Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Ach bhí fhios a smuínte aige, agus dubhairt sé leis an nduine n-a raibh an lámh sheirgthe aige: Eirigh, agus seasaimh i lár baill. Agus d’eirigh agus do sheasaimh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Ach bhí a fhios aige féin cé hiad na smaointe a bhí ina n‑intinn, agus dúirt sé leis an bhfear a raibh an leathlámh sheargtha air, “Éirigh i do sheasamh agus seas amach i lár an tí.” Agus dʼéirigh sé agus sheas sé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Acht bhí fios a smaointe aige-sean, agus dubhairt sé leis an duine a raibh an lámh sheargtha air: Éirigh agus seasuigh i lár báire. Agus d’éirigh seisean agus sheasuigh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Acht d’aithnigh seisean a smaointe; agus adubhairt sé le fear na láimhe seargtha, Éirigh id’ sheasamh, agus seas i lár baill.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Achd daithin seisean a smúaintighthe, agus a dubhairt sé ris an duine agá raibh an lámh sheargthuigh, Eirigh, agus seas a lar cháich. Agus do éirigh seision agus do sheas sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Ach bhí fios a smaointe aige agus dúirt le fear na láimhe seargtha: “Éirigh i do sheasamh os comhair cách.” Dʼéirigh sé ina sheasamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Ach bhí fios a smaointe aige agus dúirt le fear na láimhe seargtha: “Éirigh i do sheasamh os comhair chách.” D'éirigh sé ina sheasamh.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:8
19 Tagairtí Cros  

Agus ó chonaic Íosa na smuínte a bhí acu, dubhairt sé: Cad chuige dhaoibh na droch-smuínte bheith i nbhúr gcroidhthibh agaibh?


Agus dubhairt sé leis an bhfear: Seasaimh amach anso i lár baill.


Agus nuair a chonaic Íosa í do ghlaoidh sé chuige uirthi, agus dubhairt sé léi: A bhean, táir sgartha led’ghearán.


Ach ó bhí fios a smuínte ag Íosa d’fhreagair sé iad agus dubhairt: Cad chuige an machtnamh so i nbhúr gcroidhe agaibh?


Agus dubhairt Íosa leó-san: Cuirim an cheist seo chúghaibh, cé ’cu is cóir maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid, anam do shaoradh nó é mhilleadh?


Agus toisg gan aon ghádh bheith aige le teistiméireacht ó aoinne ar aon duine; óir dob’ eól dó féin cad a bhí sa duine.


Dubhairt sé leis: Dein m’ uain do chothú. Dubhairt sé leis an trímhadh h-uair: A Shímóin mhic Eóin, an bhfuil grádh agat dom? Tháinigh buairt ar Pheadar, toisg é ’ghá rádh leis an trímhadh h-uair: An bhfuil grádh agat dom? Agus dubhairt sé leis: A Thighearna, tá fios gach uile nídh agat-sa; tá ’fhios agat go bhfuil grádh agam duit. Dubhairt sé leis: dein mo chaoire do chothú.


Tá orm-sa oibreacha an t-é a chuir uaidh mé do dhéanamh an fhaid atá an lá ann; tá an oidhche ag teacht nuair nách féidir d’aoinne obair a dhéanamh.


Ach ní h-eagal liom aon nídh dhíobh san ná ní mheasaim gur mó is fiú mo bheatha ’ná me féin, ach go gcomhlíonfad mo thurus, agus seirbhís an bhréithir, a fuaras ó’n dtighearna Íosa, fiadhnuise dhéanamh ar shoisgéal ghrásta Dé.


Tá eolus ar na neithibh seo ag an rí atá ag éisteacht le m’chainnt gan sgáth; óir ní mheasaim gur féidir aon níd acu bheith lasmuigh d’á eólus. Ní h-i gcúinne a deineadh aon nídh acu.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí