé, agus do thóg sé arán na toirbhirte agus d’ith sé é, agus thug sé dóibh‐sean, cómh maith, do bhí ’n‐a fhochair iad; arán nár cheart d’aoinneach d’ithe, acht do na sagartaibh amháin. 5 Agus adubhairt sé leo, Is Tighearna Mac an Duine ar an tsabóid féin. 6 Agus tharla, sabóid eile, go ndeachaidh sé isteach sa tsionagóig, agus go raibh sé ag teagasc: agus do bhí fear ann go raibh a lámh dheas seargtha? 7 Agus do bhí na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ag faire air, d’fhéachain an ndéanfadh sé leigheas, lá na sabóide; le súil go mbéadh cúis aca le cur ’n‐a leith. 8 Acht d’aithnigh seisean a smaointe; agus adubhairt sé le fear na láimhe seargtha, Éirigh id’ sheasamh, agus seas i lár baill. 9 Agus d’éirigh sé agus do sheas. Agus adubhairt Íosa leo, Fiafruighim díbh, Ciaca is cóir maith do dhéanamh, nó olc do dhéanamh, ar an tsabóid, anam duine do shlánú, nó do mhilleadh? 10 Agus d’fhéach sé ’n‐a thimcheall ortha uile, agus adubhairt sé leis, Sín amach do lámh uait. Do shín, agus do bhí a lámh slán aige. 11 Agus do bhíodar‐san lán de chúthach; agus do ghlacadar cómhairle le chéile d’fhéachain créad do dhéanfaidís le h‐Íosa. 12 Agus tharla ins na laethibh sin, go ndeachaidh sé amach ar an gcnoc chum urnaighe do dhéanamh; agus d’fhan sé ar feadh na h‐oidhche ag guidhe chum Dé. 13 Agus nuair tháinig an lá, do ghlaodh sé chuige a dheisceabail: agus do thogh sé dáréag aca, d’as ghoir sé apstail; 14 Síomón d’á dtug sé Peadas mar ainm, agus Aindrias a dhearbhráthair, agus Séamas agus Eoin, agus Pilib agus Parthalán, 15 agus Matha, agus Tomás, agus Séamas mac Alfaéuis, agus Síomón ar a dtugtar Sélótés, 16 agus Iúdás Shéamais, agus Iúdás Iscariót an brathadóir; 17 agus tháinig sé anuas i n‐éinfheacht leo, agus do sheas sé ar áit réidh, agus sluagh mór d’á dheisceablaibh, agus liacht mór daoine ó lúdaea agus ó Iarúsalem, agus ó imeall‐bhórd Thuire agus Shídóine, daoine tháinig chum go n‐éistfidís leis, agus chum go leigheasfaidhe a ngalair; 18 agus do leigheasadh iad‐san do bhí d’á gciapadh ag spioraidibh neamh‐ghlana. 19 Agus do bhí an sluagh go léis ag iarraidh cuimilt leis: óir do bhí cumhacht ag teacht amach uaidh do shlánuigh iad go léir. 20 Annsin, ag tabhairt súl ar a dheisceablaibh dó, adubhairt sé, Is aoibhinn daoibh‐se atá bocht: oir is libh ríoghacht Dé. 21 Is aoibhinn daoibh‐se ar a bhfuil ocras anois: óir sásóchar sibh. Is aoibhinn daoibh‐se atá ag gol anois: óir do‐ghéanaidh sibh gáiridhe. 22 Is aoibhinn daoibh‐se nuair thiubhras na daoine fuath dhaoibh, agus nuair shéanfas siad sibh, agus thiubhras siad tarcuisne dhaoibh, agus mhaslóchas siad bhúr n‐ainm mar dhroch‐rud, ar son Mhic an Duine. 23 Déanaidh gáirdeachas, an lá sin, agus léimneach: óir féach, is mór é bhúr luaigheacht ar neamh: óir is mar sin do‐rinne a sinnsir é leis na fáidhibh. 24 Acht is mairg daoibh‐se atá saidhbhir! óir atá bhúr sólás agaibh cheana féin. 25 Is mairg daoibh‐se atá sáitheach anois! óir béidh ocras oraibh. Is mairg daoibh‐se atá ag gáiridhe anois! óir béidh sibh ag caoi agus ag gol. 26 Is mairg daoibh nuair bhéas na daoine ’g‐bhúr moladh! óir is ar an gcuma chéadna do‐rinne a sinnsir é leis na fáidhibh bréige. 27 Acht adeirim libh‐se atá ag éisteacht liom, Tabhraidh grádh do bhúr náimhdibh, déanaidh maith dhóibh‐sean do‐bheir fuath dhaoibh. 28 Tabhraidh beannacht dóibh‐sean do‐bheir mallacht daoibh, déanaidh guidhe ortha‐san do‐ghní tromaidheacht oraibh. 29 An té bhuaileas thú ar leacain leat, iompuigh chuige an leaca eile, leis; agus an té bhaineas do bhrat díot ná h‐eitigh do chasóg air, chómh maith. 30 Tabhair dó‐san iarras nidh ort; agus an té thógas do chuid uait, ná h‐éiligh air arís é. 31 Agus fá mar ba mhaith libh do‐ghéanadh daoine dhaoibh, déanaidh‐se mar an gcéadna dhóibh‐sean. 32 Agus má bheir sibh grádh dhóibh‐sean ag a bhfuil grádh dhaoibh, cad é an buidheachas atá ag dul daoibh? óir bíonn grádh ag na peacachaibh féin dóibh‐sean do‐bheir grádh dhóibh. 33 Agus má ghníonn sibh maith dhóibh‐sean do‐ghní maith dhaoibh, cad é an buidheachas atá ag dul daoibh? óir do‐ghní na peacaigh an nidh céadna. 34 Agus má bheir sibh iasacht dóibh‐sean gur dóigh libh go bhfaighidh sibh nidh uatha, cad é an buidheachas atá ag dul daoibh? Óir do‐bheir na peacaigh féin iasacht uatha chum an oiread céadna d’fhágháil ar ais arís. 35 Acht tabhraidh‐se grád do bhúr náimhdibh, agus déanaidh maith, agus tabhraidh iasacht uaibh gan bheith ag súil le h‐aiseag; agus béidh bhúr luaigheacht an‐mhór, agus béidh sibh ’n‐bhúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le lucht an díombuidheachais agus le droch‐dhaoinibh. 36 Bidhidh trócaireach, d’á bhrigh sin, fá mar atá bhúr nAthair trócaireach. 37 Agus ná beiridh breith, agus ní béarfar breith oraibh: agus ná daoraidh, agus ní daorfar sibh: 38 maithidh, agus maithfear daoibh: tabhraidh uaibh, agus do‐bhéarfar daoibh; tómhas lán, dingthe, croithte, ag cur thar maol, is eadh thiubhras siad daoibh ’n‐bhúr n‐ucht. Óir an tómhas le n‐a dtómhaiseann sibh, is leis tómhaisfear ar ais chugaibh. 39 Agus do labhair sé samhlaoid leo, An féidir do dhall dall do threorú? Nach dtuitfidh siad araon isteach sa díg? 40 Ní fhuil an deisceabal os cionn a mháighistir: acht an té atá diongbhálta béidh sé mar a mháighistir. 41 Agus cad chuige dhuit bheith ag féachain ar an dubhradán atá i súil do bhráthar, agus nach dtugann tú aire do’n tsail atá id’ shúil féin? 42 Nó cionnas is féidir leat a rádh led’ bhráthair, A bhráthair, leig dom an dubhradán atá id’ shúil do bhaint aisti, agus nach bhfeiceann tú an tsail atá id’ shúil féin? A fhíréin bréige, bain an tsail ar dtús as do shúil féin, agus annsin dochífir go soiléir cionnas an dubhradán do bhaint as súil do bhráthar. 43 Óir ní fhuil crann maith do‐bheir droch‐thoradh; ná droch‐chrann do‐bheir toradh maith. 44 Óir as a thoradh is eadh aitheantar gach crann. Óir ní bailightear figí de dheilgnigh, ná ní bailightear caora fíneamhna de dhriseoig. 45 Do‐bheir an deagh‐dhuine an deagh‐nidh amach as deagh‐stór a chroidhe; agus do‐bheir an droch‐dhuine an droch‐nidh amach as droch‐stór a chroidhe: óir as líonmhaireacht an chroidhe is eadh labhras a bhéal. 46 Agus cad chuige a nglaodhann sibh orm, A Thighearna, a Thighearna, agus nach ndéanann sibh a n‐abraim libh? 47 Gach duine thig chugamsa, agus éisteas lem’ bhriathraibh, agus do‐ghní d’á réir, taisbeánfad daoibh cia leis gur cosmhail é: 48 is cosmhail é le fear do bhí ag tógáil tighe, agus do thochail go doimhin síos sa talamh, agus do chuir an bun ar an gcarraig: agus nuair tháinig an tuile, do bhuail an rabharta i gcoinnibh an tighe sin, agus níor fhéad sé a chorrú: óir do bhí sé tógtha go daingean. 49 Acht an té éisteas, agus nach ndéanann, is cosmhail eisean le fear do thóg teach ar an gcré gan bun faoi; agus gur bhuail an tuile ’n‐a choinnibh, agus do thuit sé ar an láthair; agus ba mhór é tuitim an tighe sin. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society