Lúcás 6:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)8 Acht d’aithnigh seisean a smaointe; agus adubhairt sé le fear na láimhe seargtha, Éirigh id’ sheasamh, agus seas i lár baill. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)8 Ach bhí a fhios aige féin cé hiad na smaointe a bhí ina n‑intinn, agus dúirt sé leis an bhfear a raibh an leathlámh sheargtha air, “Éirigh i do sheasamh agus seas amach i lár an tí.” Agus dʼéirigh sé agus sheas sé. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara8 Acht bhí fios a smaointe aige-sean, agus dubhairt sé leis an duine a raibh an lámh sheargtha air: Éirigh agus seasuigh i lár báire. Agus d’éirigh seisean agus sheasuigh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)8 Achd daithin seisean a smúaintighthe, agus a dubhairt sé ris an duine agá raibh an lámh sheargthuigh, Eirigh, agus seas a lar cháich. Agus do éirigh seision agus do sheas sé. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)8 Ach bhí fhios a smuínte aige, agus dubhairt sé leis an nduine n-a raibh an lámh sheirgthe aige: Eirigh, agus seasaimh i lár baill. Agus d’eirigh agus do sheasaimh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20128 Ach bhí fios a smaointe aige agus dúirt le fear na láimhe seargtha: “Éirigh i do sheasamh os comhair cách.” Dʼéirigh sé ina sheasamh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19818 Ach bhí fios a smaointe aige agus dúirt le fear na láimhe seargtha: “Éirigh i do sheasamh os comhair chách.” D'éirigh sé ina sheasamh. Féach an chaibidil |
Adubhairt sé leis an tríomhadh h‐uair, A Shíomóin Eoin, An ionmhain leat mé? Do ghoill sé ar Pheadar go ndubhairt sé leis an tríomhadh h‐uair, An ionmhain leat mé? Agus adubhairt sé leis, A Thighearna, is eol duit an uile nidh; atá a fhios agat gur ab ionmhain liom thú. Adubhairt Íosa leis, Beathuigh mo chaoirigh.