Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Deinidh gáirdeachas an lá san, agus mórtais: óir féach, is mór é bhúr dtuarasdal ar neamh: óir is mar sin a dhein a sínsear é leis na fáidhibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Bíodh lúcháir oraibh sa lá úd, agus léimigí le háthas, mar féachaigí, is mór é bhur luach saothair ar neamh; mar is ar an nós ceannann céanna a dhéanadh a n‑aithreachasan géarleanúint ar na fáithe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Bíodh áthas oraibh an lá sin agus éirighigidh i n-áirde le lúthgháir: óir féach, is mór bhur luach saothair ar neamh; óir is mar sin a ghníodh a n-aithreacha leis na fáidhe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Déanaidh gáirdeachas, an lá sin, agus léimneach: óir féach, is mór é bhúr luaigheacht ar neamh: óir is mar sin do‐rinne a sinnsir é leis na fáidhibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Déunuidh gáirdeachus an lá sin, agus éirghidh a náirde ré lúthgháire: óir, féuch, as mór bhur lúaidheachd ar neamh: oír as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na faibhibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Bígí lúcháireach an lá sin, bígí ag léimneach le háthas, óir féach, is mór é bhur dtuarastal ar Neamh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n-aithreacha leis na fáithe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 Bígí lúcháireach an lá sin, bígí ag léimneach le háthas, óir féach, is mór é bhur dtuarastal ar neamh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n‑aithreacha leis na fáithe.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:23
45 Tagairtí Cros  

Bíodh móráil agus gáirdeachas oraibh, mar is mór é bhúr luacht-saothair ins na flathais; óir sin mar a ciapadh na fáidhe rómhaibh.


Agus do thárla, nuair a d’airigh Elisabet beannachadh Muire gur léim an leanbh a bhí ’n-a broinn. Agus do líonadh Elisabet de’n Spioraid Naomh.


Mar, féach, chómh luath agus chuaidh guth do bheannachta am’ chluasaibh do léim an leanbh le h-áthas am’ broinn.


Ach deinidh-se grádh thabhairt d’bhúr namhaid; deinidh maith, agus tugaidh iasacht uaibh, gan súil le nídh dh’á bhárr, agus beidh bhúr luacht saothair líonmhar, agus beidh sibh i nbhúr gclainn ag Dia na glóire; óir bíonn sé féin go maith do dhaoine ná gabhann a bhuidheachas leis, agus do dhroch-dhaoine.


Agus nuair a chonnaic na daoine cad a bhí déanta ag Pól d’árdugheadar a nglór agus dubhradar, as Licaóinis: Táid na déithe, i riochtaibh daoine, tagaithe anuas chúgainn.


Agus bhí sé ag léimrig agus ag seasamh agus ag siubhal, agus chuaidh sé i n-aonfheacht leó isteach sa teampul agus é ag siubhal agus ag léimrig agus ag moladh Dé.


Ach d’imthighdar san a’ radharc na cómhairle agus áthas ortha toisg gur tuigeadh gur bh’ fhiú iad tarcuisne thabhairt dóibh le fulang mar gheall ar ainim Íosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí