Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus dubhairt Íosa leó-san: Cuirim an cheist seo chúghaibh, cé ’cu is cóir maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid, anam do shaoradh nó é mhilleadh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Agus dúirt Íosa leo, “Is í an cheist a chuirim oraibh, cé acu den dá ní sin is ceadmhach lá na sabóide, maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh, beo duine a tharrtháil nó bás duine a thabhairt?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus dubhairt Íosa leo: Fiafruighim díbh, an cóir maith a dhéanamh ar an tsabóid, nó olc; anam a shábháil, nó a mhilleadh?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus d’éirigh sé agus do sheas. Agus adubhairt Íosa leo, Fiafruighim díbh, Ciaca is cóir maith do dhéanamh, nó olc do dhéanamh, ar an tsabóid, anam duine do shlánú, nó do mhilleadh?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Ann sin a dubhairt Iósa ríusan, Fíafróchaidh misi dhíbhsi ní áirighe An cóir maith do dheanamh, nó olc dhéanamh sá tsábbóid? anum do shábháil, nó do sgrios?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Dúirt Íosa leo: “Fiafraím díbh, cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t-olc, anam a shaoradh nó a mhilleadh?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Dúirt Íosa leo: “Fiafraím díbh, cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t‑olc, anam a shaoradh nó a mhilleadh?”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:9
7 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt sé leó-san: Cé ’cu is dleaghthach, maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid? anam duine do shaoradh nó do mhilleadh? Níor labhradar-san focal.


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis an lucht dlíghe agus leis na Fairisínigh: An ceart leigheas a dhéanamh sa tsabbóid?


Agus d’fhéach sé ortha sa tímpal, agus dubhairt leis an nduine: Sín amach do lámh. Do shín; agus bhí sí slán aige.


Ach bhí fhios a smuínte aige, agus dubhairt sé leis an nduine n-a raibh an lámh sheirgthe aige: Eirigh, agus seasaimh i lár baill. Agus d’eirigh agus do sheasaimh.


Ní chun anamnacha do mhilleadh a tháinig Mac an Duine, ach chun iad do shábháil. Agus d’imthigheadar go baile eile.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí