Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:47 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 Gach duine a thagann chúgham-sa agus d’éisteann le m’ chaint agus a dheineann d’á réir taisbeánfad daoibh cé leis gur cosmhail é:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

47 Ach inseoidh mé daoibh cad é a bhfuil sé cosúil leis, an té sin a éisteas le mo bhriathra agus a chuireas i ngníomh iad:

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

47 Gach aoinneach dá dtig chugam-sa, agus a éisteas le mo bhriathra, agus a ghní dá réir, taisbeánfaidh mé díbh cé leis ar cosamhail é:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 Gach duine thig chugamsa, agus éisteas lem’ bhriathraibh, agus do‐ghní d’á réir, taisbeánfad daoibh cia leis gur cosmhail é:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

47 Gach uile neach thig chugamsa, agus éisdeas rém bhríaththruibh, agus do ní dhá reir, foillséochuidh mé dháoibhsi cía ré ar cosmhuil é:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

47 “Gach aon duine a thagann chugam agus a chluineann mo bhriathra agus a dhéanann dá réir, taispeánfaidh mé daoibh cé leis a bhfuil sé cosúil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

47 “Gach aon duine a thagann chugam agus a chluineann mo bhriathra agus a dhéanann dá réir, taispeánfaidh mé daoibh cé leis a bhfuil sé cosúil.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:47
30 Tagairtí Cros  

Óir pé duine a dhéanfaidh toil m’Athar-sa atá ins na flathais, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.


Le linn na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall soillseach iad; agus féach, guth as an sgamall, agus dubhairt: Sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann: éistidh leis.


Ach dubhairt seisean: Abair, ámhthach, is beannuighthe an mhuintir a chloiseann briathar Dé agus do choimeádann é.


Má thagann duine chúgham-sa agus gan fuath aige d’á athair agus d’á mháthair, agus d’á mhnaoi agus d’á chlainn, agus d’á dhritháracha agus d’á dhriféaracha, agus fós d’á anam féin, ní féidir dó bheith ’n-a dheisgiobul agam.


Is cosmhail é le fear a bhí ag déanamh tighe agus do rómhar sé síos go doimhinn gur chuir sé an chloch-bhuinn ar an gcaraig; agus tháinig an tuile agus do buaileadh an tigh sin go dian ach níor coruigheadh é, mar bhí sé daingean ar an gcaraig.


Agus an chuid a thuiteann ar an gcaraig, siniad an mhuintir a ghlacann an focal le h-áthas nuair airighid siad é; ach ní bhíd na préacha acu san; creidid siad ar feadh tamaill agus i n-am an chatha téighid siad ar gcúl.


Agus do thuit tuille de sa talamh fóghanta agus d’fhás sé, agus thug sé toradh fó chéad. Nuair a dubhairt sé an méid sin do labhair sé árd: An t-é go bhfuil cluasa le h-éisteacht air cloiseadh sé.


Éistid mo chaoíre-se le m’ ghlór, agus aithnighim-se iad, agus leanaid siad mé.


Má tá fhios agaibh na neithe sin, is aoibhinn daoibh má dheineann sibh iad.


Má tá grádh agaibh dom coimeádaidh m’aitheanta.


Agus ní h-áil libh teacht chúgham i dtreó go mbeadh an bheatha agaibh.


Ansan dubhairt Íosa leó: Mise arán na beatha; an t-é a thiocfaidh chúgham-sa ní bheidh ocras air; agus an t-é a chreidfidh ionam-sa ní bheidh tart air choidhche.


Gach nídh d’á bhfuil tabhartha dhómh-sa ag m’ Athair tiocfaidh sé chúgham, agus an t-é a thiocfaidh chúgham ní chaithfead amach é.


Ansan dubhairt na Iúdaigh: Tá fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Ábraham marbh, agus na fáidhe, agus deirir-se, Má choimeádann duine mo bhriathar-sa ní bhlaisfidh sé bás go deó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí