Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL VI. Críost ag gabháil leathsgéil a dheisgiobol. Leigheas d’á dhéanamh aige lá na sabbóide. An dáréag dá dtoghadh aige agus seanmóin aige á thabhairt dóibh.

1 Agus do thárla go raibh sé ag gabháil tré ghortaibh arbhair an tarna céad-shabbóid, agus go raibh na deisgiobuil ag stathadh na ndias agus ’ghá gcimilt idir a mbasaibh agus ’ghá n-ithe.

2 Agus dubhairt cuid de sna Fairisínigh leó: Cad chuige dhaoibh nídh nách dleaghthach a dhéanamh sa tsabbóid?

3 Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: An amhlaidh nár léigheabhair an nídh a dhein Dáibhid nuair a bhí an t-ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n’fhochair?

4 Conus mar a chuaid sé isteach i dtigh Dé agus thóg sé na bulóga fiadhnaise agus d’ith, agus thug sé do’n muintir a bhí i n’fhochair, agus ní dleaghthach d’aoinne iad a d’ithe ach do sna sagairt?

5 Agus dubhairt sé leó: Is tighearna Mac an Duine os cionn na sabbóide féin.

6 Agus do thárla, lá eile sabbóide, go ndeaghaidh sé isteach sa tsinagóig agus go raibh sé ag teagasg; agus bhí duine ann agus bhí a lámh dheas seirgthe.

7 Agus bhí na Shgríbhneóirí agus na Fairisínigh ag faire air féachaint a’ ndéanfadh sé an leigheas lá na sabbóide, agus go mbeadh nídh acu le cur ’n-a leith.

8 Ach bhí fhios a smuínte aige, agus dubhairt sé leis an nduine n-a raibh an lámh sheirgthe aige: Eirigh, agus seasaimh i lár baill. Agus d’eirigh agus do sheasaimh.

9 Agus dubhairt Íosa leó-san: Cuirim an cheist seo chúghaibh, cé ’cu is cóir maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid, anam do shaoradh nó é mhilleadh?

10 Agus d’fhéach sé ortha sa tímpal, agus dubhairt leis an nduine: Sín amach do lámh. Do shín; agus bhí sí slán aige.

11 Agus bhíodar-san lán de mhí-chiall, agus bhíodar ag caint eatartha féin féachaint cad a dhéanfaidís le h-Íosa.

12 Agus do thárla ins na laethanta san go ndeaghaidh sé amach ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh, agus go dtug sé an oidhche ag guidhe chun Dé.

13 Agus nuair a tháinig an lá do ghlaoidh sé chuige a dheisgiobuil, agus do thogh sé dáréag acu, agus thug sé Aspoil mar ainim ortha san;

14 Símón, ar ar thug sé Peadar, agus a dhritháir Aindrias, Séamus agus Eóin, Pilib agus Bartoleméus,

15 Maitiú agus Tomás, Séamus mac Alphéuis agus Símón ar a dtugtar Sélótés,

16 Agus Iúdás dritháir Iacóib, agus Iúdás Iscariót, an fear a dhíol é.

17 Agus tháinig sé anuas i n-aonfheacht leó, agus sheasaimh sé ar áit leibhéalta, agus cruinniú dá dheisgiobuil agus sluagh mhór daoine ó Iúdaéa go léir agus ó Ierúsalem, agus ó chríochaibh Tuíre agus Sídóin cois na faraige,

18 Daoine a tháinig chun go n-éistfidís leis agus chun go leighisfí iad ó n-a ngalaraibh. Agus an muintir a bhí d’á gciapadh ag spioraidíbh neamhghlana do leighiseadh iad.

19 Agus bhí an tsluagh go léir a d’iarraidh teangabháil leis, óir bhí cómhacht ag dul amach uaidh a bhí ag slánú gach aoinne.

20 Agus tóg sé suas a shúile agus d’fhéach sé ar a dheisgiobuil agus dubhairt: Is aoibhinn daoibh-se a daoine atá bocht, óir is libh rígheacht Dé.

21 Is aoibhinn daoibh-se ar a bhfuil an t-ocras anois, óir gheobhaidh sibh bhúr sáith. Is aoibhinn daoibh-se atá anois ag gol, óir gáirfidh sibh.

22 Is aoibhinn daoibh-se nuair a thabharfaid na daoine fuath dhaoibh, agus a shéanfaid siad sibh, agus thabharfaid siad tarcuisne dhaoibh, agus nuair a chuirfid siad bhúr n-ainim amach ’n-a droch-ainim, mar gheall ar Mhac an Duine.

23 Deinidh gáirdeachas an lá san, agus mórtais: óir féach, is mór é bhúr dtuarasdal ar neamh: óir is mar sin a dhein a sínsear é leis na fáidhibh.

24 Ach is mairg daoibh-se, a dhaoine saidhbhre, óir tá bhúr sólás agaibh.

25 Is mairg daoibh-se atá sáitheach, óir beidh sibh ocrach. Is mairg daoibh-se atá anois ag gáirí, óir beidh sibh ag gol agus ag caoi.

26 Is mairg daoibh nuair a bheid na daoine ag beannachtaí oraibh, óir sin mar a dheineadh a sínsear leis na fáidhibh fallsa.

27 Ach deirim libh-se atá ag éisteacht liom: Tugaidh grádh d’bhúr namhaid, deinidh maith do’n mhuintir a thabharfaidh fuath daoibh.

28 Tugaidh beannacht do’n mhuintir a thabharfaidh mallacht daoibh, agus deinidh guidhe ar an muintir a dhéanfaidh tromaidheacht oraibh.

29 Agus an t-é a bhuailfidh thu ar leacain leat, iompuigh chuige an leaca eile; agus má bheireann duine do bhrat uait, leig leis do chasóg chómh maith.

30 Gach aoinne a dh’iarrfaidh rud ort, tabhair dó é; agus má bheireann duine do chuid uait ná h-éilimh thar n-ais air é.

31 Agus fé mar ba mhaith libh a dhéanfadh daoine libh deinidh-se leó.

32 Má thugann sibh grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhaoibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Tugaid na peacacha grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhóibh.

33 Agus má dheineann sibh maith do’n mhuintir a dheineann maith dhaoibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Ar ndó deinid na peacacha an nídh sin.

34 Agus má thugann sibh iasacht do’n mhuintir ó n-ar dóigh libh go mbeidh iasacht le fághail agaibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Óir tugaid na peacacha iasachtaí uatha do pheacachaibh ag súil le n-a gcothrom a dh’fhághail thar n-ais.

35 Ach deinidh-se grádh thabhairt d’bhúr namhaid; deinidh maith, agus tugaidh iasacht uaibh, gan súil le nídh dh’á bhárr, agus beidh bhúr luacht saothair líonmhar, agus beidh sibh i nbhúr gclainn ag Dia na glóire; óir bíonn sé féin go maith do dhaoine ná gabhann a bhuidheachas leis, agus do dhroch-dhaoine.

36 Bhídhidh, d’á bhrígh sin, atruaghach fé mar atá bhúr n-Athair atruaghach.

37 Ná tugaidh breith, agus ní tabharfar breith oraibh; ná daoraidh, agus ní daorfar sibh; maithidh, agus maithfar daoibh.

38 Tugaidh uaibh, agus tabharfar daoibh: tómhas maith, díngthe, croithte, cruachta, iseadh chuirfid siad i nbhúr n-ucht chúghaibh. Óir mar a thómhaisfidh sibh uaibh iseadh a tómhasfar chúghaibh thar n-ais.

39 Agus ansan do labhair sé soluíd leó: An féidir do dhall dall a ghiollacht? Ná tuitfid siad araon sa díg?

40 Ní’l an deisgiobul os cionn a mháighistir; tá duine go sár-mhaith má tá sé mar atá a mháighistir.

41 Cad uime, ámhthach, go bhfeiceann tú an dúradán i súil do bhráthar, agus ná tugann tú fé ndeara an tsail atá ad’ súil féin?

42 Nó conus is féidir duit a rádh le t’bhráthair: A bhráthair, leig dom an dúradán a bhaint as do súil, agus ná feiceann tú an tsail ad’ shúil féin? A chluanaidhe, bain an tsail ar dtúis as do shúil féin, agus ansan chífir conus an dúradán a bhaint a’ súil do bhráthar.

43 Óir ní’l crann fóghanta a thugann droch-thoradh uaidh, ná droch-chrann a thugann toradh fóghanta uaidh.

44 Mar aithnightear gach crann as a thoradh. Óir ní bailightear fígí de sgeachaibh ná caora fíneamhna de dhriseach.

45 Tugann an deagh-dhuine an deagh-nídh amach a’ deagh-stór a chroidhe féin; agus tugann an droch-dhuine an droch-nídh amach a’ droch-stór a chroidhe; óir a’ flúirse an chroidhe is eadh do labhrann an béal.

46 Agus cad chuige go ndeir sibh liom-sa, A Thighearna, a Thighearna, agus ná deineann sibh an rud adeirim?

47 Gach duine a thagann chúgham-sa agus d’éisteann le m’ chaint agus a dheineann d’á réir taisbeánfad daoibh cé leis gur cosmhail é:

48 Is cosmhail é le fear a bhí ag déanamh tighe agus do rómhar sé síos go doimhinn gur chuir sé an chloch-bhuinn ar an gcaraig; agus tháinig an tuile agus do buaileadh an tigh sin go dian ach níor coruigheadh é, mar bhí sé daingean ar an gcaraig.

49 Ach an t-é a chloiseann agus ná deineann, is cosmhail é leis an bhfear a dhein a thigh ar an gcré gan chloich bhuinn, agus gur bhuail an tuile ’n-a choinnibh, agus do thuit sé láithreach, agus ba thiubaisteach é tuitim an tighe sin.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí