Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Déanaidh gáirdeachas, an lá sin, agus léimneach: óir féach, is mór é bhúr luaigheacht ar neamh: óir is mar sin do‐rinne a sinnsir é leis na fáidhibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Bíodh lúcháir oraibh sa lá úd, agus léimigí le háthas, mar féachaigí, is mór é bhur luach saothair ar neamh; mar is ar an nós ceannann céanna a dhéanadh a n‑aithreachasan géarleanúint ar na fáithe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Bíodh áthas oraibh an lá sin agus éirighigidh i n-áirde le lúthgháir: óir féach, is mór bhur luach saothair ar neamh; óir is mar sin a ghníodh a n-aithreacha leis na fáidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Déunuidh gáirdeachus an lá sin, agus éirghidh a náirde ré lúthgháire: óir, féuch, as mór bhur lúaidheachd ar neamh: oír as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na faibhibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Deinidh gáirdeachas an lá san, agus mórtais: óir féach, is mór é bhúr dtuarasdal ar neamh: óir is mar sin a dhein a sínsear é leis na fáidhibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Bígí lúcháireach an lá sin, bígí ag léimneach le háthas, óir féach, is mór é bhur dtuarastal ar Neamh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n-aithreacha leis na fáithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 Bígí lúcháireach an lá sin, bígí ag léimneach le háthas, óir féach, is mór é bhur dtuarastal ar neamh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n‑aithreacha leis na fáithe.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:23
45 Tagairtí Cros  

Bíodh áthas oraibh agus lúthgháir, mar is mór é bhúr luach saothair ar neamh; óir ar an gcuma chéadna is eadh do ciapadh na fáidhe tháinig rómhaibh.


Agus tharla, nuair do‐chuala Elisabet beannachadh Mhuire, gur bhíodhg an naoidheanán ’n‐a broinn; agus do líonadh Elisabet de’n Spiorad Naomh;


Óir féach, chómh luath agus táinig guth do bheannachta im’ chluasaibh, do bhíodhg an naoidheanán le h‐áthas im’ bhroinn.


Acht tabhraidh‐se grád do bhúr náimhdibh, agus déanaidh maith, agus tabhraidh iasacht uaibh gan bheith ag súil le h‐aiseag; agus béidh bhúr luaigheacht an‐mhór, agus béidh sibh ’n‐bhúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le lucht an díombuidheachais agus le droch‐dhaoinibh.


adubhairt sé de ghuth árd, Éírigh id’ sheasamh go díreach ar do chosaibh. Agus d’éirigh sé de léim, agus do shiubhail sé.


Agus ag preabadh ’n‐a sheasamh dhó, do shiubhail sé; agus do chuaidh sé i n‐éinfheacht leo isteach san teampall, agus é ag siubhal, agus ag léimrigh, agus ag moladh Dé:


Agus d’imthigheadar‐san as láthair na h‐árd‐chómhairle, agus athás mór ortha de chionn gur measadh gurbh fhiú iad easonóir d’fhulang ar son an Ainme.


Agus thairis sin, is adhbhar mórtais dúinn ár gcathuighthe féin; agus a fhios againn go dtugann cathú foighid;


D’á bhrigh sin bainim aoibhneas as na laigeachtaibh, as na maslaibh, as na géirleanamhaintibh, as na h‐anachnaibh, ar son Chríost, óir is i n‐am mo laige is mó bhím láidir.


Do‐ghním gáirdeachas anois i lár mo bhuaidheartha ar bhur son, agus líonaim suas im’ fheoil féin an méid de phiantaibh Chríost atá i n‐easnamh ar son a chuirp,


má sheasaimíd go dian, riaghlóchaimíd i n‐éinfheacht leis: má shéanaimíd é, séanfaidh seisean sinne, leis:


g‐á mheas gur mó dob’ fhearr masla Chríost mar shaidhbhreas ’ná seoda na hÉigipte: óir do bhí sé ag súil leis an luach saothair.


agus gan creideamh ní féidir taithneamh leis: óir an té thig chum Dé, ní foláir dó a chreideamhain go bhfuil sé ann, agus go dtugann sé luach a saothair do na daoinibh loirgeas é.


Ná measaidh acht gur adhbhar áthais ar fad é, a bhráithre,


acht ó tá sibh rannpháirteach ’n‐ar fhulaing Críost, déanaidh gáirdeachas; chum go mbéidh áthas agus árd‐mheanma oraibh, chómh maith, nuair foillseochar a ghlóir.


An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad dó‐san cuid de’n mhanna foluighthe, agus do‐bhéarfad dhó cloch gheal, agus ainm nua scríobhtha ar an gcloich, nach bhfuil eolas air ag aoinneach, acht ag an té gheibheas í.


Agus an té bheireas buaidh, agus choimheádas m’oibreacha go deireadh, do‐bhéarfad dó‐san ughdarás os cionn na náisiún,


An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad dó‐san toradh le n’ithe de chrann na beathadh atá i bpárrthas Dé.


An té bheireas buaidh, béidh sé ’n‐a oidhre ar na neithibh seo: agus béidhead mar Dhia aige, agus béidh seisean mar mhac agam‐sa.


An té bheireas buaidh, déanfad colamhan i dteampall mo Dhé dhe, agus ní imtheochaidh sé amach as go deoidh: agus scríobhfad ainm mo Dhé air, agus ainm cathrach mo Dhé, Iarúsalem nua thig anuas as neamh óm’ Dhia, agus m’ainm nua féin.


An té bheireas buaidh, clúdóchar é ar an gcuma sin le h‐éadaighibh geala; agus ní scriosfad a ainm amach choidhche as leabhar na beathadh, agus admhóchad a ainm i láthair m’Athar agus i láthair a aingeal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí