Lúcás 6:23 - An Bíobla Naofa 198123 Bígí lúcháireach an lá sin, bígí ag léimneach le háthas, óir féach, is mór é bhur dtuarastal ar neamh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n‑aithreacha leis na fáithe. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)23 Bíodh lúcháir oraibh sa lá úd, agus léimigí le háthas, mar féachaigí, is mór é bhur luach saothair ar neamh; mar is ar an nós ceannann céanna a dhéanadh a n‑aithreachasan géarleanúint ar na fáithe. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara23 Bíodh áthas oraibh an lá sin agus éirighigidh i n-áirde le lúthgháir: óir féach, is mór bhur luach saothair ar neamh; óir is mar sin a ghníodh a n-aithreacha leis na fáidhe. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)23 Déanaidh gáirdeachas, an lá sin, agus léimneach: óir féach, is mór é bhúr luaigheacht ar neamh: óir is mar sin do‐rinne a sinnsir é leis na fáidhibh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)23 Déunuidh gáirdeachus an lá sin, agus éirghidh a náirde ré lúthgháire: óir, féuch, as mór bhur lúaidheachd ar neamh: oír as mar sin do rinneadar a naithreacha ris na faibhibh. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)23 Deinidh gáirdeachas an lá san, agus mórtais: óir féach, is mór é bhúr dtuarasdal ar neamh: óir is mar sin a dhein a sínsear é leis na fáidhibh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201223 Bígí lúcháireach an lá sin, bígí ag léimneach le háthas, óir féach, is mór é bhur dtuarastal ar Neamh. Óir is sa chaoi chéanna a dhéanadh a n-aithreacha leis na fáithe. Féach an chaibidil |