Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 6:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus nuair a tháinig an lá do ghlaoidh sé chuige a dheisgiobuil, agus do thogh sé dáréag acu, agus thug sé Aspoil mar ainim ortha san;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Ansin nuair a tháinig an lá, ghlaoigh sé a dheisceabail chuige, agus thogh sé dáréag amach astu, ar thug sé aspail orthu;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Agus nuair a tháinic an lá, ghoir sé chuige a dheisciobail, agus thogh sé dáréag acu, (a dtug sé Abstail ortha).

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Agus nuair tháinig an lá, do ghlaodh sé chuige a dheisceabail: agus do thogh sé dáréag aca, d’as ghoir sé apstail;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus ar néirghe don lá, do ghoir sé a dhesiciobail chuige: agus do thogh sé dhá fhéar dhéug asda, dár ghoir se absdail;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Agus nuair a bhí ina lá, ghair sé chuige a dheisceabail, agus thogh dáréag astu agus thug mar ainm orthu, aspail:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 Agus nuair a bhí ina lá, ghoir sé chuige a dheisceabail, agus thogh dáréag astu agus thug mar ainm orthu, aspail:

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 6:13
20 Tagairtí Cros  

Agus sidiad ainimneacha an dáréag aspol: Símón an chéad duine, agus Peadar a tugtar air; agus Aindrias a dhritháir.


Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim libh, sibh-se do lean mé, sa n-aithgheineamhaint, nuair a shuidhfidh Mac an Duine i gcathaoir a ghradaim, súidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil.


Agus chonaic sé na sluaighte daoine agus tháinig truagh aige dhóibh, mar go rabhadar go mí-ádhbharach, caithte mar bheadh caoire gan aodhaire.


Agus tháinig na h-Aspoil chun Íosa, agus d’innseadar dó gach nídh, a raibh déanta acu agus a raibh múinte acu.


Agus ghlaoidh sé chuige an dáréag, agus thosnuigh sé ar iad do chur uaidh ’n-a mbeirt a’r ’n-a mbeirt, agus thug sé dhóibh cumas ar na spioraidíbh truaillighthe.


Uime sin iseadh adubhairt eagna Dé: Cuirfead chúcha fáidhí agus aspoil agus déanfaid siad cuid acu do mharbhú agus do chrádh;


Sibh a bheith ag ithe agus ag ól as mo bhórd, am’ rígheacht, agus i nbhúr suidhe ar chathaoireachaibh ríoga ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil.


Símón, ar ar thug sé Peadar, agus a dhritháir Aindrias, Séamus agus Eóin, Pilib agus Bartoleméus,


Agus dubhairt na deisgiobuil eatartha féin: An féidir gur thug aoinne rud le n-ithe chuige?


Agus nuair a thánadar isteach chuadar suas go dtí an seómra uachtárach mar a raibh Peadar agus Eóin ag fanmhaint, agus Séamus agus Aindrias, Pilib agus Tomás, Bartolomaeus agus Maitiú, Séamus Alphéis agus Símón Sélotés agus Iúdás mac Séamuis.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí